Tá an frása suimiúil seo (ach coigeartú áirithe nua-Ghaeilge déanta agam air) le fáil in Lorgaireacht an tSoidhigh Naofa:
Ro éirigh bruth agus borrfadh Sir Galafas á fheicsin, go raibhe a éan gaile ar foluamhain uasa innibh agus uasa anáil....
Ní cosúil gur choincheap neamhghnách é sa litríocht go mbeadh ‘éan gaile’ ag éirí amach as laoch agus ag foluain os a chionn; is é sin éan de shaghas éigin ar éan 'gaisce' é, nó b’fhéidir éan ceo nó éan deataigh a d’fheictí nuair a bhíodh gaiscíoch ar buile.
Is éard is ‘én gaile,’ ann dar le DIL, ‘bird of valour, a phenomenon supposed to accompany the martial fury of heroes (cf. O. Ir. lúan láith).’ Tugann siad samplaí eile. Tá an ceann seo le fáil in Imeachta Aeniasa, an t‑aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar Aeneid Virgilius am éigin sa cheathrú haois déag (aistriúchán cruinn ach ciorraithe é) agus atá le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta. Tá Tuirnd (Turnus) tar éisPaill (Pallas) a mharú. Nuair a chloiseann Aenias an scéal tá olc air.
In tan tra rochuala Aenias in sgel sin, doeirigh a bruth 7 a brig and, 7 a fherg 7 a gal curudh, 7 adraig a en gaile co mbai for luamain uasa cind. Ba ferg nathrach ferg Aenias in tan sin....
Ba mhaith liom a chur i gcás – is é sin is píosa fantaisíochta de chuidse é ‑ gur deilbh den éan gaile atá ar bharr an chlogaid sin thuas a fuarthas in Ciumesti sa Rómáin sa bhliain 1961; agus gur chuid é den trealamh scanraithea chleachtadh na Gaeil agus iad i mbun cogaíochta, mar aon le buabhaill, screadach, béicíl, agus gleo coitinn. Tá hinsí ar na sciatháin sa chaoi is go mbidís ag bogadh suas síos agus an gaiscíoch ag treabhadh roimhe is ag déanamh creiche. Deirtear gur fiach dubh é an t‑éan.
Ceann de na scéalta is diamhaire dar liom ‘Tochmarc Emire’, an scéal a insíonn faoin gcaoi a ndeachaigh Cú Chulainn ag suirí le hÉimhear, iníon Fhorghaill Monaigh, agus faoin gcaoi ab éigean dó triall go hAlbain ag foghlaim gaisce ina dhiaidh sin chun í a fháil.
Ní dhíreoidh mé anseo ach ar cheann de na míreanna is diamhaire sa scéal: an t‑agallamh idir Cú Chulainn agus Éimhear nuair a chastar ar a chéile den chéad uair iad. Ní miste agallamh a thabhairt air. Caitheann an bheirt ceisteanna dúfhoclacha lena chéile. Ag tástáil éirime, intleachta, oiliúna, agus oiriúnachta a chéile atá siad. Tá a fhios acu araon an duais atá ann don té a n‑éiríonn leis nó léi sa tástáil: colainn an duine eile.
Óna thaobh seisean de, tá Cú Chulainn breá sásta le hÉimhear agus é breá réidh duais a cholainne féin a bhronnadh uirthi. Ag féachaint dó ar a bhfuil le feiceáil dá brollach thar a léine deir sé: ‘Caín a mag sa mag alchuing.’ Is é sin, is caoin an mhá í sin, má atá thar ceangal.
Ach níl sé chomh héasca sin Éimhear a shásamh. ‘Ní shroichfidh aon duine an mhá sin,’ ar sise, ‘nach maraíonn céad fear ar gach áth ó Áth Scéine Meann ar Ollbhine go dtí Banchuing céad ar a mbrúchtann Brea dlúthdhosach Fedelm.’
