18.8.09

Ar thóir an chomhfhreagrais

An té a bheadh ag iarraidh bailiúchán de litreacha Gaeilge a chur le chéile níor mhiste dó na deacrachtaí a mheas ar dtús. An chéad deacracht, teacht orthu. Tá 743 leathanach san innéacs ginearálta a ghabhann le Catalóg na Lámhscríbhinní Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Rinne Kathleen Mulchrone agus a cuntóirí éacht oibre. Mar sin féin, tar éis di cúpla lámhscríbhinn a lua faoin teideal 'Correspondence' deir sí: 'See also under proper names of correspondents.' Ag cur san áireamh nach bhfuil a fhios againn cé hiad na 'correspondents' – sin díreach an rud a theastaíonn uainn a fháil amach – caithfidh muid dul trí an innéacs ainm ar ainm. Tá go maith. Ach níl aon innéacs ag dul leis an gcatalóg de na lámhscríbhinní sa Leabharlann Náisiúnta. Níl an catalógú críochnaithe.

Deacracht eile an daille teanga a bhuaileann daoine áirithe agus iad in ainm is a bheith ag insint dúinn faoina bhfuil sna lámhscríbhinní. Ní fheiceann siad an Ghaeilge nó má fheiceann ní luann í. Mar shampla, sa Nuachtlitir is déanaí ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, tá cur síos ar Pháipéir Inse Uí Chuinn. Luaitear an 'bailiúchán leathan litreacha' le muintir Uí Bhriain agus daoine eile atá ann agus deirtear gur ‘díol suime ar leith é’ an bailiúchán céanna etc. Ach ní deirtear cé acu an bhfuil aon chuid den chomhfhreagras sin i nGaeilge, bíodh is gur cosúil go dtéann doiciméid áirithe sa bhailiúchán siar go dtí an séú haois déag.



Éamonn Mac Giolla Iasachta a thosaigh ar an ábhar a chatalógú sna 1940í,i gCaisleán Dhrom Ólainn, rinne John Ainsworth ‘féilire’, agus deir an Nuacht linn go bhfuil an catalógú ar an iomlán críochnaithe anois. Tá an catalóg iomlán sin ar fáil ar shuíomh na Leabharlainne. Is é Brian Kirby a rinne é agus is iontach an áis í. Le fáil amach faoin gcomhfhreagras Gaeilge ní mór dúinn breathnú air.

Ach seo rud eile atá iontach. Níl aon phlé sa doiciméad Béarla seo, ‘Collection List No. 143: Inchiquin Papers,’ ar an teanga a bhfuil na doiciméid scríofa inti. Nuair nach ndeirtear a mhalairt linn, caithfimid glacadh leis gur i mBéarla atá siad. Chuir mé an focal ‘Irish’ san áis chuardaigh a théann leis an gcomhad PDF. Níor aimsigh mé ach leathdhosaen éigin tagairt don Ghaeilge. Níor aimsigh mé ach trí lámhscríbhinn ar cosúil go bhfuil míreanna Gaeilge iontu – agus tá i bhfad os cionn míle lámhscríbhinn sa bhailiúchán. Tá gníomhas Gaeilge in MS 45,669/1 agus ceann eile, is cosúil, in MS 45,700/1. Tá bailiúchán beag dánta, is cosúil in MS 45,423/1 a bhaineann leis an tréimhse 1826-1833. Sin a bhfuil. Sin a bhfuil fanta de Ghaeilge, is cosúil, i mbailiúchán mór páipéar mhuintir Uí Bhriain Inse Chuinn agus Dhrom Ólainn. Nach iontach agus nach spéisiúil. Cad a tharla? Níl aon tuairim agam.

4.8.09

Litreacha


Bealach eile lena mheas cé chomh mór is a tháinig meon na hAthbheochana Léinn chun cinn in Éirinn féachaint ar na litreacha a scríobh daoine. Ach anseo arís, dála na ndialann, ní hé an oiread sin atá ar fáil. An chéad litir a scríobhadh i nGaeilge atá fós againn, go bhfios dom, is i Leabhar na Nuachongbhála atá.

Betha 7 slainte o Fhind epscop (.i. Cilli Dara) do Aed mac Crimthainn do fhir leigind ardrig Leithi Moga (.i. Nuadat) 7 do chomarbu Choluim meic Crimhthaind 7 do phrimsenchaid Laigen ar gaes 7 eolas 7 trebaire lebur 7 feasa 7 foglomma 7 scribthar dam deired in sceoil bicse

cu cinte duit a Aed amnais.
a fhir cosinn aeb ollmais.
cian gar dom beith it ingnais.
mían dam do bith im comgnais.

Tucthar dam duanaire Meic Lonain co faiccmis a cialla na nduan filet ann. et Vale in Christo.


