1.5.11

Cúpla prionsabal oibre

De bhrí gur le lámhscríbhinní a bhímid ag plé agus muid i mbun stair na litríochta, tá gá le soiléiriú: cad tá i gceist againn nuair a luaimid dáta le téacs, an é dáta a scríofa atá i gceist nó dáta a chumtha? Deirtear gur cumadh Leabhar Gabhála go déanach san aonú haois déag. Ach is i Leabhar na Nuachonghabhála (nó an Leabhar Laighneach) atá an leagan is luaithe ar fáil (c. 1150).

Níos suntasaí fós, deir Thomas Charles-Edwards agus Fergus Kelly faoi na Bechbretha a chuir siad in eagar 1983 gur dócha gur i lár na 7ú aoise a cumadh iad: ‘we suggest that it was composed about the middle of the 7th century.’ Is é sin abair, timpeall na bliana 650. An chóip is sine den téacs atá ar fáil (Ls. H.2.15A i gColáiste na Tríonóide, uimh. 1316 i gcatalóg Abbott agus Gwynn) is timpeall na bliana 1350 a scríobhadh é. Is é sin seacht gcéad bliain níos déanaí.

De réir nósmhaireacht na staire mar a chleachtar inniu í, féachtar le ócáid choincréiteach oibiachtúil, ócáid sa saol fisiceach, d’fhéadfá a rá, a lua le ham oibiachtúil. Ar an gcaoi sin samhlaítear gur shuigh duine nó daoine síos am éigin timpeall na bliana 750 agus gur chuir sé / siad téacs le chéile den chéad uair arbh é an téacs é, Bechbhretha. Tá cúiseanna faoi leith ag na scoláirí leis sin a áitiú (tagairtí comhaimseartha nó iaraimseartha, dul na teanga). Ainneoin gur féidir a áitiú gur saol ann féin saol na lámhscríbhinní, go mbaineann sé le cultúr a raibh tuiscint eile aige d’am seachas mar atá againne, feictear dom go bhfuil cur chuige na scoláirí réasúnta i gcomhthéacs chultúr an lae inniu.

Prionsabal eile nár mhiste a shoiléiriú dar liom, nach féidir talamh slán a dhéanamh den siar is aniar idir an traidisiún scríofa agus an traidisiún béil a luaigh mé i mblag eile anseo. Mar a léiríonn Mark Williams go soiléir agus go héifeachtach sa leabhar breá leis, Fiery Shapes: Celestial portents and astrology in Ireland and Wales 700-1700, toisc go bhfuil cur síos ar dhraíocht, nó ar néaladóireacht, nó na réaltaí is na pláinéid, i dtéacs liteartha lámhscríofa, ní féidir glacadh leis gur léiriú sin ar an teagasc a bhí beo sa traidisiún béil ag an am nó gur iarsma é de theagasc na ndraoithe, abair, nó gur athinsint é ar a gcuid saíochta, bíodh is go mb’fhéidir gur le draoithe a luafaí an nós nó an teagasc sin sa téacs.

Mar sin, táim ag glacadh leis anseo, gurb éard tá uainn a bheachtú i stair na litríochta, dáta cumtha an téacs; agus chomh maith leis sin, glacaimis leis go bhfuil an téacs scríofa cuibheasach neamhspleách ar an litríocht bhéil mura bhfuil cúis mhaith againn lena mhalairt a chur i gcás.