26.4.11

Súil siar

Íomhá as Leabhar Cheanannais
Ceann de na smaointe a bhí agam agus mé ag tosú ar an mblag seo ní hamháin cúpla focal a rá faoi phíosaí litríochta a shíl mé a bhí go maith nó a raibh spéis agam iontu, ach freisin, breacrianadh, beagán ad hoc, a dhéanamh ar theacht chun cinn agus fhorbairt na litríochta féin. B'fhéidir nár mhiste súil sciobtha a chaitheamh siar. Tá dhá shruth sa litríocht nach mór a choinneáil i gcuimhne, an sruth scríofa agus an bhéalaithris. Níl aon amhras ach gur mór ag na Gaeil an bhéalaithris - agus is ea fós. Ó bhéal go béal a tháinig a gcuid scéalta, dánta, teagaisc, miotas anuas. Thosaigh an litríocht scríofa leis na clocha oghaim agus tar éis theacht na Críostaíochta, tháinig an litríocht lámhscríofa chun cinn.Ach ní ar an bpointe nó is sa Laidin a scríobhadh na leabhair ar dtús. Sin ráite tá cuid den litríocht bhéil ar coimeád sna lámhscríbhinní, mar shampla, cuid den fhilíocht is sine dá bhfuil againn, dánta molta na ríthe Laighneacha a ceapadh den chéad uair, seans, sa chúigiú haois. Sa séú haois le teacht in inmhe Cholm Cille, tháinig an dá aicme, na filí, lucht na litríochta béil agus an chléir Chríostaí, lucht na litríochta scríofa, ag teacht níos gaire dá chéile. Tig linn Amhra Cholaim Cille le Dallán Forgaill (597) a áireamh mar phíosa a thugann an dá thaobh leis, an traidisiún béil agus an traidisiún scríofa, an chéad phíosa a rinne sin is dócha, dá bhfuil ar marthain.Ina dhiaidh sin is ea a forbraíodh múnlaí scríofa eile i nGaeilge, is dóigh liom, annála, mar shampla, agus beathaí naomh. Tá súil agam leanúint leis an scéal... ach cén uair?

1 comment: