28.4.10

Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha


Am éigin i lár na cúigiú haoise déag - tá an bhliain 1450 chomh maith le dáta ar bith - rinneadh aistriú Gaeilge ar scéal eachtraíochta ar sa Fhraincis a scríobhadh é ar dtús, La Queste del Saint Graal, nó sa Bhéarla The Quest of the Holy Grail. An leagan is sine sa Fhraincis - an bunscéal as ar fhás na leaganacha eile, seans - b'fhéidir gurb é Chrétien de Troyes a scríobh am éigin sa cheathrú deireanach den dara haois déag.

Sheila Falconer a chuir an t-aistriúchán Gaeilge in eagar agus is í an Institiúid Ard-Léinn a d'fhoilsigh sa bhliain 1953. Is í an t-eagarthóir a bhaist an teideal 'Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha' ar an scéal nó tá an leagan Gaeilge gan a bheith iomlán - níl tús an scéil againn.

Cúpla pointe ba mhaith liom a dhéanamh faoin scéal Gaeilge. Ar dtús, níl aon amhras orm ach gur téacs deabhóideach teagascach atá ann. Rachainn chomh fada lena rá gur scríobhadh é díreach leis an deabhóid a spreagadh i lucht a léite. Faoi ridirí an Bhoird Chruinn atá sé agus an chaoi a ndeachaigh siad ar fán ar fud na háite, go háirithe i bhforaoisí, ag lorg an tSoithigh Naofa, soitheach a d'úsáid Íosa Críost féin ag an Suipéar Deireanach. Leagtar béim i gcónaí ar chreideamh na ridirí i nDia; is minic iad ag dul ar a nglúine ag guí Dé agus ag lorg cúnaimh air; faightear locht ar an ridirí in amanta as níos mo muinín a chur ina gcuid arm ná i nDia féin; tá an insint lán de fháthchialla - nithe sa nádúr ag seasamh d'Íosa Críost, do na soiscéalaithe, don Diabhal. Is iad na ridirí is íonghlaine agus is beannaithe a fhaigheann radharc ar an Soitheach Naofa sa deireadh.

Tig linn a bheith níos bheaichte faoin gcineál díograise cráifí atá ann. Ag pointe amháin sa scéal tá Sir Persaual á ionsaí ag scór ridirí eile. Tá sé i gcontúirt ach tagann ar an bhfód aon ridire armáilte éidithe, é ar each aigeanta éirimiúil agus 'sciath geal go crois ndeirg' ar iompar aige. Is í an chros dhearg ar bhán sainchomhartha na dTeamplóirí.

Tá gnéithe eile de dheabhóid na dTeamplóirí - a cuireadh faoi chois de bharr fheall Pilib IV na Fraince agus laige an Phápa Cléimeans V i dtús na ceathrú haoise déag - le sonrú ar an Lorgaireacht de bhreis ar chomhartha na croise deirge agus ar an gcreideamh i nDia agus sa míleatachas. Leag Naomh Bearnárd Clairvaux síos sna rialacha do na Teamplóirí aimsir a mbunaithe nach mbeadh aon bhaint acu le mná.

Tá an col le mná mar fhoinse pheaca agus collaíochta le léamh ar eachtra scanrúil amháin sa scéal. Tá cailín álainn tar éis casadh ar Sir Persaual. Deir sí leis go bhfuil grá aici dó. ‘A Sir Persaual,’ ol an iníon, ‘ní mó do shearc domsa ná an grá dofhulaingthe atá liomsa duitse.' Leanann an cailín uirthi ag baint úsáide breá as an bhforainm iontáite: 'Óir is cian,’ ol sí, ‘ó rot charas ar d'uirscéalaibh roimh at-chonnarc tú.’

Leanann an scéal ar aghaidh le ceann de na píosaí beag is deise liom sa Lorgaireacht uile: D'fháiltigh Persaual leis an aitheasc sin agus chuaigh san iomdha - an leaba - agus luigh an iníon go héasca in aice leis. Agus chuir siad lámh thar shleasa a chéile agus ghabhadar ag áineas agus ag imagallamh le chéile.

