9.7.09

Dialannaíocht


Má tá fianaise uainn nár theagmhaigh meon na hAthbheochana Léinn le litríocht na Gaeilge in Éirinn (murab ionann agus an litríocht a scríobhadh nó a foilsíodh thar lear, go háirithe i Lobháin sa seachtú haois déag) ní gá dúinn ach breathnú ar stair na dialannaíochta. Ní luann Breandán Ó Madagáin ach trí chuntas a bhféadfaí a rá fúthu gur dialanna iad: Cín Lae Uí Chianáin (1607-8), Cín Lae Uí Mhealláin (1641-7) agus Cín Lae Chathail Uí Chonchúir (1728-9). Dúirt Donal O’Sullivan faoi chuid Uí Chonchúir gur ‘commonplace books’ iad na leabhair nótaí a bhfuil siad iontu. B’fhéidir é ach bhí O’Sullivan riamh teann as a thuairimíocht féin agus thabharfainn féin ‘cín lae’ nó ‘dialann’ ar aon cháipéis a bhfuil dátaí nó fiú tréimhse ama luaite léi agus a thráchtanna ar imeachtaí nó ar eachtraí ó lá go lá nó ó thráth go tráth. Ar an gcaoi sin bheadh fonn orm glacadh le cuid Thaidhg Uí Neachtain i lámhscríbhinn 1404 san Acadamh Ríoga (24 P 41) – aistriúcháin go Gaeilge ar shleachta as nuachtáin – mar dhialann de shaghas áirithe.

1723 Sep. an 5 lá. Cuir Sophia Mór na Persia, Ismael Bec a theachta iolchumhachtach go Impir saruasal na Ruisia dar bhainim Peadar.


D’fhéadfadh sé go bhfuil dialanna den chineál sin nó de chineálacha eile i measc sna lámhscríbhinní.

Ach ní féidir a rá – ach an oiread agus is féidir a rá faoi Chín Lae Amhlaoibh – gur dialanna pearsanta iad sin. Is é sin, dialanna ina labhrann an dialannaí leis féin, go ndéanann sé nó sí cur síos ar a chuid smaointe agus ar a chuid mothúchán féin. Níor tháinig an cineál sin dialannaíochta isteach sa Ghaeilge go bhfios dom go dtí aimsir na athbheochana seo againn féin – aimsir Chonradh na Gaeilge, aimsir an Ath-Ghaelachais, más maith leat.
Tá bailiúchán beag deas dialanna againn ón tréimhse sin agus ón tréimshe ina dhiaidh. Ní anseo ach an chuid a ritheann liom ag an bpointe seo: Dubhglas de hÍde, Piaras Béaslaí, Éamonn Mac Giolla Iasachta, Micheál Mac Liammóir, Tomás Ó Criomhthain, Seán Ó Ríordáin. Go bhfios dom, ach amháin cuid Thomáis Uí Chriomhthain, níl aon cheann de na dialanna sin curtha i gcló ina hiomláine. Ansin tá roinnt againn ónar linn féin atá foilsithe agus curtha i gcló: Micheál de Barra, Peadar Kirby, Liam Mac Cóil, Seán Ó Lúing, Gabriel Rosenstock. Táim cinnte go bhfuil tuilleadh ann.
Agus sin gan trácht orainne – lucht na mblag.