5.12.11

Rún an Bhonnáin

Tá an leabhar seo molta cheana agus an moladh sin tuilte aige. Bheadh sé molta dá mbeinnse i mo thost. Ach thaitin an sé chomh mór sin liom nach dteastaíonn uaim a bheith i mo thost faoi. Is breá an rud é leabhar Gaeilge a phiocadh suas agus fonn a bheith é a léamh agus leanúint ort go dtí an deireadh. Sin mar a tharla i mo chás-sa. 

Is iontach an chaoi a gcruthaítear suíomh agus sin agus roinnt de cheisteanna móra an lae inniu mar chúlra aige. Tá a fhios agam, tá áiféis ag baint leis an bplota, ach sin cuid mhór den spraoi. Agus cé déarfadh nach bhféadfadh a leithéid a bheith i gceist? Cá bhfios nach bhfuil cur i gcás Phroinsias Mhic a' Bhaird ceart sa leabhar seo ceart? Cá bhfios duit nach bhfuil grúpa rúnda amuigh ansin in áit éigin ag plotaireacht mar seo nó mar siúd? Mura mbeidís rúnda bheadh is againn fúthu. Ach sa méid is go bhfuil siad rúnda, níl a fhios againn fúthu. Mar sin tá siad ann gan fhios dúinn. Is breá liom an loighic bhuile sin agus tagann an leabhar seo i dtír air go paiteanta, I ndúluachar na bliana, i dtrátha achrannacha na Nollag teastaíonn spórt uainn, eálú. Géill dó. Cuir d’amhras san almóir go ceann scaithimhín.

1.5.11

Cúpla prionsabal oibre

De bhrí gur le lámhscríbhinní a bhímid ag plé agus muid i mbun stair na litríochta, tá gá le soiléiriú: cad tá i gceist againn nuair a luaimid dáta le téacs, an é dáta a scríofa atá i gceist nó dáta a chumtha? Deirtear gur cumadh Leabhar Gabhála go déanach san aonú haois déag. Ach is i Leabhar na Nuachonghabhála (nó an Leabhar Laighneach) atá an leagan is luaithe ar fáil (c. 1150).

Níos suntasaí fós, deir Thomas Charles-Edwards agus Fergus Kelly faoi na Bechbretha a chuir siad in eagar 1983 gur dócha gur i lár na 7ú aoise a cumadh iad: ‘we suggest that it was composed about the middle of the 7th century.’ Is é sin abair, timpeall na bliana 650. An chóip is sine den téacs atá ar fáil (Ls. H.2.15A i gColáiste na Tríonóide, uimh. 1316 i gcatalóg Abbott agus Gwynn) is timpeall na bliana 1350 a scríobhadh é. Is é sin seacht gcéad bliain níos déanaí.

De réir nósmhaireacht na staire mar a chleachtar inniu í, féachtar le ócáid choincréiteach oibiachtúil, ócáid sa saol fisiceach, d’fhéadfá a rá, a lua le ham oibiachtúil. Ar an gcaoi sin samhlaítear gur shuigh duine nó daoine síos am éigin timpeall na bliana 750 agus gur chuir sé / siad téacs le chéile den chéad uair arbh é an téacs é, Bechbhretha. Tá cúiseanna faoi leith ag na scoláirí leis sin a áitiú (tagairtí comhaimseartha nó iaraimseartha, dul na teanga). Ainneoin gur féidir a áitiú gur saol ann féin saol na lámhscríbhinní, go mbaineann sé le cultúr a raibh tuiscint eile aige d’am seachas mar atá againne, feictear dom go bhfuil cur chuige na scoláirí réasúnta i gcomhthéacs chultúr an lae inniu.