Mar a deirim is téacs diamhair é agus ní hí an chuid is lú den diamhair brí na bhfocal. Tá go leor amhras faoina gciallaíonn focail áirithe sa mhír sin thuas. Mar shampla léitear an focal ‘alchuing’ mar aon fhocal amháin a chiallaíonn ‘raca arm.’ Sin é an léamh ar ghlac Thomas Kinsella leis nuair a d’aistrigh sé abairt sin Chú Chulainn go Béarla mar seo: ‘I see a sweet country,’ he said. ‘I could rest my weapon there.’ Tá sin go deas, agus macalla ann de ‘country matters’ Hamlet fiú amháin. Ach tar éis dom breathnú ar Ghraiméar Thurneysen § 825, chuaigh mise sa seans thuas lena léamh mar dhá fhocal: al (= thar, ar an taobh thall de) + cuing.
Ar an gcaoi chéanna tá amhras ann faoi fhocailÉimhire. ‘Comainm n‑arcait’ a deir sí, mar shampla, agus ceaptar gurb ionann sin agus ‘céad’ nó bhí an focal ‘arcait’ i mBéarla na bhFilí, nó focal cosúil leis, agus an bhrí ‘céad’ leis.Ní hamháin sin ach tá an ghluais Laidine ‘vulnerare centum’ curtha leis sa lámhscríbhinn. Agus cad é 'Brea' agus an mbrúchtann sé nó sí? 7rl.
Ar aon chuma leanann Cú Chulainn air ag labhairt faoin má agus cé chomh caoin is atá sí agus ní fhaigheann de freagra ach tuilleadh coinníollacha a bheith leagtha anuas air.
Tá ábhar breá acadúil do lucht na Sean-Ghaeilge sa scéal go cinnte. Ach samhlaigh an t-agallamh sin a bheith á lua le fear óg i gcomhthéacs lasmuigh ar fad de na hallaí léannta ....Á, mar a dúirt an t-amhránaí Francach sin fadó: cá bhfuil an sneachta a bhí anuraidh ann?
Má chuir sé as domsa an dearcach diúltach i leith na mban a léiríodh in Lorgaireacht an tSoithigh Naofa, níor dhada sin i gcomparáid leis an olc a chuir sé ar Alfred Nutt, duine de na scoláirí is mó a d’fhéach le bun Ceilteach na Lorgaireachta a chur. Ag labhairt dó faoi údar na Lorgaireachta, mar a thugann sé air, ‘The author of the Queste’, deir sé:
Had the mediaeval ascetic really felt [a deep reverence for woman] we could have forgiven the stupidity which ignores all that constitutes the special dignity and pathos of womanhood. But he felt nothing of the kind. Woman is for him the means whereby sin came into the world, the arch stumbling-block, the tool the devil finds readiest to his hands when he would overcome man.
Mar thacaíocht lena dhearcadh luann sé eachtra beag eile sa scéal. Tá gach duine i gCúirt Ching Artúir ag réiteach le dul sa Lorgaireacht. Seo é an mhír sa Ghaeilge a fhreagraíonn don mhír a luann Nutt (iarracht de Ghaeilge an lae inniu curtha agam air).
Ghabh an bhantracht ar ghubha agus ar thuirse mar an gcéanna, agus dúirt siad in éineacht, amhail ba ghuth aon mhná amháin é, go rachaidís ar aon séad leis na fearaibh cibé conair a rachaidís agus d’aontaigh dream díobh iad a ligean leo amhlaidh sin.
Bhí siad ar fad ann nuair a chonaic siad seanóir aosta le haghaidh ainglí agus le lasair ghrá Dé ina ghnúis chomha chorcra agus teacht isteach sa dún. Agus labhair sé de ghuth ard: ‘Síocháin libh, a theaghlaigh uasail an Bhoird Chruinn, an duine díobh a gheall dul i ndiaidh an tSoidhigh Naofa. Agus is é a chuir chugaibh mé an díthreabhach naofa Nasiens, chun cabhrú libh agus chun sibh a chomhdhíonadh agus chun a fhoilsiú daoibh conas is ceart daoibh an chonair a thriall, mar is ceart é a thosú, le faoistin iomlán, le troscadh agus le hurnaí, agus le innfheitheamh ar Dhia, mar ní neart slua agus sochraide a gheobhaidh é ach i muinín Dé, an tAthair Uilechumhachtach. Agus is é a dúirt sé leo fós, gan mná a ligean libh, óir ní gnáth dealú gan chiontú le compánaigh banscála....
