29.1.10

Fionn in Ifreann


Bhí mé ag leanúint na mblaganna faoin bhFiannaíocht mar seo is mar siúd, agus san am céanna thosaigh mé ag léamh Early Christian Ireland le T.M. Charles-Edwards, agus an chaibidil faoi chéad easpag na nGael, Palladius, go háirithe. Cuireann Charles-Edwards teacht Phalladius go hÉirinn (‘Collait’ a ainm sa tSean-Ghaeilge) i gcomhthéacs an aighnis diagachta san Eaglais ag an am idir Pelagius (tig leis an dea-dhuine a bheith slánaithe bíodh nár chuala riamh faoi Íosa Críost – ní hann do ‘Pheaca an tSinsir’) agus Agaistín (is ann do ‘Pheaca an tSinsir’ de bhrí gur tríd an gcollaíocht a thagann an duine ar an saol mar sin ní hann don dea-dhuine gan creideamh in Íosa Críost agus gan ghrásta an bhaiste).

Aighneas mór bunúsach é. Tógaimis Job sa Sean-Tiomna mar shampla. Ar slánaíodh é toisc gur dea-dhuine é mar a mhaígh Pelagius? Nó, mar a mhaígh Agaistín, toisc gur réamhtheachtaí do Chríost é gan fhios dó féin, fáidh nó fáideoireacht neamh-chomhfhiosach. Is leis na Gaeil a chosaint ar Phelagius, cuid mhaith, a cuireadh Palladius go hÉirinn.

Ansin, léigh mé an méid seo Charles-Edwards ar lgh 209-10:

To judge by the opinions generally held in the late seventh century, these issues of the good pagan (or gentile) and prophecy of Christ came to be of direct concern to churchmen within Ireland. What seems to have happened is that the Irish adopted both the good pagan of Pelagius and the prophet of Augustine.... Augustine’s prophets, translated to Ireland, were crucial in rescuing the native pre-Christian past from a wholescale condemnation to the fires of Hell.

Tugann sin comhthéacs diagachta don díospóireacht idir Oisín agus Pádraig, sárú a fhaightear go minic san Fhiannaíocht, go háirithe in Agallamh na Seanórach. Blaiseadh beag den díospóireacht an cúpla rann seo a leanas as Laoithe na Féinne leis an Seabhac, lch 23 (sa chuid a dtugann sé ‘Agallamh Oisín agus Phádraig’ air).

Cionnus dob fhéidir le dia
ná a chliar bheith níos fearr

ná Fionn, flaith na bhFiann

duine fial do bhí gan cháim.


Gach a n-abair tusa ’sa an chliar

do réir riaghlach Ríogh na Reann

do bhí súd ag Fiannaibh Finn
is táid i bhFlaitheas Dé go teann. ...

Adeir tusa nach téid fial

go hIfreann na bpian go bráth,

ní raibh aon neach san bhFiann

nach raibh fial ameasc cách.

Cuireann an comhthéacs diagachta sin faobhar le fiú is an scéil ghrinn seo ón séú haois déag.

Tugann sé freisin toise eile do cheann de phríomhchodarsnachtaí an Agallaimh, agus san Fhiannaíocht, an difear idir ceol nádúrtha an dúlra agus ceol an chloig agus cantain an tsailm.

28.1.10

An Coimhthíoch Deifnídeach



Is féidir ‘cás an duine aonair’ a rianadh siar go maith i litríocht na hEorpa – an duine atá as alt, atá ar bhealach éigin bun os cionn leis na daoine a mbíonn sé ag maireachtáil leo, nó a mbíonn sé ag plé leo – duine b’fhéidir nach mbíonn in éineacht le daoine eile mórán ar chor ar bith. Deir daoine a bhíonn ag scríobh faoin úrscéal gurb é Cervantes a thosaigh an tíopa liteartha seo nuair a scríobh sé Don Quixote.