Prionsabal eile nár mhiste a shoiléiriú dar liom, nach féidir talamh slán a dhéanamh den siar is aniar idir an traidisiún scríofa agus an traidisiún béil a luaigh mé i mblag eile anseo. Mar a léiríonn Mark Williams go soiléir agus go héifeachtach sa leabhar breá leis, Fiery Shapes: Celestial portents and astrology in Ireland and Wales 700-1700, toisc go bhfuil cur síos ar dhraíocht, nó ar néaladóireacht, nó na réaltaí is na pláinéid, i dtéacs liteartha lámhscríofa, ní féidir glacadh leis gur léiriú sin ar an teagasc a bhí beo sa traidisiún béil ag an am nó gur iarsma é de theagasc na ndraoithe, abair, nó gur athinsint é ar a gcuid saíochta, bíodh is go mb’fhéidir gur le draoithe a luafaí an nós nó an teagasc sin sa téacs.

Mar sin, táim ag glacadh leis anseo, gurb éard tá uainn a bheachtú i stair na litríochta, dáta cumtha an téacs; agus chomh maith leis sin, glacaimis leis go bhfuil an téacs scríofa cuibheasach neamhspleách ar an litríocht bhéil mura bhfuil cúis mhaith againn lena mhalairt a chur i gcás.

26.4.11

Súil siar

Íomhá as Leabhar Cheanannais
Ceann de na smaointe a bhí agam agus mé ag tosú ar an mblag seo ní hamháin cúpla focal a rá faoi phíosaí litríochta a shíl mé a bhí go maith nó a raibh spéis agam iontu, ach freisin, breacrianadh, beagán ad hoc, a dhéanamh ar theacht chun cinn agus fhorbairt na litríochta féin. B'fhéidir nár mhiste súil sciobtha a chaitheamh siar. Tá dhá shruth sa litríocht nach mór a choinneáil i gcuimhne, an sruth scríofa agus an bhéalaithris. Níl aon amhras ach gur mór ag na Gaeil an bhéalaithris - agus is ea fós. Ó bhéal go béal a tháinig a gcuid scéalta, dánta, teagaisc, miotas anuas. Thosaigh an litríocht scríofa leis na clocha oghaim agus tar éis theacht na Críostaíochta, tháinig an litríocht lámhscríofa chun cinn.Ach ní ar an bpointe nó is sa Laidin a scríobhadh na leabhair ar dtús. Sin ráite tá cuid den litríocht bhéil ar coimeád sna lámhscríbhinní, mar shampla, cuid den fhilíocht is sine dá bhfuil againn, dánta molta na ríthe Laighneacha a ceapadh den chéad uair, seans, sa chúigiú haois. Sa séú haois le teacht in inmhe Cholm Cille, tháinig an dá aicme, na filí, lucht na litríochta béil agus an chléir Chríostaí, lucht na litríochta scríofa, ag teacht níos gaire dá chéile. Tig linn Amhra Cholaim Cille le Dallán Forgaill (597) a áireamh mar phíosa a thugann an dá thaobh leis, an traidisiún béil agus an traidisiún scríofa, an chéad phíosa a rinne sin is dócha, dá bhfuil ar marthain.Ina dhiaidh sin is ea a forbraíodh múnlaí scríofa eile i nGaeilge, is dóigh liom, annála, mar shampla, agus beathaí naomh. Tá súil agam leanúint leis an scéal... ach cén uair?

5.2.11

Magnum numerum versuum

Mapa Béarla de na hOileáin
Bhí mé ag caint le daoine an lá cheana faoi scéal a bhí ar Raidió na Gaeltachta: Leabhar Inis Bearachain a bheith á sheoladh. Céard é Leabhar Inis Bearachain? Tá an freagra anseo: “Is éard atá i Leabhar Inis Bearachain ná lámhscríbhinn filíochta Ghaeilge a scríobh fear darbh ainm Michael Connolly in Inis Bearachain sa bhliain 1882. Tá an lámhscríbhinn sin curtha in eagar ... ag Andreas Vogel.”

