17.5.10

Má al chuing


Ceann de na scéalta is diamhaire dar liom ‘Tochmarc Emire’, an scéal a insíonn faoin gcaoi a ndeachaigh Cú Chulainn ag suirí le hÉimhear, iníon Fhorghaill Monaigh, agus faoin gcaoi ab éigean dó triall go hAlbain ag foghlaim gaisce ina dhiaidh sin chun í a fháil.


Ní dhíreoidh mé anseo ach ar cheann de na míreanna is diamhaire sa scéal: an t‑agallamh idir Cú Chulainn agus Éimhear nuair a chastar ar a chéile den chéad uair iad. Ní miste agallamh a thabhairt air. Caitheann an bheirt ceisteanna dúfhoclacha lena chéile. Ag tástáil éirime, intleachta, oiliúna, agus oiriúnachta a chéile atá siad. Tá a fhios acu araon an duais atá ann don té a n‑éiríonn leis nó léi sa tástáil: colainn an duine eile.


Óna thaobh seisean de, tá Cú Chulainn breá sásta le hÉimhear agus é breá réidh duais a cholainne féin a bhronnadh uirthi. Ag féachaint dó ar a bhfuil le feiceáil dá brollach thar a léine deir sé: ‘Caín a mag sa mag alchuing.’ Is é sin, is caoin an mhá í sin, má atá thar ceangal.

Ach níl sé chomh héasca sin Éimhear a shásamh. ‘Ní shroichfidh aon duine an mhá sin,’ ar sise, ‘nach maraíonn céad fear ar gach áth ó Áth Scéine Meann ar Ollbhine go dtí Banchuing céad ar a mbrúchtann Brea dlúthdhosach Fedelm.’


Mar a deirim is téacs diamhair é agus ní hí an chuid is lú den diamhair brí na bhfocal. Tá go leor amhras faoina gciallaíonn focail áirithe sa mhír sin thuas. Mar shampla léitear an focal ‘alchuing’ mar aon fhocal amháin a chiallaíonn ‘raca arm.’ Sin é an léamh ar ghlac Thomas Kinsella leis nuair a d’aistrigh sé abairt sin Chú Chulainn go Béarla mar seo: ‘I see a sweet country,’ he said. ‘I could rest my weapon there.’ Tá sin go deas, agus macalla ann de ‘country matters’ Hamlet fiú amháin. Ach tar éis dom breathnú ar Ghraiméar Thurneysen § 825, chuaigh mise sa seans thuas lena léamh mar dhá fhocal: al (= thar, ar an taobh thall de) + cuing.




Ar an gcaoi chéanna tá amhras ann faoi fhocail Éimhire. ‘Comainm n‑arcait’ a deir sí, mar shampla, agus ceaptar gurb ionann sin agus ‘céad’ nó bhí an focal ‘arcait’ i mBéarla na bhFilí, nó focal cosúil leis, agus an bhrí ‘céad’ leis. Ní hamháin sin ach tá an ghluais Laidine ‘vulnerare centum’ curtha leis sa lámhscríbhinn. Agus cad é 'Brea' agus an mbrúchtann sé nó sí? 7rl.



Ar aon chuma leanann Cú Chulainn air ag labhairt faoin má agus cé chomh caoin is atá sí agus ní fhaigheann de freagra ach tuilleadh coinníollacha a bheith leagtha anuas air.


Tá ábhar breá acadúil do lucht na Sean-Ghaeilge sa scéal go cinnte. Ach samhlaigh an t-agallamh sin a bheith á lua le fear óg i gcomhthéacs lasmuigh ar fad de na hallaí léannta .... Á, mar a dúirt an t-amhránaí Francach sin fadó: cá bhfuil an sneachta a bhí anuraidh ann?

6 comments:

  1. Bheadh baol le comhrá mar é i hallaí léinn an lae inniu! Súirí chomh lom leis ní cheadaítear.

    ReplyDelete
  2. Níor chuimhnigh mé air sin, a Aonghuis! Gan trácht ar an bhforainm iontáite a lua.

    ReplyDelete
  3. Is dóigh liom go bhfuil an ceart ag Kinsella maidir le “alchuing”. Is maith liom an t-aistriúchán beagán scaoilte a thug sé ar an abairt sin freisin. Tá sé níos súgraí ná an lomaistriúchán This is a fair plain, Weapons Rack Plain. Logainm bréige atá ann sa téacs. Ní focal neamhghnách é. Tá sé in FGB faoin litriú “alchaing” agus tá go leor samplaí de in DIL. Dála an scéil, cloistear "her rack" (= a cíocha) i mBéarla abhus anseo.

    ReplyDelete
  4. Is dócha go bhfuil an ceart agat, a Dennis. Cinnte níor mhaith liom cos a chur i dtaca - ná aon rud eile a chur i dtaca - ar son an léamha a dhéanaimse. Agus má bhí débhrí ann - agus cé déarfas nach raibh - níor gan fhios do Chú Chulainn é.

    ReplyDelete
  5. Ábhar suimiúil! An mbeadh aon suim ag Cailliomachas mír a dhéanamh ar chlár ealaíona?

    ReplyDelete
  6. Dála ulchabhán Mhinerva, neach scáfar é Cailliomachas. Is fearr leis soipriú síos i measc na seanleabhar agus deannach spíosrach na mblianta ina pholláirí ná ná teacht amach os comhair an phobail. Dá seasfaí micreafón faoina smig ní fhanfadh dá ghlór ach mar a bheadh piachán feithide. Dá scalfaí soilse teilifíse air bheadh sé imithe ina phuth mar a bheadh vaimpír le héirí gréine. Ach go raibh maith agat as fiafraí.

    ReplyDelete