7.12.09

Noda i gCloch


Líníocht í sin thuas a rinne George de Noyer i lár na naoú haoise déag de leac ar bhalla sean-séipéil i gCillín Chiaráin, i dTiobraid, i gContae Thiobraid Árann, i gcuimhne ar na sagairt, Eoghan Ó Dufaigh agus Seathrún Céitinn. Tá athchló uirthi in The World of Geoffrey Keating le Bernadette Cunningham (Four Courts Press, 2000) lch 15. Tugann sí le fios go bhfuil an leac fós ann. Díol suntais dar liom úsáid na nod ó thraidisiún na lámhscríbhneoireachta gaelaí. Tuilleadh fianaise é sin dar liom ar choimeádachas an traidisiúin chéanna.

Seo é an iarracht a rinne mé ar an inscríbhinn a athscríobh agus m'aistriú go Gaeilge uirthi. Sampla de Laidin na hEaglaise an tuiseal ochslaíoch iolra 'animabus'; ach ní mór dom a admháil go bhfuil gnéithe den nodaireacht - agus den easpa nodaireachta - nach dtuigim.

Orate pro animabus P. Eugen ui Duby vic de Tybrudi et D. Doct Galfi Keating huius Sacelli Fundatorum : necnon et pro omnibus aliis tam sacerd. quam laicis quorum corpa in eod iace in sa Anno Domini 1644.


Guígí ar son anamnacha an Athar Eoghan Ó Dufaigh, biocáire Tiobrad, agus an Dochtúra le Diagacht Seathrún Céitinn, bunaitheoirí an tséipéil seo agus freisin ar a son siúd uile, bíodh ina sagairt nó ina dtuataí, a bhfuil a gcorp ina luí sa séipéal céanna, bliain an Tiarna 1644.


Ní hionann baileach an t-athscríobh sin agamsa agus ceann Chunningham. Tugann sise leagan níos iomláine den Laidin. Seo é a hathscríobh sise.

Orate pro animabus Patris Eugenii Duhy vicarii de Tybrad et Domini Doctoris Galfridii Keating huius sacelli fundatorum necnon et pro omnibus aliis tam sacerdotibus quam laicis quorum corpora in eodem iacent Sacello. Anno Domini 1644

2 comments:

  1. Mo cheol thú! Tá sé seo an-suimiúil. An dtuigeann tú na litreacha ar dheis na croise, AθR (?) ?

    ReplyDelete
  2. Ní thuigim. Ná ní cuimhin liom a leithéid a fheiceáil cheana. Rithfeadh sé leat gurb é comhartha nó marc an tsaoir cloiche é ach amháin an áit shuntasach a bhfuil sé curtha aige ag barr na leice.

    ReplyDelete