Ar aon chuma, is éard a bhí daoine ag rá liom nach scríobhtaí rud ar bith síos. Luadh roinnt filí agus daoine eile a chum véarsaí agus a d’insíodh scéalta i gceantar na nOileán i gConamara. Ní úsáidfeadh duine ar bith acu peann agus páipéar. Aithrisíodh cuid de na véarsaí dom; bhí siad glic, cliste, cuid acu an-ghreannmhar, an-stíliúil. Bhí íoróin i gcuid acu a chuirfeadh Heine i gcuimhne duit. Agus áibhéil leochaileach i gcuid eile a bhí chomh éadrom le cleite gearrcaigh.

Scríobh Julius Caesar an méid seo dhá mhíle bliain ó shin agus é ag caint faoi na draoithe sa Ghaill; is sliocht cáiliúil é i measc lucht an léinn cheiltigh as De Bello Gallico, leabhar 6, caibidil 14:

Magnum ibi numerum versuum ediscere dicuntur; itaque annos nonnulli vicenos in disciplina permanent. Neque fas esse existimant, ea literis mandare, cum in reliquis fere rebus, publicis privatisque rationibus, Graecis utantur literis. Id mihi duabus de causis instituisse videntur; quod neque in vulgum disciplinam efferri velint, neque eos, qui discant, literis confisos, minus memoriae studere....

Deirtear fúthu go bhfoghlaimíonn siad líon mór véarsaí ansin; ar an gcaoi sin fanann roinnt acu fiche bliain faoi theagasc. Ná ní cheapann siad go bhfuil sé ceart iad a scríobh síos, bíodh is go n-úsáideann siad litreacha Gréagacha i mbeagnach gach réimse eile. Tá an nós sin ann, dar liom, ar dhá chúis; mar nach maith leo an teagasc a thabhairt don phobal i gcoitinne, agus nach maith go dtabharfadh lucht foghlama níos lú aire don chuimhne dá mbeidís ag brath ar litreacha....

Ní hé a theastaíonn uaim a rá go bhfreagraíonn filí Inis Bearachain agus na nOileán do dhraoithe na sean-Ghaille. Ach is éard tá mé a rá, go traidisiúnta, ag dul siar na mílte bliain, go bhfuil gné láidir seachliteartha ag baint le “litríocht” na Gaeilge.

Féach go bhfuil fadhb againn focal a chur air. Deir Caesar “disciplina” agus úsáidim an focal “teagasc” ag freagairt dó sin. Ach cén focal atá againn ar na véarsaí seo? Filíocht is dócha. Ach tá seanchas i gceist chomh maith, agus scéalta, agus iliomad eile: tomhais, seanfhocail, comhairlí, “piseoga”.

Ceann de na fáthanna nach bhfuil na lámhscríbhinní atá againn - os cionn 5000 acu - chomh saibhir is ba mhaith linn a bheidís – nach bhfuil mórán iontu faoi bhia agus bhéilí, faoi riarachán an taoisigh, faoin ailtireacht, faoi chúrsaí ceoil, faoi chúrsaí ceardaíochta, filíocht aiceanta – go raibh na nithe sin suite go daingean i dtraidisiún oilte a sheachain an scríbhneoireacht – agus sin a bheag nó a mhór, sílim, ar na cúiseanna a luaigh Caesar: gur fearrde an fhoghlaim an chuimhne láidir nach bhfuil ag brath ar an scríobh; agus dá mbeadh 'an teagasc' scríofa síos go raibh sé ar fáil do dhaoine lasmuigh den ghrúpa, den cheird.

8.10.10

Taitneamh na litríochta


Ceann de na nithe is taitneamhaí faoin léitheoireacht agus faoin litríocht i gcoitinne nuair a tharlaíonn an pléisiúr a thugann siad duit go héasca gan choinne. Caithfidh mé a rá go gceannaím roinnt leabhar Gaeilge de bharr dualgais, ar son na cúise, nó amanta le dóchas. Ní go hannamh a tharlaíonn sé go sleamhnaíonn an leabhar as mo lámh uaim ar bhealach éigin. Tugaim faoi deara nach bhfuilim á léamh níos mó.

