13.1.10

Tús na Litríochta


Is iad inscríbhinní na gclocha Oghaim an litríocht scríofa is sine atá againn. Na píosaí scríbhneoireachta a scríobhadh in Éirinn atá ar aon bhealach chomh sean leo is sa Laidin atá siad.


Dar liom gur féidir linn ceithre dhoiciméad a chur i gcás ar dócha gur scríobhadh iad in Éirinn am éigin sa chúigiú haois. Is é sin is dócha, am éigin idir an bhliain 430 agus 500. Is iad seo atá i gceist agam.


1. Liosta treoracha a cheap na hEaspaig, Patricius, Auxilius, agus Isserninus, don chléir agus a thosaíonn leis an focail ‘Incipit Sinodus Episcoporum id est Patrici Auxilii Issernini.’ Chéad Shionad Phádraig a thugtar ar an doiciméad is cosúil nó Synodus I S. Patricii. Tá tríocha ceathair ordú ar fad ann faoin gcaoi ar cheart do chléirigh iad féin a iompar, na héadaí ba cheart dóibh a chaitheamh, na bronntanais ar cheart dóibh glacadh leo, nó gan glacadh leo, etc. etc.; iad uile spéisiúil ar a mbealach féin. Caitear solas áirithe ar chur chuige na hEaglaise in Éirinn agus ar chuid de chreideamh na Sean-Ghael. Mar shampla a gcreideamh i lamiae agus strigae.


2. & 3. Litreacha cáiliúla Phádraig: an Confessio agus an litir Ad Coroticum.


4. Annála Éireannacha éigin. Ainneoin nach bhfuil aon bhailiúchán annála ar fáil ar féidir a rá gur scríobhadh é sa chúigiú haois, is féidir a leithéid a chur i gcás. Cuireann James Carney i gcás mar shampla go raibh annála á gcoinneáil in Ard Mhacha ón mbliain 445 nó b’fhéidir 444. Tá iarsmaí ó na hannála sin le fáil dar leis in Annales Cambriae, in Annála Uladh, in Annála Inis Faithlinn, sa Chronicon Scottorum, in Annála Thighearnaigh agus i Leabhar Nuachongbhála. Tá gach seans, freisin, gur cuid iad annála úd Ard Mhacha d'annála eile a chuireann na scoláirí i gcás, Croinic na hÉireann nó mar a thugann siad air i mBéarla (teanga oibre agus oifigiúil na scoláirí) an ‘Chronicle of Ireland’. An deacracht leis na hannála, cuireann Carney go maith é agus é ag caint faoi na hannála mar atá siad ar fáil inniu: ‘Much as we value the Annals they cannot be regarded as on a par with the Confessio or Prosper’s Chronicle – the manner of tradition forbids this, as also does the fact that the number of entries relating to the fifth-century that is generally accepted as ‘genuine’ seems to be shrinking rapidly.’


Sin é é. Sin agaibh, in éineacht leis na clocha Oghaim, tús na litríochta in Éirinn. (Agus pictiúr le Waterhouse de Lamia mar mhionbhronntanas breise.)

3 comments:

  1. An bhfuil cóip de Synodus I S. Patricii ar fáil ar an idirlíon?

    ReplyDelete
  2. Dá mba téacs stairiúil é, seachas píosa atógála teangeolaíoch, bheadh cáipéis sár-luachmhar ó ré luath na litríochta in Éirinn againn anseo. Aistriúchán de théacs Sean-Ghaeilge siar go Gaeilge Ársa atá ann.

    ReplyDelete
  3. Scéal breá. Bhí na Sean-Ghaeil tugtha don chiúnas, ceart go leor. Leagan a chuala mé tríocha bliain ó shin i mBéarla ba é an leite an t-ábhar argóna. 1ú bliain, 1ú manach: I like porridge. 2ú bliain, 2ú manach: I hate porridge. 3ú bliain, 3ú manach: Stop this constant bickering about porridge!

    Theip orm an Synodus a aimsiú ar an idirlíon.

    ReplyDelete