13.10.09
Cruinneas Staire: Na Déise
Ionnarbadh na nDéise a bhfuil cur síos air i Leabhar na hUidhre, ar tharla sé? Díreach toisc go bhfuil cur síos air i lámhscríbhinn, ní leor sin as féin mar fhianaise gur tharla sé (féach alt roimhe seo ar Chruinneas Staire: Teacht na Críostaíochta). In ainneoin a ndeirtear in DIL sv ‘Déisi’ agus in ainneoin a bhfuil inste dúinn i mBeatha Dhéagláin agus arís i bhForas Feasa Sheathrúin Chéitinn, d'fhéadfadh sé gurb éard atá sa scéal faoi Dhéise Teamhrach a bheith á ruaigeadh míniú ar an bhfáth a bhfuil an logainm ‘Déise’ le fáil in áiteanna éagsúla.
Is éard a chiallaíonn an focal ‘déis’: tenant, vassal; vassalry ... vasal or rent paying community (DIL sv). Na háiteanna a raibh pobail den chineál sin lonnaithe (mar shampla in aice le Teamhair nó i Luimneach) thugtaí ‘Déise’ orthu.
D'fhéadfadh sé gur pobal den chineál sin a bhí sa cheantar a dtugtar 'Na Déise' air inniu agus nach raibh aon bhaint acu le Teamhair ach amháin ceangal foclaíochta agus staid maireachtála. Fágann sin mise i bponc mar go bhfuil an méid sin ag dul in aghaidh ruda a dúirt mé cheana anseo. Tá má tá. Is le haghaidh tuairimíochta agus cur i gcás agus roinnt eolais, smaointe agus mothúchán atá blaganna ann, cuid mhaith, dar liom. Tá gá le tuilleadh taighde ar an gceann seo is cinnte.
Ó thaobh na Críostaíochta de, ceanglaíodh Déaglán leis an bpobal sin, na Déise, ó dheas. Fuarthas an véarsa seo i leabhar a chuir an tArdeaspag Ussher i gcló in 1639 agus atá curtha in eagar ag Stokes agus Strahan sa Thesaurus Paleohibernicus iml. 2, lch 297:
Ailbe umal Patric Muman mó cach rádh
Declan Patric na nDéise, in Déisi oc Declan cobráth.
Is é Ailbhe umhal Pádraig na Mumhan mó gach rá
Déaglán Pádraig na nDéise, beidh na Déise ag Déaglán go brách.
Agus tá na Déise beo beathach i gcónaí, mar is eol dúinn.
Ní shílim go gcuirfidh éinne locht ar thuairimíocht ar bhlag.
ReplyDeleteMaidir leis na Déise de, bhí blagmhír agamsa ar na cainteoirí dúchais Gaeilge as Contae Shligigh, bhíos den tuairim gurbh as na Déise ó dhúchas do shinsear an teaghlaigh darbh ainm Mac an Déisigh.
Cheapas gur cuireadh ann iad le linn Ach of Settlement a chur Cromail i bhfeidhm.
Ach seans gurbh as Luíne (Sligeach) ó dhúchas dóibh i gcónaí!
Tuairimíonn an tAthair Wolfe gur dream dúchasach do Chonnacht Thuaidh a bhí sna Déisigh! Tagann sin leis an méid a deireann tú faoin focal déis .i. d'fhéadfadh a leithéid de chlann a bheith lonnaithe aon áit sa tír agus ní Port Láirge Theas amháin.
Go díreach. Rud éigin i gcúl mo chinn agam go ndúirt duine éigin go raibh áit i Roscomáin a raibh 'Déise' air. Léigh do bhlagmhír faoi Mhac an Déise. An-phíosa é!
ReplyDeleteAilt shuimiúla, a Chailliomachais, go raibh maith agat.
ReplyDeleteAgus súil agam go mbeidh tú ar ais ar do sheanléim gan mhoill - 'mall ach cínnte' a thagann sláinte ar ais ón bhfliú seo, chuala mé.
Scríobh Dáibhí Ó Crónáin (A New History of Ireland I, lch. 187): “The history of the Déisi in the seventh century, for example, has been misinterpreted on the basis of one mistaken identification, as we shall see.” Léigh mé ar aghaidh cúpla leathanach, ansin scimeáil mé ar aghaigh cúpla leathanach eile, ansin chuaigh m'intinn ar seachrán ar fad! Cén mistaken identification atá i gceist ag mo dhuine?
ReplyDeleteNíl a fhios agam, Dennis. Do dhála féin, theip ormsa an tagairt a bhí i gceist aige a aimsiú. Ach féach go bhfuil Ó Cróinín ag labhairt faoin na Déise sa 7ú haois. Tá an chuma ar an scéal go nglacann Carney (ainneoin O'Rahilly) gur tharla ionnarbadh na nDéise sa chúigiú haois - timpeall 430 b'fhéidir (lgh 482, 485) agus go nglacann Rafferty leis go ndeachaigh na Déise go Dyfed thar ar an am céanna (lch 179). Sampla maith é an leabhar seo den chaoi a bhfuil staraithe an Bhéarla ag déanamh ár stair féin coimhthíoch dúinn.
ReplyDeleteMall ach cinnte! An ceart agat a Mhise Áine.
ReplyDelete