Mar a deir Nutt, ní bhfuair sé aon áit sna foinsí Gaelacha agus Breatnacha a scrúdaigh sé aon rud ag freagairt don dearcadh diúltach sin a léirítear sa Lorgaireacht ‘Chistéirseach’. Rud a léiríonn domsa arís gur lámhleabhar teagaisc do na Teamplóirí a bhí sa chéad leagan Fraincise agus é – agus seo é an rud is spéisiúla uile – é bunaithe ar scéalta agus amhráin a bhí á ngabháil an t‑am sin ag amhránaithe ón mBriotáin, conteurs agus histriones mar a deir Roger Sherman Loomis, duine de na scoláirí is mó a rinne staidéar ar an gceist seo.
Am éigin i lár na cúigiú haoise déag - tá an bhliain 1450 chomh maith le dáta ar bith - rinneadh aistriú Gaeilge ar scéal eachtraíochta ar sa Fhraincis a scríobhadh é ar dtús, La Queste del Saint Graal, nó sa Bhéarla The Quest of the Holy Grail. An leagan is sine sa Fhraincis - an bunscéal as ar fhás na leaganacha eile, seans - b'fhéidir gurb é Chrétien de Troyes a scríobh am éigin sa cheathrú deireanach den dara haois déag.
Sheila Falconer a chuir an t-aistriúchán Gaeilge in eagar agus is í an Institiúid Ard-Léinn a d'fhoilsigh sa bhliain 1953. Is í an t-eagarthóir a bhaist an teideal 'Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha' ar an scéal nó tá an leagan Gaeilge gan a bheith iomlán - níl tús an scéil againn.
Cúpla pointe ba mhaith liom a dhéanamh faoin scéal Gaeilge. Ar dtús, níl aon amhras orm ach gur téacs deabhóideach teagascach atá ann. Rachainn chomh fada lena rá gur scríobhadh é díreach leis an deabhóid a spreagadh i lucht a léite. Faoi ridirí an Bhoird Chruinn atá sé agus an chaoi a ndeachaigh siad ar fán ar fud na háite, go háirithe i bhforaoisí, ag lorg an tSoithigh Naofa, soitheach a d'úsáid Íosa Críost féin ag an Suipéar Deireanach. Leagtar béim i gcónaí ar chreideamh na ridirí i nDia; is minic iad ag dul ar a nglúine ag guí Dé agus ag lorg cúnaimh air; faightear locht ar an ridirí in amanta as níos mo muinín a chur ina gcuid arm ná i nDia féin; tá an insint lán de fháthchialla - nithe sa nádúr ag seasamh d'Íosa Críost, do na soiscéalaithe, don Diabhal. Is iad na ridirí is íonghlaine agus is beannaithe a fhaigheann radharc ar an Soitheach Naofa sa deireadh.
Tig linn a bheith níos bheaichte faoin gcineál díograise cráifí atá ann. Ag pointe amháin sa scéal tá Sir Persaual á ionsaí ag scór ridirí eile. Tá sé i gcontúirt ach tagann ar an bhfód aon ridire armáilte éidithe, é ar each aigeanta éirimiúil agus 'sciath geal go crois ndeirg' ar iompar aige. Is í an chros dhearg ar bhán sainchomhartha na dTeamplóirí.