Bhí go maith ach spreag rud éigin Persaual le héirí as an leaba agus breathnú ar chlaíomh a bhí in aice láimhe. Chonaic sé cros dhearg i lár an chlaímh. Ghearr sé fíor na croise air féin agus ar an bpointe léim an iníon as an iomdha agus chuaigh gach rud san aer agus ní raibh a fhios ag Sir Persaual céard a tharla di ach amháin gur éirigh dubhnéall dobholaidh ina thimpeall, amhail bíonn i bhfodhomhain ifrinn. (ll 2340-75)

Teagasc manachúil atá ansin: seachain na mná a Theamplóirí nó dála Eua is iad a thabharfaidh an chollaíocht pheacúil isteach in bhur saol. Má deir bean go bhfuil si i ngrá leat, nó níos measa fós má cheapann tusa go bhfuil tú i ngrá léise, tabhairt aire - is é an diabhal atá ann. Tá dochar mór sa teagasc sin dar liom, go háirithe nuair a fhéachtar le é a chur i bhfeidhm lasmuigh de chomhthéacs an oird rialta a bhí i gceist leis na Teamplóirí. Is mó fós an dochar atá ann má bhreathnaítear ar
Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha mar chineál úrscéil a bhfuil léargas éigin ar an bhfírinne le fáil ann. Tá fírinne sa Lorgaireacht go cinnte ach ní hí 'fírinne' an teagaisc sin í.

18.3.10

Filíocht ón 5ú haois

Dún Ailinne

Ceann de na clocha oghaim is spéisiúla fuarthas í i reilig in Castell Dwyran, Dyfed, sa Bhreatain Bheag. Déanann sé comóradh ar Votecorigas nó sa Laidin, Voteporix, taoiseach a mhair sa séú haois. An rud atá suntasach faoi go bhfuil an Laidin agus an Ghaeilge, a bheag nó a mhór, ar comhchéim. Má ghlacaimid leis gur thosaigh an dá shruth, sruth an héigse dúchasaí agus sruth an léinn Laidine, ag teacht le chéile sa séú haois, caithfear glacadh leis dar liom gur an bhonn cothrom é. Ag caint dó ar an ogham, ar an ngaisce intleachtach a bhí i gceist leis, agus ar dhearcadh na nGael ina leith, deir Charles Edwards: It was a demonstration of the claim that their language matched that of Rome.

Ní haon ionadh mar sin, nuair a chuaigh an éigse, na filí, agus an aos eagna, i dtreo na scríbhneoireachta le peann, go scríobhfaidís nithe síos a bhain leis leis an traidisiún acu féin. Ar na samplaí is sine den litríocht sin tá na dánta a scríobhadh do ríthe Chúige Laighean. Deir Carney go dtéann cuid acu siar go dtí an cúigiú haois. Ceann de na dánta is faide is do rí nó do thaoiseach darbh ainm Nad Buidb mac Eirc a scríobhadh é, thart ar an mbliain 500, deir sé.

Tá cuid de na dánta sin le fáil i measc ginealach na Laighneach, mar shampla sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502, sa mBodleian in Oxford, arbh fhéidir gurb é Leabhar Ghlinne Dá Locha é.

Rud atá spéisiúil faoi chuid de na dánta seo, go luaitear iad le filí faoi leith: Find Rossa Ruaid, mar shampla, agus Ladcenn mac Barcida. Tugann P.L. Henry sampla de véarsa le Ladcenn agus luann an cúram atá air, mar a deir file Gododdin na Breatnaise, an rí a mholadh.

Nidu dír dermait
Dála cach ríg rómdae
Reimsi ríg Temra
Tuatha for slicht slógdae.

Ní cuí domsa
Cinniúint na ríthe móra a dhearmad.
Réim ríthe na Teamhrach
Is pobail ag cur chun catha.

Is léir mar sin, agus litríocht na Gaeilge i dtús a scríofa síos, go bhfuil na filí faoina n-ainmneacha féin, chun tosaigh, agus a stádas féin agus an obair a bhí ar siúl acu faoi ghradam.

