8.10.09

Ionradh agus Ionnarbadh



Ní dóigh liom go gcuireann muid san áireamh cé chomh cruthaitheach is a bhí turnamh impireacht na Róimhe agus na hionraí agus na hionnarbaí a lean é. Imeacht as na hImpireachta a thug Éire na nGael chun cinn mar thír Chríostaí. Céard a bhí ag tarlú thart ar an am seo? In Éirinn bhí na hUí Néill tar éis greim a fháil ar Theamhair agus ar Eamhain Macha. Bhí siad tar éis Cúige Uladh a roinnt eatarthu, chuid mhaith - Tír Eoghain agus Tír Chonaill. Ba iad na Scoti iad, na creachadóirí, na Gaeil. Ba iad a d'fhuadaigh Pádraig óg go hÉirinn leo mar sclábhaí.

Ach ní shin amháin é. D'fhéadfadh sé gur thart ar an am seo a ruaigeadh na Déise as Déise Teamhrach sa Mhí is go ndeachaigh siad ó dheas, cuid acu go dtí an Bhreatain Bheag cuid eile acu go dtí an ceantar a bhfuil "Na Déise" fós mar ainm air. D'fhéadfadh sé gurb iad seo ba thúisce a chuaigh le Críostaíocht in Éirinn de bharr na teagmhála a bhí acu Dyfed ar an taobh eile de Mhuir Meann.

Ach tá tuilleadh i gceist leis an tréimhse seo. Ag an am seo freisin, timpeall na bliana 400, bhí na Frainc ag leathnú siar agus ag déanamh ionnarbtha ar na Gallaigh Chríostaí a fuair siad rompu. Tá fianaise ann gur theith cuid acu sin go hÉirinn, tír a bhí slán go maith ar ionradh ó eachtrannaigh ag an am sin. Thug na teifigh léann na hImpireachta leo, Laidin agus Gréigis, gramadach agus reitric, agus Críostaíocht.

As an gcíor thuathail sin a tháinig na clocha Oghaim ar aithris iad ar nós na hImpireachtaí leac a ardú in ómós don té a fuair bás nó ina c(h)uimhne.

Le go mbeadh aon substaint leis an gcur i gcás sin agam, níor mhór dátaí a chur leis na himeachtaí difriúla atá luaite agam: Ionnnarbadh na nDéise, Gabháil na Teamhrach agus Eamhain Macha, Fuadach Phádraig, Teitheadh na nGallach, agus an ceann achrannach sin, Teacht na Críostaíochta go hÉirinn (ós léir ó scríbhinní Phrosper Aquitanus go raibh Críostaithe sa tír roimh theacht Phádraig ar chor ar bith).

4 comments:

  1. Is suimiúil an teoiric í sin, gurbh é nós na Rómhánach a spreag na Gaeil chun leaca cuimhneacháin a ardú. Tá fianaise inmheánach ann, ar ndóigh, go raibh an aibítir Oghaim féin ann roimhe sin agus gur ar shlata adhmaid a scríobhadh í i dtús báire.

    ReplyDelete
  2. Is breá liom an teoiric faoi na Déise ag bogadh go dtí an Bhreatain Bheag agus ag tabhairt roinnt Críostaíochta ar ais leo.

    Ní raibh a fhios agam go rabhadar lonnaithe i dTeamhair ar dtús.

    ReplyDelete
  3. Caithfidh go mbídís ag scríobha Oghaim ar shlata adhmaid (agus ar chnámha - teach na Samhna go háirithe). Maidir leis na Déise sílim go bhfuil nó go raibh cúpla áit sa Mhí: Déise Teamhrach agus Déise Breagh agus ceann eile b'fhéidir. Tá barúntacht ann chomh fada le mo chuimhne a bhfuil 'Decies' air. Ach níl sa mhéid seo agam ach tús smaointeachais - agus tús taighde b'fheidir.

    ReplyDelete
  4. Brionglóid atá agamsa: go bhfaighfear cual de shlata Oghaim i móin éigin lá éigin.

    ReplyDelete