Tá an smaoineamh tar éis a bheith ag bailiú nirt ó shin. Chuir Byron agus na Rómánsaithe leis, chuir an fealsúnaí Kierkegaard leis, agus Nietzsche. Rinne Gogol agus Dostoevsky a gcuid de, fuair scríbhneoirí nua-aoiseacha mar Knut Hamsun, Franz Kafka agus James Joyce greim air. Chuir na Marxaigh coincheap an ‘coimhthíos’ leis agus d’fhorbair lucht an eiseachais é ina dhiaidh sin agus fuaramar an eiseamláir, L’étranger, ó Albert Camus. Sna caogaidí chuir an scríbhneoir Sasanach Colin Wilson ainm air, ‘The Outsider,’ agus scríobh sé leabhar faoi.


Tá sé againn sa Ghaeilge ag dul i bhfad siar. Níl aon amhras ach gur strainséir é an Ceithearnach Caoilriabhach nó Mac na Míchomhairle. Sa seachtú haois déag, ba ‘outsiders’ iad Éamonn Ó Cléire (de bharr an alcóil) agus Tomás Ó Casaide (sagart díbeartha agus fear déirce de réir gach cosúlachta). Duine díbeartha sa ‘nua-aois’ is ea Mícheál Ó Maoláin in Deoraíocht. Agus tá gothaí go leor an choimhthís agus eiseachais ag baint le Fuíoll Fuine le Máirtín Ó Cadhain, An Uain Bheo le Diarmaid Ó Súilleabháin, agus An Coimhthíoch le Séamas Mac Conmara.


Ach tá an tíopa liteartha tar éis céim eile ar fad a thógáil le Gluaiseacht le hAlan Titley. Dá gcuirfí an cheist cé hé an duine is lú tábhacht sa tsochaí seo againne, an té atá chomh mór sin lasmuigh gur ar éigean atá sé ann, duine atá ar uireasa aon cheangal le haon duine – ceangal fola, ceangal cairdis, ceangal oibre – duine atá gan aird ar gach bealach, cé déarfá? Ag caint faoi shaol na hÉireann dúinn, déarfá go mb’fhéidir gur duine gorm a bheadh ann, gan Béarla aige nó Gaeilge, é óg, sna déaga b’fhéidir, gan aon ghaol aige, gan chairde agus gan a ainm ar eolas ag aon duine. Sin laoch Gluaiseacht.


Dar liom gur céim mhór chun tosaigh é seo ó thaobh traidisiún liteartha na hEorpa. Is é an fáth go ndeirim é sin mar go dtí seo bhí na strainséirí, na daoine corra, na eisigh, ar fad taobh istigh den chultúr acu féin – bhí teanga na tíre acu, bhí an dath craicinn céanna acu, bhí an cultúr céanna acu a bheag nó a mhór bíodh is gur dhiúltaigh siad dó, nó gur airigh siad míshásúil é ar bhealach éigin. Ach tá laoch Titley, nach n‑ainmnítear is nach bhfuil a fhios againn cárb as dó ach amháin gur dócha gur áit éigin san Afraic é, gan aon chultúr. D’fhéadfá a rá go dtagann sé ar an saol nuair a maraítear gach duine sa bhaile beag ina raibh cónaí air agus é ag fáil uisce ón tobar. (Agus mura bhfuil an scéal léite agat, b’fhéidir gur mhaith leat stopadh anseo nó b’fhéidir gur loitiméireacht scéil nó ‘spoiler’ a bheidh sa chuid eile anseo síos.)


An íomhá is fearr air sin an gaineamhlach a mbíonn air taisteal thríd – gaineamhlach nádúrtha é, murab ionann agus an díseart a mbíonn air dul thríd san Eoraip ar díseart daonna é. An t‑aon chaidreamh sásúil a éiríonn leis a dhéanamh scriostar é sa pharrthas Eorpach a raibh sé féin agus a chomthaistealaithe (tá an réimír ‘comh’ róláidir sa chomhthéacs seo – na taistealaithe a bhí ar an turas céanna leis) ag tnúth leis agus nár fíoraíodh.


Gné eile de chur chuige an 'stainséara' a n‑éiríonn le laoch óg Gluaiseacht a thabhairt leis go bhfuil sé beagnach go hiomlán éighníomhach. Dála N. i scéal an Chadhanaigh, ligeann sé do rudaí tarlú dó; is beag cinneadh dearfach a dhéanann sé féin faoi rud ar bith.