16.3.10

Draoi de chineál eile


Cén fáth ar éirigh le Pádraig? Cén chaoi ar éirigh leis an tír uile a thabhairt chun na Críostaíochta? Míniú deas ag James Carney air.

The poet's person was generally sacred, an outrage committed against him was likely to be followed by a fiurt filed, 'a poet's miracle', avenging the deed. Indeed the sanctity of the person of the poet, inherited, as we assume, from that of the druid, probably explains why there were no martyrs for the faith in early Ireland: the Christian missionaries were regarded as foreign druids, and accorded the conventional courtesies.

Ach bhí nithe eile i gceist freisin, is dócha. Dul leis an Eaglais chiallaigh sé do dhaoine óga agus do na mná, imeacht ó smacht an taoisigh. Thug an Chríostaíocht léi, freisin, gradamúlachas, údarás, taibhseacht agus faisean na hImpireachta Rómhánaí mar aon le teicneolaíochtaí nua, mar leabhair, an scríbhneoireacht, agus córas éifeachtach riaracháin. Ach an phríomhchúis, má ghlacaimid le Carney, gur breathnaíodh ar chléirigh na hEaglaise Críostaí mar dhraoithe de chineál eile. Is deas an rud teacht na Críostaíochta a fheiceáil ó pheirspictíocht na nGael.

14.3.10

Aos eagna agus aos léinn


Bhí aicme in Éirinn fadó a bhí oilte i gcúrsaí teanga - bhí siad in ann anailís a dhéanamh ar fhuaimeanna na teanga agus bhí córas acu leis na fuaimeanna sin a aistriú go cloch i bhfoirm eangacha greanta (litreacha, nó fleasca más fearr leat).

Bhí siad sin, nó aicme eile a bhí gar dóibh - glacaimis leis - sa struchtúr sóisialta céanna - freagrach as dánta a cheapadh agus as scéalta, miotais, dlíthe, agus ginealais a chaomhnú.

Tugtar 'draoithe' ar na daoine sin go minic, bíodh is gur dócha go raibh go leor den aicme nár dhraoithe ar chor ar bith iad. An téarma, 'draoi', féin tá sé míshásúil, go pointe, mar tá sé ceangailte leis an bhfocal 'draíocht' agus tá oiread sin idé-eolaíochtaí, réamhchlaonta, rómáns, masla, míthuisceana, agus míréasúin ag bhaint le húsáid an téarma sin gur éigean is féidir í a úsáid go ciallmhar ar chor ar bith. (Eolaíocht nó fealsúnacht dreama amháin, mar shampla, tugann dream eile draíocht nó piseogacht uirthi.)

Má táimid le cur síos a dhéanamh ar an 'aicme' seo, b'fhearr liom focal mar 'an t-aos eagna' nó 'an t-aos ealaíne' a thabhairt orthu (ag coinneáil i gcuimhne gur chuimsigh an seanfhocal 'ealadha' eolaíocht i dtuiscint an lae inniu!)

Ní féidir 'aos léinn' a thabhairt orthu mar is ón Laidin a thagann an focal 'léann' (legendum) agus is iad a bhí i gceist leis an aos léinn na scoláirí (scholaris) de chuid na heaglaise (ecclesia) a shaothraigh an leabhair (liber) agus a scríobh (scribo) iontu le peann (penna) is é sin i gcairt (charta) no ar mheamram (membranum).

Sa séú haois thosaigh an dá aicme seo ag druidim le chéile. Thosaigh an dá shruth, sruth an aosa léinn agus sruth an aosa eagna, ag sileadh isteach san aon abhainn amháin, an abhainn is ionann agus litríocht na Gaeilge ó shin i leith. Tá an abhainn sin fós ag rith.