Tá gnéithe eile de dheabhóid na dTeamplóirí - a cuireadh faoi chois de bharr fheall Pilib IV na Fraince agus laige an Phápa Cléimeans V i dtús na ceathrú haoise déag - le sonrú ar an Lorgaireacht de bhreis ar chomhartha na croise deirge agus ar an gcreideamh i nDia agus sa míleatachas. Leag Naomh Bearnárd Clairvaux síos sna rialacha do na Teamplóirí aimsir a mbunaithe nach mbeadh aon bhaint acu le mná.
Tá an col le mná mar fhoinse pheaca agus collaíochta le léamh ar eachtra scanrúil amháin sa scéal. Tá cailín álainn tar éis casadh ar Sir Persaual. Deir sí leis go bhfuil grá aici dó. ‘A Sir Persaual,’ ol an iníon, ‘ní mó do shearc domsa ná an grá dofhulaingthe atá liomsa duitse.' Leanann an cailín uirthi ag baint úsáide breá as an bhforainm iontáite: 'Óir is cian,’ ol sí, ‘ó rot charas ar d'uirscéalaibh roimh at-chonnarc tú.’ Leanann an scéal ar aghaidh le ceann de na píosaí beag is deise liom sa Lorgaireacht uile: D'fháiltigh Persaual leis an aitheasc sin agus chuaigh san iomdha - an leaba - agus luigh an iníon go héasca in aice leis. Agus chuir siad lámh thar shleasa a chéile agus ghabhadar ag áineas agus ag imagallamh le chéile.
Bhí go maith ach spreag rud éigin Persaual le héirí as an leaba agus breathnú ar chlaíomh a bhí in aice láimhe. Chonaic sé cros dhearg i lár an chlaímh. Ghearr sé fíor na croise air féin agus ar an bpointe léim an iníon as an iomdha agus chuaigh gach rud san aer agus ní raibh a fhios ag Sir Persaual céard a tharla di ach amháin gur éirigh dubhnéall dobholaidh ina thimpeall, amhail bíonn i bhfodhomhain ifrinn. (ll 2340-75)
Teagasc manachúil atá ansin: seachain na mná a Theamplóirí nó dála Eua is iad a thabharfaidh an chollaíocht pheacúil isteach in bhur saol. Má deir bean go bhfuil si i ngrá leat, nó níos measa fós má cheapann tusa go bhfuil tú i ngrá léise, tabhairt aire - is é an diabhal atá ann. Tá dochar mór sa teagasc sin dar liom, go háirithe nuair a fhéachtar le é a chur i bhfeidhm lasmuigh de chomhthéacs an oird rialta a bhí i gceist leis na Teamplóirí. Is mó fós an dochar atá ann má bhreathnaítear ar Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha mar chineál úrscéil a bhfuil léargas éigin ar an bhfírinne le fáil ann. Tá fírinne sa Lorgaireacht go cinnte ach ní hí 'fírinne' an teagaisc sin í.
Ceann de na clocha oghaim is spéisiúla fuarthas í i reilig in Castell Dwyran, Dyfed, sa Bhreatain Bheag. Déanann sé comóradh ar Votecorigas nó sa Laidin, Voteporix, taoiseach a mhair sa séú haois. An rud atá suntasach faoi go bhfuil an Laidin agus an Ghaeilge, a bheag nó a mhór, ar comhchéim. Má ghlacaimid leis gur thosaigh an dá shruth, sruth an héigse dúchasaí agus sruth an léinn Laidine, ag teacht le chéile sa séú haois, caithfear glacadh leis dar liom gur an bhonn cothrom é. Ag caint dó ar an ogham, ar an ngaisce intleachtach a bhí i gceist leis, agus ar dhearcadh na nGael ina leith, deir Charles Edwards: It was a demonstration of the claim that their language matched that of Rome.
Ní haon ionadh mar sin, nuair a chuaigh an éigse, na filí, agus an aos eagna, i dtreo na scríbhneoireachta le peann, go scríobhfaidís nithe síos a bhain leis leis an traidisiún acu féin. Ar na samplaí is sine den litríocht sin tá na dánta a scríobhadh do ríthe Chúige Laighean. Deir Carney go dtéann cuid acu siar go dtí an cúigiú haois. Ceann de na dánta is faide is do rí nó do thaoiseach darbh ainm Nad Buidb mac Eirc a scríobhadh é, thart ar an mbliain 500, deir sé.