Mar sin a thugann R.I. Best an litir sa réamhrá a chuir sé leis an gcéad imleabhar de The Book of Leinster. Tá an ‘litir’ – arbh fhéidir gur nóta é ó scríobhaí amháin chuig scríobhaí eile – le fáil in imeall íochtarach fhóilió 206 agus deir Best faoi gurb éard tá ann: ‘the earliest epistolary composition ... in the Irish language.’ Ní móide gurb ea. Ach tá gach cuma ar an scéal gurb í an litir is luaithe í dá bhfuil ar marthain. Scríobhadh í, is cosúil, am éigin sa chéad leath den dara haois déag.

Céard eile atá sna lámhscríbhinní? Ní mórán is cosúil. Theip orm teacht ar aon tagairt d’aon litir eile go dtí gur thosaigh Ó Néill agus Ó Domhnaill ag scríobh chuig Ionadaí an Rí, Sussex, agus chuig daoine eile, sna 1560í. Tá na litreacha sin agus roinnt eile i gcló in Tobar fíorghlan Gaedhilge lgh 28-33 agus le fáil i lámhscríbhinní mar LS. Cotton, Vespsian F. XII i Leabharlann na Breataine.

Níl sé éasca teacht ar an eolas. Bíodh is go dtugann cuid de na hinnéacsa le catalóga na lámhscríbhinní iontrálacha mar ‘Litreacha’ nó ‘Letters’ nó ‘Correspondence’ ní nós coitinn é. Níl a leithéid ag Brian Ó Cuív, mar shampla, bíodh is go luann sé litreacha áirithe sa chatalóg aige. Ceann amháin as bailiúchán Sir William Fitzwilliam, mar shampla, a scríobh Mac Uibhlelind chuig an nGiúistís ag gearán faoi Ó Néill, is cosúil, am éigin sa séú haois déag (Bodleian Uimh. 2, MS. Carte 58, f. 500 - an pictiúr thuas). Ní cosúil gur cuireadh an litir seo, a thosaíonn ‘Betha 7 slánte ann so o Mhac Uibhelind do cum a giuibhsdiss’ i gcló, murab ionann agus litir eile ón Iníon Dubh a luann Ó Cuív (Uimh. 3, MS. Carte 61, f. 373). Tá litreacha níos nua-aimseartha luaite aige le fáil i Leabhar Miontuairiscí Chraobh Oll-Scoile Oxford de Chonradh na Gaeilge (Bodleian MS. Ir. d. 2).

Is spéisiúil an ní é go mbaineann cuid mhaith de na litreacha atá ar marthain ón séú agus ón seachtú haois déag le Taoisigh an Tuaiscirt – agus buíochas as a gcaomhnú ag dul d’Oifig na bPáipéar Stát i Sasana nó do na Proinsiasaigh i Lobháin. An sampla is fearr is dócha litir cháiliúil Aodha Mhóir Uí Néill chuig Mac Cochláin atá i gcló in Tobar fíorghlan Gaedhilge lch 57, agus a thosaíonn go bagarthach.

Ar mbennacht chugoiph, a Mheig Cochláin : Do ghlacamar bhar leitir acus issé thuigmid uirre nach ffuil agoiph gá dhénumh acht millsecht bhriathar acus sínteóracht aimsire.


Tá bailiúchán beag eile le fáil i measc lámhscríbhinní na bProinsiasach (LS. A 30). Litir ó Fr Bonaventura Ó Conchobhair, mar shampla, chuig Seán Ó Colgáin, dar tús: A athair onoraigh, As adhbhal an luthgháire do chuir oram a chlos bur mbeith ar biosioch. Tá thart ar sé litir sa chnuasach seo, litir Róis Ní Dhochartaigh, 16 Meán Fómhair, 1642 ina measc. Tá cuid de na litreacha seo curtha i gcló in áiteanna difriúla – litir Róis in Tobar fíorghlan Gaedhilge lch 123, mar shampla.

Taighde go leor agus léamh cuimsitheach lámhscríbhinní a theastódh le litreacha ón ochtú haois déag agus ó thús agus ó lár na naoú haoise déag a aimsiú agus a léamh agus a dtábhacht liteartha a mheas. Níl sé i gceist agam an taighde sin a dhéanamh ach ní hin le rá nach bhfillfidh mé ar an ábhar seo amach anseo.

Ach tá rud amháin cinnte. Litreacha gnó, dioplamaitiúla, cogaíochta, is ea an chuid is mó den bheagán atá ar fáil de réir gach cosúlachta. Is fada iad ón spiorad agus ón éirim a léirítear i gceann de mhórlitreacha na hAthbheochana san Iodáil, an litir a scríobh Petrarca in 1350 chuig a oide anama, Dionisius de Burgo Sancti Sepulcri, faoin dreapadóireacht a rinne sé ar Mons Ventosus, agus a dtugtar 'De ascensu Montis Ventosi' uirthi. Fillfead uirthi sin freisin, le cúnamh Dé.