20.10.09
Erasmus an fhilíocht mholta
Táim tosaithe ag léamh aistriúcháin Béarla ar leabhar cáiliúil Desiderius Erasmus, Praise of Folly; nó mar atá baiste ar ar an leathanach teidil, Μωριας Εγκωμιου sive Stultitiae Laus. Scríbhneoireacht ghlic íorónta chumasach spraoiúil léannta de chuid an Renaissance atá ann. Tugann sé tuiscintí áirithe leis, tuiscintí a bhfuil talamh slán déanta díobh ó shin. Is luath go maith sa léamh a bhuail mé le ceann acu.
Deir Stultitia, An Amaideacht, go bhfuil sí chun í féin a mholadh. Cé is fearr chuige? An maífeadh aon duine go bhfuil eolas níos fearr aige ar an amaideacht ná mar atá aici féin? Ní hamháin sin, a deir sí, ach ní bheidh an moladh a dhéanfaidh sí uirthi féin chomh háibhéalach leis an moladh a dhéantar ar na huaisle sin a íocann airgead maith le fear óráide nó le file baothfhoclach éigin (poeta vaniloquum) ionas go mbeidh siad in ann moltaí duine eile a chloisteáil – moladh nach bhfuil ann ach bréaga glan.
Tá an tuiscint phiúratánach a léiríonn Erasmus ansin ar an bhfilíocht mholta bun os cionn uile le tuiscint na bhfilí clasaiceacha seo againne ar a raibh ar siúl acu. Ach géilleadh do thuiscint Erasmus, bainfear an bonn den fhiliocht phoiblí agus den fhilíocht phobail. Tá sé ag rá nach mór don fhilíocht a bheith ‘fírinneach’. Cuireann sin an liric phearsanta ‘mhacánta’ in ionad fhilíocht mhór shóisialta na sochaí comhtháite. Cuireann sé ding idir na daoine agus an fhilíocht. Is éard tá san fhilíocht feasta éifeacht éigin focal a léann an léitheoir )os íseal) dó féin i leabhar clóite.
Is é dearcadh sin Erasmus a tháinig chun cinn i gcultúr Iarthar na hEorpa. Ach ní bhfuair sé greim ar phobal na Gaeilge chomh mór sin. Tá file an phobail fós faoi mheas i measc na nGael agus caint fós ar fhilí den scoth mar Johnny Chóil Mhaidhc agus a gcuid dánta fós á n-aithris. Géilleann na Gaeil go bhfuil a cuid rialacha féin ag an bhfilíocht agus nach gá gurb ionann iad sin agus rialacha an mhanaigh éisealaigh a bhí ag iarraidh go mbeadh chuile shórt glan, úsáideach agus ‘fírinneach’ - agus ar thaitin sé leis a thaispeáint go raibh sé os cionn cách trína chuid scríbhinní a bhreacadh le nathanna agus le focail Ghréigise.
Nílim ach i dtús taighde faoi Erasmus. Tá gach seans ann go bhfuil aiste i gcomhair Feasta ann.
N'fheadar. Más ag caint ar filí a reic a gcuid dánta a bhí Erasmus, ní dóigh liom gurbh ionann sin agus an fhilíocht phobail mar a chleacht Johnny Chóil Mhaidhc é.
ReplyDeleteBa dheacair fírinne an dán atá in Aniar maidir le bá fir a shárú.
Sílim go ngéillfeadh Erasmus do sin. (Ach níl ach fíor beagán dá shaothar léite agam - giota den cur i gcoinne Luther)
ar thaitin sé leis a thaispeáint go raibh sé os cionn cách trína chuid scríbhinní a bhreacadh le nathanna agus le focail Ghréigise.
ReplyDeleteMeasaim go bhfuil tú ag déanamh éagóir air anseo. Ag an tráth úd, aoinne a raibh léamh acu, thuigfeadh siad a nathanna, nach dtuigfeadh?
Tá an aiste aimsithe ar líne agam, caithfidh mé an diabhail rud a léamh anois!