29.1.10

Fionn in Ifreann


Bhí mé ag leanúint na mblaganna faoin bhFiannaíocht mar seo is mar siúd, agus san am céanna thosaigh mé ag léamh Early Christian Ireland le T.M. Charles-Edwards, agus an chaibidil faoi chéad easpag na nGael, Palladius, go háirithe. Cuireann Charles-Edwards teacht Phalladius go hÉirinn (‘Collait’ a ainm sa tSean-Ghaeilge) i gcomhthéacs an aighnis diagachta san Eaglais ag an am idir Pelagius (tig leis an dea-dhuine a bheith slánaithe bíodh nár chuala riamh faoi Íosa Críost – ní hann do ‘Pheaca an tSinsir’) agus Agaistín (is ann do ‘Pheaca an tSinsir’ de bhrí gur tríd an gcollaíocht a thagann an duine ar an saol mar sin ní hann don dea-dhuine gan creideamh in Íosa Críost agus gan ghrásta an bhaiste).

Aighneas mór bunúsach é. Tógaimis Job sa Sean-Tiomna mar shampla. Ar slánaíodh é toisc gur dea-dhuine é mar a mhaígh Pelagius? Nó, mar a mhaígh Agaistín, toisc gur réamhtheachtaí do Chríost é gan fhios dó féin, fáidh nó fáideoireacht neamh-chomhfhiosach. Is leis na Gaeil a chosaint ar Phelagius, cuid mhaith, a cuireadh Palladius go hÉirinn.

Ansin, léigh mé an méid seo Charles-Edwards ar lgh 209-10:

To judge by the opinions generally held in the late seventh century, these issues of the good pagan (or gentile) and prophecy of Christ came to be of direct concern to churchmen within Ireland. What seems to have happened is that the Irish adopted both the good pagan of Pelagius and the prophet of Augustine.... Augustine’s prophets, translated to Ireland, were crucial in rescuing the native pre-Christian past from a wholescale condemnation to the fires of Hell.

Tugann sin comhthéacs diagachta don díospóireacht idir Oisín agus Pádraig, sárú a fhaightear go minic san Fhiannaíocht, go háirithe in Agallamh na Seanórach. Blaiseadh beag den díospóireacht an cúpla rann seo a leanas as Laoithe na Féinne leis an Seabhac, lch 23 (sa chuid a dtugann sé ‘Agallamh Oisín agus Phádraig’ air).

Cionnus dob fhéidir le dia
ná a chliar bheith níos fearr

ná Fionn, flaith na bhFiann

duine fial do bhí gan cháim.


Gach a n-abair tusa ’sa an chliar

do réir riaghlach Ríogh na Reann

do bhí súd ag Fiannaibh Finn
is táid i bhFlaitheas Dé go teann. ...

Adeir tusa nach téid fial

go hIfreann na bpian go bráth,

ní raibh aon neach san bhFiann

nach raibh fial ameasc cách.

Cuireann an comhthéacs diagachta sin faobhar le fiú is an scéil ghrinn seo ón séú haois déag.

Tugann sé freisin toise eile do cheann de phríomhchodarsnachtaí an Agallaimh, agus san Fhiannaíocht, an difear idir ceol nádúrtha an dúlra agus ceol an chloig agus cantain an tsailm.

28.1.10

An Coimhthíoch Deifnídeach



Is féidir ‘cás an duine aonair’ a rianadh siar go maith i litríocht na hEorpa – an duine atá as alt, atá ar bhealach éigin bun os cionn leis na daoine a mbíonn sé ag maireachtáil leo, nó a mbíonn sé ag plé leo – duine b’fhéidir nach mbíonn in éineacht le daoine eile mórán ar chor ar bith. Deir daoine a bhíonn ag scríobh faoin úrscéal gurb é Cervantes a thosaigh an tíopa liteartha seo nuair a scríobh sé Don Quixote.


Tá an smaoineamh tar éis a bheith ag bailiú nirt ó shin. Chuir Byron agus na Rómánsaithe leis, chuir an fealsúnaí Kierkegaard leis, agus Nietzsche. Rinne Gogol agus Dostoevsky a gcuid de, fuair scríbhneoirí nua-aoiseacha mar Knut Hamsun, Franz Kafka agus James Joyce greim air. Chuir na Marxaigh coincheap an ‘coimhthíos’ leis agus d’fhorbair lucht an eiseachais é ina dhiaidh sin agus fuaramar an eiseamláir, L’étranger, ó Albert Camus. Sna caogaidí chuir an scríbhneoir Sasanach Colin Wilson ainm air, ‘The Outsider,’ agus scríobh sé leabhar faoi.


