14.12.09

Cinsireacht stairiúil an Bhéarla

Idir dhearcadh polaitiúil atá bun os cionn le do dhearcadh féin is dearcadh do mhuintire agus leimhe agus leadrán an ábhair (mar a shonraíonn Dennis King), níorbh aon ionadh é dá bhfágfadh an scríobhaí tuirseach Gaelach cuid de na dánta a bhí os a chomhair gan chóipeáil. Ach ní ar aon taobh amháin a bhí an chinsireacht. Bhí cinsireacht na n-údarás Béarla níos troime agus níos cuimsithí agus curtha i bhfeidhm go neamhcheisteach ar bhonn forleathan institiúideach.

Ní bhfaighfí sampla níos fearr de sin ná bailiúchán lámhscríbhinní Diúc Urmhumhan féin. Bíodh is nach bhféadfainn a rá go ndearna mé aon scrúdú cuimsitheach ar na catalóga agus ar na calandair ar chuir John Gilbert tús lena soláthar, is léir go bhfuil nócha naoi ponc a naoi faoin gcéad de na cáipéisí a bhaineann leis an tréimhse céad go leith bliain ó lár na séú aoise déag go dtí deireadh na seachtú aoise déag, i mBéarla amháin. Lasmuigh den dán le Seoirse Ó Cadáin atá luaite anseo, níor aimsigh mé aon Ghaeilge sna tuairiscí ionadúla ar cheann de na bailiúchán páipéar stairiúil is mó in Éirinn; agus sin ainneoin go raibh an Ghaeilge á labhairt ag nócha naoi faoin gcéad de phobal na tíre ag am a scríofa.


Ní dóigh liom gur féidir aon leatrom a chur i leith na gcatalógaithe. Sa tuarascáil chéanna inar chuir sé tús lena chuid oibre ar lámhscríbhinní Urmhumhan thug Gilbert cur síos ar bhailiúchán Uí Chonchúir Dhoinn arb é an chéad leabhar a luann sé ann Leabhar Mheig Shamhráin. Mar sin, is é an chuma atá air gur cháipéisí riaracháin Bhéarla a roghnaigh Séamas Buitléir, Diúc Urmhumhan, a chaomhnú. Tá an dán Gaeilge coinnithe i leabhar lámhscríofa d’fhilíocht agus de mhíreanna eile; seachtó mír idir mhíreanna Laidine agus mhíreanna Béarla agus gan ach an t-aon cheann amháin sin acu i nGaeilge. Níl aon fhianaise mar sin gur chothaigh Diúc Urmhumhan léann nó litríocht na Gaeilge. A mhalairt. Mar a dúirt Ó Bruadair:

Mairg atá gan béarla binn

ar dteacht an iarla go hÉirinn;

ar feadh mo shaoghail ar chlár Chuinn

dán ar bhéarla dobhéaruinn.


Sa mhéid sin ní raibh Diúc Urmhumhan ach ag leanúint de nósmhaireacht riaracháin lucht an Bhéarla in Éirinn – murab ionann agus nósmhaireacht a shinsear féin. Sa tuarascáil dheireanach leis ar pháipéir Urmhumhan tá cur síos ag Gilbert ar cháipéisí Bhardas Chathair Phort Lairge. Tá an píosa seo in acht dá gcuid ón mbliain 1469-70, dhá chéad bliain roimh réimeas an Diúic:

And also if ony apprentise or ony other abiding or duelling within the saide citie or suburbes, of Yrishe blode and nation callid or provid, desire the liberte and francheis of the saide citie, that firste he shew his liberte of the Kyng undre seale ere his petition be recevid or admyttid, and that he be of Inglish aray, habite, and speche, to kepe tholde ruele and ordynnaunce hensforward of the saide citie.

9.12.09

Cinsireacht lámhscríofa


Tharla mé san seachtú haois déag le Seathrún Céitinn, níor mhiste fanacht ann tamall le rud beag a thabhairt faoi deara faoi thraidisiún na lámhscríbhneoireachta.

Am éigin idir an bhliain 1661 agus an bhliain 1688, scríobh Dáibhí Ó Bruadair an dán ‘A shaoi re gliogar gibé thusa’ ag cáineadh ‘bladaireacht do rin duine éigin do Dhiuic Urmhumhan’. Tá rann amháin den ‘duanóig bhladaireachta’ fós againn mar cuirtear mar réamhrá é le dán Uí Bhruadair in an-chuid de na lámhscríbhinní. Ní heol dom go bhfuil an rann féin nó an ‘duanóg’ a bhfuil sé inti, le fáil astu féin in aon áit. Ach thuairimeoinn go bhfuil go maith os cionn scór cóip de dhán Uí Bhruadair le fáil sna lámhscríbhinní.