Nílim ach i dtús smaoinimh faoi seo, a Aonghuis. Tá difir idir filíocht mholta agus filíocht phobail ar ndóigh, agus go cinnte is féidir leis an dá cheann a bheith fíor. Maidir leis an nGréigis, braithim gur bhealach é ag lucht an léinn nua le taispeáint go raibh rud speisialta acu féin nach raibh ag na sean-laidineoirí.
ReplyDeleteéifeacht éigin focal a léann an léitheoir (os íseal) dó féin i leabhar clóite Eisceacht (mhór?) amháin: liricí amhrán. Bheinn in ann a lán samplaí a thabhairt duit d'amhráin a bhfuil a gcuid focal chomh cumhachtach le dán clóite ar bith atá ina luí leathmharbh i leabhar gan cheol gan ghuth. Ach uaireanta déantar amhrán álainn as dán ar thosaigh a ré tachta i ndubh is geal. Ní dóigh liom go dtarlaíonn sé seo go minic i mBéarla, ach seo cúpla sampla ó theangacha eile:
ReplyDeleteCantares le Antonio Machado (cuid den dán "Proverbios y cantares XXIX")
http://www.youtube.com/watch?v=Lj-W6D2LSlo
Ένα το χελιδόνι le Γιώργος Σεφέρης
http://www.youtube.com/watch?v=_QVbC0ZeKu4
Pauvre Rutebeuf leis an bhfile meánaoiseach Rutebeuf ~ Rudeboeuf
http://www.youtube.com/watch?v=fB5JRM-OPro
Aontaím leat céad faoin gcéad, Dennis; agus míle buíochas as trí shampla den chéad scoth a roinnt linn. Nach iontach é YourTube: Theodorakis in 1977 agus Rutebeuf (ainm nua domsa grma) ag caoineadh bhás an ghrá / na ndaoine ar thug sé grá dóibh!
ReplyDeleteAn cheist ná cé mar a bhreathnaigh Erasmus air seo uils? Ní cosúil gur easaontaigh sé rómhór leis abairt a luann sé sna Seanfhocail: 'mentiuntur multa cantores' - insíonn amhránaithe go leor bréag. Ón méid beag atá feicthe agam dá chuid feictear dom go gceanglaíonn sé filíocht le staidéar agus amhráin le nithe mar siamsaíocht, na sean-Ghréagaigh, agus meisce.
Tá an-spéis agam sa cheist seo: cén uair a scaradh an fhilíocht ón gceol (féach go mbíodh ceol cláirsí i gcónaí mar thionlacan leis an bhfilíocht mholta). Faoi láthair táim ag iarraidh sceilpín gabhair a dhéanamh de Erasmus bocht. Ach d'fhéadfadh dul amú a bheith orm. Nílim ach ina thús.
Ná dearmad an comhthéacs a chuir san áireamh!
ReplyDeleteDe réir an ailt seo, aor atá ann, agus píosa spraoi.
Tá sé ró mhór le léamh ar líne, rachaidh mé i dtuilleamaí leabharlann éigin chun cóip a fháil.
An comhthéacs ríthábhachtach, a Aonghuis - ní hamháin i gcás saothar mar Folly ar geall le cloch boinn é is cosúil ach i gcás dánta, amhráin agus gach cineál ealaíne. (Féach 'Ena to helidoni' a luaigh Dennis, thuas!) Ach sin ábhar pléite i gcomhair lae eile. Go n-éirí ár léitheoireacht leis an mbeirt againn!
ReplyDeleteSeo sampla eile, dán leis an bhfile Uidhisteach hAngus MacLellan (1869 - 1965) ar cuireadh fonn air. Ní fiú mórán é mar dhán, ach is deas an t-amhrán beag é. Beidh ort éisteacht le beagán comhrá roimh an amhrán:
ReplyDeletehttp://www.youtube.com/watch?v=Y1fuhE_LHf8
Tá na focail anseo:
http://www.celticlyricscorner.net/dochas/eilean.htm
Stró ar bith éisteacht leis an amhrán / dán ná leis an gcomhrá; pearsantacht an-taitneamhach ag Julie Fowlis, an t-amhránaí agus ag an agallamhóir, shílfeá.
ReplyDelete