20.5.09
Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin
Tá a fhios againn ó Bhreandán Ó Madagáin gur dialann dúlra a bhí Amhlaoibh ag scríobh agus léirigh Proinsias Ó Drisceoil dúinn gur beag spéis a bhí sé i bhFuascailt na gCaitliceach nuair a tháinig sí (lch 40). Mar sin ní ceart a bheith ag súil le níos mó ón gCín Lae seachas mar atá ann. Bíodh is gur 'remarkable document' í an Chín Lae, mar a deir Gearóid Ó Tuathaigh, a thugann léargas dúinn ar mheon nó mentalité an bhourgeoisie Chaitlicigh Rómhánaigh - lena linn agus ina dhiaidh sin - ní ceart dúinn a bheith ag súil leis an scópúlacht atá le fáil i ráitis leithéidí Goethe nó fiú Eckermann - a rinne tagairt d'Fhuascailt na gCaitliceach. Mar a thaispeánann Neil Buttimer, léigh Amhlaoibh na páipéir nuachta. Ach fós tá an méid a deir sé faoi na hábhair iontu teoranta. Bhí cúraimí eile air: an mhúinteoireacht, coinneáil siopa, díol muc, na potátaí, cúrsaí polaitíochta agus leasa pobail, a bhean is a chlann. B'fhéidir gur ábhar díomá dúinn nach bhfuil níos mó le rá aige faoi ábhair dhifriúla - faoin gceol nár thaitin leis i mBaile Átha Cliath, mar shampla - céard a bhí ann? cé bhí á sheinm? - ach ar an gcaoi sin freisin freagraíonn sé do chultúr na haicme lenar bhain sé. Bímis sásta leis an méid sin.
Níos mó mar seo, le do thoil!
ReplyDeleteIontach, is breá liom an blag.
ReplyDeleteNíos mó mar a deir Dennis, le do thoil.
Go raibh maith agaibh beirt.
ReplyDelete