17.5.10

Má al chuing


Ceann de na scéalta is diamhaire dar liom ‘Tochmarc Emire’, an scéal a insíonn faoin gcaoi a ndeachaigh Cú Chulainn ag suirí le hÉimhear, iníon Fhorghaill Monaigh, agus faoin gcaoi ab éigean dó triall go hAlbain ag foghlaim gaisce ina dhiaidh sin chun í a fháil.


Ní dhíreoidh mé anseo ach ar cheann de na míreanna is diamhaire sa scéal: an t‑agallamh idir Cú Chulainn agus Éimhear nuair a chastar ar a chéile den chéad uair iad. Ní miste agallamh a thabhairt air. Caitheann an bheirt ceisteanna dúfhoclacha lena chéile. Ag tástáil éirime, intleachta, oiliúna, agus oiriúnachta a chéile atá siad. Tá a fhios acu araon an duais atá ann don té a n‑éiríonn leis nó léi sa tástáil: colainn an duine eile.


Óna thaobh seisean de, tá Cú Chulainn breá sásta le hÉimhear agus é breá réidh duais a cholainne féin a bhronnadh uirthi. Ag féachaint dó ar a bhfuil le feiceáil dá brollach thar a léine deir sé: ‘Caín a mag sa mag alchuing.’ Is é sin, is caoin an mhá í sin, má atá thar ceangal.

Ach níl sé chomh héasca sin Éimhear a shásamh. ‘Ní shroichfidh aon duine an mhá sin,’ ar sise, ‘nach maraíonn céad fear ar gach áth ó Áth Scéine Meann ar Ollbhine go dtí Banchuing céad ar a mbrúchtann Brea dlúthdhosach Fedelm.’


Mar a deirim is téacs diamhair é agus ní hí an chuid is lú den diamhair brí na bhfocal. Tá go leor amhras faoina gciallaíonn focail áirithe sa mhír sin thuas. Mar shampla léitear an focal ‘alchuing’ mar aon fhocal amháin a chiallaíonn ‘raca arm.’ Sin é an léamh ar ghlac Thomas Kinsella leis nuair a d’aistrigh sé abairt sin Chú Chulainn go Béarla mar seo: ‘I see a sweet country,’ he said. ‘I could rest my weapon there.’ Tá sin go deas, agus macalla ann de ‘country matters’ Hamlet fiú amháin. Ach tar éis dom breathnú ar Ghraiméar Thurneysen § 825, chuaigh mise sa seans thuas lena léamh mar dhá fhocal: al (= thar, ar an taobh thall de) + cuing.




Ar an gcaoi chéanna tá amhras ann faoi fhocail Éimhire. ‘Comainm n‑arcait’ a deir sí, mar shampla, agus ceaptar gurb ionann sin agus ‘céad’ nó bhí an focal ‘arcait’ i mBéarla na bhFilí, nó focal cosúil leis, agus an bhrí ‘céad’ leis. Ní hamháin sin ach tá an ghluais Laidine ‘vulnerare centum’ curtha leis sa lámhscríbhinn. Agus cad é 'Brea' agus an mbrúchtann sé nó sí? 7rl.



Ar aon chuma leanann Cú Chulainn air ag labhairt faoin má agus cé chomh caoin is atá sí agus ní fhaigheann de freagra ach tuilleadh coinníollacha a bheith leagtha anuas air.


Tá ábhar breá acadúil do lucht na Sean-Ghaeilge sa scéal go cinnte. Ach samhlaigh an t-agallamh sin a bheith á lua le fear óg i gcomhthéacs lasmuigh ar fad de na hallaí léannta .... Á, mar a dúirt an t-amhránaí Francach sin fadó: cá bhfuil an sneachta a bhí anuraidh ann?

7.5.10

Lorgaireacht gan mhná


Má chuir sé as domsa an dearcach diúltach i leith na mban a léiríodh in Lorgaireacht an tSoithigh Naofa, níor dhada sin i gcomparáid leis an olc a chuir sé ar Alfred Nutt, duine de na scoláirí is mó a d’fhéach le bun Ceilteach na Lorgaireachta a chur. Ag labhairt dó faoi údar na Lorgaireachta, mar a thugann sé air, ‘The author of the Queste’, deir sé:

Had the mediaeval ascetic really felt [a deep reverence for woman] we could have forgiven the stupidity which ignores all that constitutes the special dignity and pathos of womanhood. But he felt nothing of the kind. Woman is for him the means whereby sin came into the world, the arch stumbling-block, the tool the devil finds readiest to his hands when he would overcome man.

Mar thacaíocht lena dhearcadh luann sé eachtra beag eile sa scéal. Tá gach duine i gCúirt Ching Artúir ag réiteach le dul sa Lorgaireacht. Seo é an mhír sa Ghaeilge a fhreagraíonn don mhír a luann Nutt (iarracht de Ghaeilge an lae inniu curtha agam air).


Ghabh an bhantracht ar ghubha agus ar thuirse mar an gcéanna, agus dúirt siad in éineacht, amhail ba ghuth aon mhná amháin é, go rachaidís ar aon séad leis na fearaibh cibé conair a rachaidís agus d’aontaigh dream díobh iad a ligean leo amhlaidh sin.

Bhí siad ar fad ann nuair a chonaic siad seanóir aosta le haghaidh ainglí agus le lasair ghrá Dé ina ghnúis chomha chorcra agus teacht isteach sa dún. Agus labhair sé de ghuth ard: ‘Síocháin libh, a theaghlaigh uasail an Bhoird Chruinn, an duine díobh a gheall dul i ndiaidh an tSoidhigh Naofa. Agus is é a chuir chugaibh mé an díthreabhach naofa Nasiens, chun cabhrú libh agus chun sibh a chomhdhíonadh agus chun a fhoilsiú daoibh conas is ceart daoibh an chonair a thriall, mar is ceart é a thosú, le faoistin iomlán, le troscadh agus le hurnaí, agus le innfheitheamh ar Dhia, mar ní neart slua agus sochraide a gheobhaidh é ach i muinín Dé, an tAthair Uilechumhachtach. Agus is é a dúirt sé leo fós, gan mná a ligean libh, óir ní gnáth dealú gan chiontú le compánaigh banscála....

Mar a deir Nutt, ní bhfuair sé aon áit sna foinsí Gaelacha agus Breatnacha a scrúdaigh sé aon rud ag freagairt don dearcadh diúltach sin a léirítear sa Lorgaireacht ‘Chistéirseach’. Rud a léiríonn domsa arís gur lámhleabhar teagaisc do na Teamplóirí a bhí sa chéad leagan Fraincise agus é – agus seo é an rud is spéisiúla uile – é bunaithe ar scéalta agus amhráin a bhí á ngabháil an t‑am sin ag amhránaithe ón mBriotáin, conteurs agus histriones mar a deir Roger Sherman Loomis, duine de na scoláirí is mó a rinne staidéar ar an gceist seo.