B'iontach an rud a tharla nuair a thosaigh mé ag léamh Favela le Alex Hijmans. Bhí mé tar éis a ghealladh dom féin go léifinn é tar éis dom moladh Aonghuis a léamh an bhliain seo caite. Ach d'imigh na míonna thart go dtí gur cheannaigh mé é. Thosaigh mé air ansin agus mealladh mé. In ionad an leabhar sleamhnú uaim thugas faoi deara go rabhas á léamh go leanúnach, go raibh fonn orm é a léamh, go raibh mé ag cur spéise ann, agus sin ainneoin gur shíl mé go mb'fhéidir nach mbeadh oiread sin mealladh san ábhar dom: cur síos ar thréimhse a chaith an t-údar i gceantar bocht i gcathair Salvador sa Bhrasaíl. Léigh mé an leabhar ó thús deireadh gan stró.

Níor mealladh go dtí é: an t-ábhar féín agus na daoine a cuireadh in aithne dom sa leabhar - níl fonn orm iad a lua - b'fhearr liom go gcuirfeá féin aithne orthu gan mise a bheith mar idirghabhálaí - na suíomha spéisiúla ina bhfuair an t-údar é féin - rudaí chomh simplí le é féin a fheiceáil i bhfuinneog siopa, cupán caife, réiteach bia - agus an cur síos iriseoireachta - nach raibh iomarcach ar chor ar bith - ar staid shocheacnamaíoch an cheantair, na creidimh dhifriúla, na féilte agus an chaoi ar comóradh iad.

Ar bhealach simplí, go fánach nó go formhothaithe, geall leis, cuireadh ceisteanna móra faoi mo bhráid: creideamh, sonas, grá, an daonnacht, fulaingt, éagothroime, réamhchlaontaí. Go seolfaí go héasca agus ar bhealach chomh taitneamhach mé chuig smaoineamh ceisteach ar na hábhair sin, ba é sainchomhartha na sárlitríochta é, déarfá.

Tá an leabhar seo pléite cheana ag Aonghus, mar a deirim, agus in áiteanna eile i sféar seo na mblag agus tá blag ag Alex féin anois ag leanúint leis an leabhar ar a shuíomh féin. Cois Life a d'fhoilsigh an leabhar i 2009.


Alex Hijmans agus Nilton Reis

6.10.10

Gaelachas an Tí Mhóir


Dhá shruth a bhíonn i gceist: (a) an litríocht féin agus (b) cothú, caomhnú agus cur chun cinn na litríochta. Ní miste dúinn cuimhniú gur minic gurb é sruth (b) anseo a thug sruth (a) ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Feictear dom gur tharla sin san naoú haois déag nuair a bhreathnaigh uas-mheánaicme chinsealach na tíre i ndiaidh litríocht agus ardchultúr na Gaeilge. Tháinig mé trasna ar an méid seo i leabhrán beag, An Saol in Éirinn, 1800-45. Social Life in Ireland 1800-45, bailiúchán de léachtaí Thomas Davis i mBéarla in eagar ag R.B. McDowell (Baile Átha Cliath, 1957):

County histories began to be written and county archaelogical societies founded. If you look at the membership lists of these old societies you will see how fully they justified their claims to be impartial and representative and how often in their hands history, contrary to her usual habit, seemed, when investigated without prejudice, to heal old grievances rahter than to inflame them. In the second quarter of the nineteenth century all Ireland was traversed by scholars in gigs and dog carts measuring raths, recording legends, evolving theories or even more enthusiastically refuting them. It was the age of Graves and Prim as well as of O'Donovan and O'Curry and in almost every Irish country house you will find traces of its passage: perhaps in some feeble antiquarian water colour on the wall; perhaps it is a pile of dusty archaelogical journals in the attic.
Hubert Butler a scríobh an méid sin san aiste sa leabhar, 'The Country House - The Life of the Gentry'. Agus leanann sé air ag labhairt faoin íde béil a thug an lucht arsaíochta seo dóibh siúd ná raibh meas acu ar an tseandacht.