Tá sé againn sa Ghaeilge ag dul i bhfad siar. Níl aon amhras ach gur strainséir é an Ceithearnach Caoilriabhach nó Mac na Míchomhairle. Sa seachtú haois déag, ba ‘outsiders’ iad Éamonn Ó Cléire (de bharr an alcóil) agus Tomás Ó Casaide (sagart díbeartha agus fear déirce de réir gach cosúlachta). Duine díbeartha sa ‘nua-aois’ is ea Mícheál Ó Maoláin in Deoraíocht. Agus tá gothaí go leor an choimhthís agus eiseachais ag baint le Fuíoll Fuine le Máirtín Ó Cadhain, An Uain Bheo le Diarmaid Ó Súilleabháin, agus An Coimhthíoch le Séamas Mac Conmara.


Ach tá an tíopa liteartha tar éis céim eile ar fad a thógáil le Gluaiseacht le hAlan Titley. Dá gcuirfí an cheist cé hé an duine is lú tábhacht sa tsochaí seo againne, an té atá chomh mór sin lasmuigh gur ar éigean atá sé ann, duine atá ar uireasa aon cheangal le haon duine – ceangal fola, ceangal cairdis, ceangal oibre – duine atá gan aird ar gach bealach, cé déarfá? Ag caint faoi shaol na hÉireann dúinn, déarfá go mb’fhéidir gur duine gorm a bheadh ann, gan Béarla aige nó Gaeilge, é óg, sna déaga b’fhéidir, gan aon ghaol aige, gan chairde agus gan a ainm ar eolas ag aon duine. Sin laoch Gluaiseacht.


Dar liom gur céim mhór chun tosaigh é seo ó thaobh traidisiún liteartha na hEorpa. Is é an fáth go ndeirim é sin mar go dtí seo bhí na strainséirí, na daoine corra, na eisigh, ar fad taobh istigh den chultúr acu féin – bhí teanga na tíre acu, bhí an dath craicinn céanna acu, bhí an cultúr céanna acu a bheag nó a mhór bíodh is gur dhiúltaigh siad dó, nó gur airigh siad míshásúil é ar bhealach éigin. Ach tá laoch Titley, nach n‑ainmnítear is nach bhfuil a fhios againn cárb as dó ach amháin gur dócha gur áit éigin san Afraic é, gan aon chultúr. D’fhéadfá a rá go dtagann sé ar an saol nuair a maraítear gach duine sa bhaile beag ina raibh cónaí air agus é ag fáil uisce ón tobar. (Agus mura bhfuil an scéal léite agat, b’fhéidir gur mhaith leat stopadh anseo nó b’fhéidir gur loitiméireacht scéil nó ‘spoiler’ a bheidh sa chuid eile anseo síos.)


An íomhá is fearr air sin an gaineamhlach a mbíonn air taisteal thríd – gaineamhlach nádúrtha é, murab ionann agus an díseart a mbíonn air dul thríd san Eoraip ar díseart daonna é. An t‑aon chaidreamh sásúil a éiríonn leis a dhéanamh scriostar é sa pharrthas Eorpach a raibh sé féin agus a chomthaistealaithe (tá an réimír ‘comh’ róláidir sa chomhthéacs seo – na taistealaithe a bhí ar an turas céanna leis) ag tnúth leis agus nár fíoraíodh.


Gné eile de chur chuige an 'stainséara' a n‑éiríonn le laoch óg Gluaiseacht a thabhairt leis go bhfuil sé beagnach go hiomlán éighníomhach. Dála N. i scéal an Chadhanaigh, ligeann sé do rudaí tarlú dó; is beag cinneadh dearfach a dhéanann sé féin faoi rud ar bith.