Ach téann Titley níos faide ná díreach coincheap an ‘outsider’ a bhrú go bun an angair. Baineann sé an bonn freisin den rud is scéal ann. Ní scéal é seo sa chiall seo: níl ann ach lár an scéil. Go deimhin is féidir linn scrios an bhaile bhig a fheiceáil mar ‘thús’. Ach níl ann ach tús an turais, tús na gluaiseachta. Ná ní thagann aon deireadh leis an ngluaiseacht. Agus mura bhfuil deireadh leis an scéal agus nach bhfuil tús ann ach ar éigean, cén chaoi a bhféadfadh lár a bheith ann? Cén chaoi a bhféadfadh scéal a bheith ann? Gluaiseacht is ea an leabhar uile.


Tá Alan Titley tar éis leagan nua ar fad den seanmhiotas Eorpach sin, an Giúdach Fáin, a chur ar fáil dúinn agus is scanrúil an fhís í. Tá an íomhán, an phearsa, an insint scúite anuas ar fad. Ná ní cruthúnas liteartha ar fad é, mar freagraíonn sin uile, agus buachaill óg Gluaiseacht ach go háirithe, do chruálachas agus do mhídhaonnacht an tsaoil atá cruthaithe ag an duine le ceithre scór éigin bliain anuas.

13.1.10

Tús na Litríochta


Is iad inscríbhinní na gclocha Oghaim an litríocht scríofa is sine atá againn. Na píosaí scríbhneoireachta a scríobhadh in Éirinn atá ar aon bhealach chomh sean leo is sa Laidin atá siad.


Dar liom gur féidir linn ceithre dhoiciméad a chur i gcás ar dócha gur scríobhadh iad in Éirinn am éigin sa chúigiú haois. Is é sin is dócha, am éigin idir an bhliain 430 agus 500. Is iad seo atá i gceist agam.


1. Liosta treoracha a cheap na hEaspaig, Patricius, Auxilius, agus Isserninus, don chléir agus a thosaíonn leis an focail ‘Incipit Sinodus Episcoporum id est Patrici Auxilii Issernini.’ Chéad Shionad Phádraig a thugtar ar an doiciméad is cosúil nó Synodus I S. Patricii. Tá tríocha ceathair ordú ar fad ann faoin gcaoi ar cheart do chléirigh iad féin a iompar, na héadaí ba cheart dóibh a chaitheamh, na bronntanais ar cheart dóibh glacadh leo, nó gan glacadh leo, etc. etc.; iad uile spéisiúil ar a mbealach féin. Caitear solas áirithe ar chur chuige na hEaglaise in Éirinn agus ar chuid de chreideamh na Sean-Ghael. Mar shampla a gcreideamh i lamiae agus strigae.


2. & 3. Litreacha cáiliúla Phádraig: an Confessio agus an litir Ad Coroticum.


4. Annála Éireannacha éigin. Ainneoin nach bhfuil aon bhailiúchán annála ar fáil ar féidir a rá gur scríobhadh é sa chúigiú haois, is féidir a leithéid a chur i gcás. Cuireann James Carney i gcás mar shampla go raibh annála á gcoinneáil in Ard Mhacha ón mbliain 445 nó b’fhéidir 444. Tá iarsmaí ó na hannála sin le fáil dar leis in Annales Cambriae, in Annála Uladh, in Annála Inis Faithlinn, sa Chronicon Scottorum, in Annála Thighearnaigh agus i Leabhar Nuachongbhála. Tá gach seans, freisin, gur cuid iad annála úd Ard Mhacha d'annála eile a chuireann na scoláirí i gcás, Croinic na hÉireann nó mar a thugann siad air i mBéarla (teanga oibre agus oifigiúil na scoláirí) an ‘Chronicle of Ireland’. An deacracht leis na hannála, cuireann Carney go maith é agus é ag caint faoi na hannála mar atá siad ar fáil inniu: ‘Much as we value the Annals they cannot be regarded as on a par with the Confessio or Prosper’s Chronicle – the manner of tradition forbids this, as also does the fact that the number of entries relating to the fifth-century that is generally accepted as ‘genuine’ seems to be shrinking rapidly.’


Sin é é. Sin agaibh, in éineacht leis na clocha Oghaim, tús na litríochta in Éirinn. (Agus pictiúr le Waterhouse de Lamia mar mhionbhronntanas breise.)