It is as though, like their grandfathers, these country scholars saw their opponents in the guise of Judas or Beelzebub. But we owe a great deal to their ill-temper. If it had not been for these unofficial bodies with their backbone of educated country gentlemen, Newgrange would have been destroyed to make a county Meath by-road and Clonmacnois and Glendalough would have been irreparably damaged.


An rud nach ndeir Butler ach atá fíorthábhachtach sa chomhthéacs seo, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de lucht úd na dtithe móra i lár na naoú haoise déag. Ní stair agus seandálaíocht amháín ba chás leo ach seanlitríocht na Gaeilge - féach foilseacháin an Archaelogical Society agus an Ossianic Society. Cinnte bhí Gaeilge ag Graves, Ó Donabháin, agus Ó Comhraí. Níl a fhios agam faoi Prim. Sochaí détheangach a bhíodh sna tithe móra.

7.9.10

Coillte na Gaeilge


Leabhar ar chuala mé iomrá riamh air ach nár bhreathnaigh mé i gceart air, gan trácht ar é a léamh, Silva Gadelica. 'Na Coillte Gaelacha' nó 'Foraois na Gaeilge' nó 'Coillte na Gaeilge' an t-aistriú a dhéanfainn ar an teideal Laidine. Thóg mé anuas den tseilf é an lá cheana. Is iontach an leabhar é. Staindis Mac Aodha Ó Gráda, Standish Hayes O’Grady mó mar a thug sé air féin sa réamhrá Gaeilge a chuir sé leis an leabhar: Stainndis mac an Aodhaig mheic Dhiarmada óig úi Ghráda, a chuir le chéile.


Is éard atá ann cnuasach de scéalta agus de phíosaí eile as seanlámhscríbhinní Gaeilge a thrascríobh Ó Gráda agus a d’fhoilsigh sa bhiain 1892. Bolg an tsoláthair a thugann Staindis féin air agus ní heol dom aon leabhar eile a thugann spléachadh chomh cuimsitheach agus chomh cruinn ar litríocht na Gaeilge agus sin mar atá sí le fáil sna lámhscríbhinní. Mar gheall ar gur trascríobh a rinne an t-eagarthóir ar na sleachta tá sé deacair iad a léamh. Ach tá a dhraíocht féin ag baint le cló a léamh atá chomh gar sin don bhunleagan lámhscríofa.


Bhí an-tionchar ag an leabhar seo ar fhoirmiu chanón litríochta na Gaeilge, dar liom. Bíodh is go bhfuil sé le fáil ar an idirlíon shíl mé nár mhiste a bhfuil ann a bhreacadh síos anseo go hachomair, le go mbeidh tuairim ag daoine faoina bhfuil ann. Cuirim síos anseo teideal gach píosa mar atá sé os cionn an phíosa féin ag Ó Gráda (litreacha móra agus beaga, sínte fáda etc. díreach mar atá aige féin ach focail mar ‘in so’ nó ‘in so síos’ fágtha ar lár), an lámhscríbhinn a bhfuil sé le fáil inti agus dáta scríofa na lámhscríbhinne, mar atá sin tugtha in Silva Gadelica. Aon áit go bhfuil an t‑eolas anseo difriúil óna bhfuil in Silva Gadelica tugaim sin le fios le cló corcra. Tá foinsí an eolais agam féin le fáil ar an mblag tacaíochta Foinsí.