Is fearra fá sheacht don talamh a theacht
dá chasnamh ar neart aineolach
'ná Conn is Niall, Goll is Brian
is Fionn na bhfiann bhflaithólach.
(Is fearr atá an tír faoi sheacht ó tháinig sé go dtí í, chun í a chosaint ar neart daoine aineolacha; [is fearr é] ná Conn, Niall, Goll, Brian, agus Fionn na bhFiann a d'ól deochanna uaisle.)

Níl aon dán do Shéamas Buitléir, chéad Dhiúc Urmhumhan in Poems on the Butlers. Ach is cinnte gur scríobhadh a leithéid dó – tá fianaise Uí Bhruadair againn air sin. Ach tá tuilleadh fianaise ann. I measc lámhscríbhinní Urmhumhan féin tá litir ón mBráthair Seoirse Mac Cadáin agus dán i meadaracht, séadna, in éineacht leis. Tá an litir i mBéarla agus an dán i nGaeilge. Tá an dá cheann i gcló in Dán na mBráthar Mionúr. Ní heol dom aon chóip eile den dán a bheith ann. Seo iad an chéad dá rann.

Diad bheatha, a Shémuis Buitléir,
a ruire TréanMhic na ngrás!
ó do geiniodh ’mbroinn do mháthar,
Dia Athair riot gus an lás.

Fear ionaidh an ríogh i nÉirinn,
ré linn cogaidh agus síodh’;
da dtug na tiodhlaicthe móra
Críost – córa dúinne bheith faoi.

(Dia do bheatha, a Shéamais Buitléir, a rí os cionn ríthe de chuid Íosa Críost; ó gineadh tú i mbroinn do mháthar tá Dia, an tAthair, leat go dtí inniu.

Is tú Fear Ionaid an Rí in Éirinn le linn cogaidh agus síochána; thug Críost (is ceart dúinn a bheith faoina cheannas) buanna móra duit.)

Tar éis do Shéamas, Iarla Urmhumhan – Diúc Urmhumhan ina dhiaidh sin – seasamh leis an Eaglais Phrotastúnach agus troid in éadan Chomhdháil Chill Chainnigh, dar liom gur chuir sé é féin lasmuigh den traidisiún Gaelach i dtuairim cuid mhaith de na scríobhaithe agus dá réir sin níor choinnigh siad taifead ar na dánta a scríobhadh dó féin ná dá theaghlach.

(Mar is nós liom, cuirim na tagairtí cuí sa bhlag ‘Foinsí’.)

7.12.09

Noda i gCloch


Líníocht í sin thuas a rinne George de Noyer i lár na naoú haoise déag de leac ar bhalla sean-séipéil i gCillín Chiaráin, i dTiobraid, i gContae Thiobraid Árann, i gcuimhne ar na sagairt, Eoghan Ó Dufaigh agus Seathrún Céitinn. Tá athchló uirthi in The World of Geoffrey Keating le Bernadette Cunningham (Four Courts Press, 2000) lch 15. Tugann sí le fios go bhfuil an leac fós ann. Díol suntais dar liom úsáid na nod ó thraidisiún na lámhscríbhneoireachta gaelaí. Tuilleadh fianaise é sin dar liom ar choimeádachas an traidisiúin chéanna.

Seo é an iarracht a rinne mé ar an inscríbhinn a athscríobh agus m'aistriú go Gaeilge uirthi. Sampla de Laidin na hEaglaise an tuiseal ochslaíoch iolra 'animabus'; ach ní mór dom a admháil go bhfuil gnéithe den nodaireacht - agus den easpa nodaireachta - nach dtuigim.

Orate pro animabus P. Eugen ui Duby vic de Tybrudi et D. Doct Galfi Keating huius Sacelli Fundatorum : necnon et pro omnibus aliis tam sacerd. quam laicis quorum corpa in eod iace in sa Anno Domini 1644.


Guígí ar son anamnacha an Athar Eoghan Ó Dufaigh, biocáire Tiobrad, agus an Dochtúra le Diagacht Seathrún Céitinn, bunaitheoirí an tséipéil seo agus freisin ar a son siúd uile, bíodh ina sagairt nó ina dtuataí, a bhfuil a gcorp ina luí sa séipéal céanna, bliain an Tiarna 1644.


Ní hionann baileach an t-athscríobh sin agamsa agus ceann Chunningham. Tugann sise leagan níos iomláine den Laidin. Seo é a hathscríobh sise.

Orate pro animabus Patris Eugenii Duhy vicarii de Tybrad et Domini Doctoris Galfridii Keating huius sacelli fundatorum necnon et pro omnibus aliis tam sacerdotibus quam laicis quorum corpora in eodem iacent Sacello. Anno Domini 1644