Ach téann Titley níos faide ná díreach coincheap an ‘outsider’ a bhrú go bun an angair. Baineann sé an bonn freisin den rud is scéal ann. Ní scéal é seo sa chiall seo: níl ann ach lár an scéil. Go deimhin is féidir linn scrios an bhaile bhig a fheiceáil mar ‘thús’. Ach níl ann ach tús an turais, tús na gluaiseachta. Ná ní thagann aon deireadh leis an ngluaiseacht. Agus mura bhfuil deireadh leis an scéal agus nach bhfuil tús ann ach ar éigean, cén chaoi a bhféadfadh lár a bheith ann? Cén chaoi a bhféadfadh scéal a bheith ann? Gluaiseacht is ea an leabhar uile.


Tá Alan Titley tar éis leagan nua ar fad den seanmhiotas Eorpach sin, an Giúdach Fáin, a chur ar fáil dúinn agus is scanrúil an fhís í. Tá an íomhán, an phearsa, an insint scúite anuas ar fad. Ná ní cruthúnas liteartha ar fad é, mar freagraíonn sin uile, agus buachaill óg Gluaiseacht ach go háirithe, do chruálachas agus do mhídhaonnacht an tsaoil atá cruthaithe ag an duine le ceithre scór éigin bliain anuas.

13.1.10

Tús na Litríochta


Is iad inscríbhinní na gclocha Oghaim an litríocht scríofa is sine atá againn. Na píosaí scríbhneoireachta a scríobhadh in Éirinn atá ar aon bhealach chomh sean leo is sa Laidin atá siad.


Dar liom gur féidir linn ceithre dhoiciméad a chur i gcás ar dócha gur scríobhadh iad in Éirinn am éigin sa chúigiú haois. Is é sin is dócha, am éigin idir an bhliain 430 agus 500. Is iad seo atá i gceist agam.


1. Liosta treoracha a cheap na hEaspaig, Patricius, Auxilius, agus Isserninus, don chléir agus a thosaíonn leis an focail ‘Incipit Sinodus Episcoporum id est Patrici Auxilii Issernini.’ Chéad Shionad Phádraig a thugtar ar an doiciméad is cosúil nó Synodus I S. Patricii. Tá tríocha ceathair ordú ar fad ann faoin gcaoi ar cheart do chléirigh iad féin a iompar, na héadaí ba cheart dóibh a chaitheamh, na bronntanais ar cheart dóibh glacadh leo, nó gan glacadh leo, etc. etc.; iad uile spéisiúil ar a mbealach féin. Caitear solas áirithe ar chur chuige na hEaglaise in Éirinn agus ar chuid de chreideamh na Sean-Ghael. Mar shampla a gcreideamh i lamiae agus strigae.


2. & 3. Litreacha cáiliúla Phádraig: an Confessio agus an litir Ad Coroticum.


4. Annála Éireannacha éigin. Ainneoin nach bhfuil aon bhailiúchán annála ar fáil ar féidir a rá gur scríobhadh é sa chúigiú haois, is féidir a leithéid a chur i gcás. Cuireann James Carney i gcás mar shampla go raibh annála á gcoinneáil in Ard Mhacha ón mbliain 445 nó b’fhéidir 444. Tá iarsmaí ó na hannála sin le fáil dar leis in Annales Cambriae, in Annála Uladh, in Annála Inis Faithlinn, sa Chronicon Scottorum, in Annála Thighearnaigh agus i Leabhar Nuachongbhála. Tá gach seans, freisin, gur cuid iad annála úd Ard Mhacha d'annála eile a chuireann na scoláirí i gcás, Croinic na hÉireann nó mar a thugann siad air i mBéarla (teanga oibre agus oifigiúil na scoláirí) an ‘Chronicle of Ireland’. An deacracht leis na hannála, cuireann Carney go maith é agus é ag caint faoi na hannála mar atá siad ar fáil inniu: ‘Much as we value the Annals they cannot be regarded as on a par with the Confessio or Prosper’s Chronicle – the manner of tradition forbids this, as also does the fact that the number of entries relating to the fifth-century that is generally accepted as ‘genuine’ seems to be shrinking rapidly.’


Sin é é. Sin agaibh, in éineacht leis na clocha Oghaim, tús na litríochta in Éirinn. (Agus pictiúr le Waterhouse de Lamia mar mhionbhronntanas breise.)