Seasann ARÉ d’Acadamh Ríoga na hÉireann; Chatsworth do Chatsworth House, Chatsworth, Derbyshire, Sasana; CnT do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; LB do Leabharlann an Breataine, Londain.


Silva Gadelica


Naomhsheanchas

1. ‘Betha Chiaráin tSaighre’ LB, Egerton 112 (1780-2)

2. ‘Betha Mholaise Dhaimhinse’ LB, Additional 18,205 (16ú haois)

3. ‘Betha Mhaighnenn Chille Mhaighnenn’ LB, Egerton 91 (15ú haois)

4. ‘Betha Chellaigh chille Alaidh’ ARÉ, An Leabhar Breac .i. Leabhar Mór Dúna Daighre (roimh 1411)


Scéalta agus Seanchas

5. ‘Stair ar Aed baclámh’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

6. ‘Aided Diarmada meic Fergusa cerrbeoil’ LB, Egerton 1782 (1517)

7. ‘Genemain Aeda sláne’ ARÉ, Leabhar na hUidhre (roimh 1106)

8. ‘Tochmarc Becfhola’ LB, Egerton 1781 (1484-87)

9. ‘Imthecht Caenchomraic’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

10. ‘Teasmholadh Corbmaic úi Cuinn ocus Finn meic Cumhaill’ LB, Egerton 1782 (1517)


Fiannaíocht

11. ‘Airem muintiri Finn’ LB, Egerton 1782 (1517)

12. ‘Agallamh na Senórach’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)


Scéalta agus Seanchas

13. ‘Aided Echach maic Maireda’ ARÉ, Leabhar na hUidhre (roimh 1106)

14. ‘Aided Ferghusa’ (‘Echtra ríg thuaithe luchra is lupracán go hEmhain agus fochonn báis Fherghusa mhic Léide ríg Ulad’) LB, Egerton 1782 (1517)

15. ‘Geinemain Cormaic ua Chuinn’ ARÉ, Leabhar Bhaile an MhótaLeabhar Breac Mhic Aodhgáin (c. 1400)

16. ‘Echtra Laegaire meic Chrimthainn go magh mell’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)


Finscéalta / Fiannaíocht

17. ‘Tóraighecht in ghilla dhecair ocus a chapaill’ LB, Additional 34,119 (1765)

18. ‘Echtra in chetharnaig chaoilriabaig nó chetharnaig úi Dhomnaill do réir dhruinge’ LB, Additional 18,747 (1800)

19. ‘Bodach an chóta lachtna’ (‘Ag so turus Caoil an iarainn meic ríg na Tesáille go hEirinn agus chom mífhortúnach is d’éirig a shiubal leis’) LB, Egerton 154 (19ú haois)

20. ‘Leighes coise Chéin mheic Mhaeilmuaid mheic Bhriain’ LB, Egerton 1781 (1484-87)


Fiannaíocht

21. ‘Bruidhen chéise Chorainn’ LB, Additional 18,747 (1800)


Scéalta agus Seanchas

22. ‘Fotha chatha Mucramha ocus fochonn oidheda Lugaid meic chon’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)

23. ‘Cath Chrionna’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

24. ‘Echtra mac Echach muigmedoin’ ARÉ, Leabhar Bhaile an Mhóta Leabhar Breac Mhic Aodhgáin (c. 1400)

25. ‘Aided Crimthainn meic Fidaig ocus trí mac Echach muigmedóin .i. Brian. Ailill. Fiachra’ ARÉ, Leabhar Bhaile an Mhóta (c. 1400)


Fiannaíocht

26. ‘Bruiden bheg na hAlmaine’ LB, Additional 18,747 (1800)


Scéalta agus Seanchas

27. ‘Echtra Thaidg mheic Chéin’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

28. ‘Bórama’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)

29. ‘Mionanala’ LB Egerton 1782

30. ‘Iartaighe na hingine colaighe do Ghrécaib’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)

31.’Ní d’iongantaib aenaig Taillten’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)