Tá cuid de na dánta sin le fáil i measc ginealach na Laighneach, mar shampla sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502, sa mBodleian in Oxford, arbh fhéidir gurb é Leabhar Ghlinne Dá Locha é.
Rud atá spéisiúil faoi chuid de na dánta seo, go luaitear iad le filí faoi leith: Find Rossa Ruaid, mar shampla, agus Ladcenn mac Barcida. Tugann P.L. Henry sampla de véarsa le Ladcenn agus luann an cúram atá air, mar a deir file Gododdin na Breatnaise, an rí a mholadh.
Ní cuí domsa Cinniúint na ríthe móra a dhearmad. Réim ríthe na Teamhrach Is pobail ag cur chun catha.
Is léir mar sin, agus litríocht na Gaeilge i dtús a scríofa síos, go bhfuil na filí faoina n-ainmneacha féin, chun tosaigh, agus a stádas féin agus an obair a bhí ar siúl acu faoi ghradam.
Cén fáth ar éirigh le Pádraig? Cén chaoi ar éirigh leis an tír uile a thabhairt chun na Críostaíochta? Míniú deas ag James Carney air.
The poet's person was generally sacred, an outrage committed against him was likely to be followed by a fiurt filed, 'a poet's miracle', avenging the deed. Indeed the sanctity of the person of the poet, inherited, as we assume, from that of the druid, probably explains why there were no martyrs for the faith in early Ireland: the Christian missionaries were regarded as foreign druids, and accorded the conventional courtesies.
Ach bhí nithe eile i gceist freisin, is dócha. Dul leis an Eaglais chiallaigh sé do dhaoine óga agus do na mná, imeacht ó smacht an taoisigh. Thug an Chríostaíocht léi, freisin, gradamúlachas, údarás, taibhseacht agus faisean na hImpireachta Rómhánaí mar aon le teicneolaíochtaí nua, mar leabhair, an scríbhneoireacht, agus córas éifeachtach riaracháin. Ach an phríomhchúis, má ghlacaimid le Carney, gur breathnaíodh ar chléirigh na hEaglaise Críostaí mar dhraoithe de chineál eile. Is deas an rud teacht na Críostaíochta a fheiceáil ó pheirspictíocht na nGael.
Bhí aicme in Éirinn fadó a bhí oilte i gcúrsaí teanga - bhí siad in ann anailís a dhéanamh ar fhuaimeanna na teanga agus bhí córas acu leis na fuaimeanna sin a aistriú go cloch i bhfoirm eangacha greanta (litreacha, nó fleasca más fearr leat).
Bhí siad sin, nó aicme eile a bhí gar dóibh - glacaimis leis - sa struchtúr sóisialta céanna - freagrach as dánta a cheapadh agus as scéalta, miotais, dlíthe, agus ginealais a chaomhnú.
Tugtar 'draoithe' ar na daoine sin go minic, bíodh is gur dócha go raibh go leor den aicme nár dhraoithe ar chor ar bith iad. An téarma, 'draoi', féin tá sé míshásúil, go pointe, mar tá sé ceangailte leis an bhfocal 'draíocht' agus tá oiread sin idé-eolaíochtaí, réamhchlaonta, rómáns, masla, míthuisceana, agus míréasúin ag bhaint le húsáid an téarma sin gur éigean is féidir í a úsáid go ciallmhar ar chor ar bith. (Eolaíocht nó fealsúnacht dreama amháin, mar shampla, tugann dream eile draíocht nó piseogacht uirthi.)
Má táimid le cur síos a dhéanamh ar an 'aicme' seo, b'fhearr liom focal mar 'an t-aos eagna' nó 'an t-aos ealaíne' a thabhairt orthu (ag coinneáil i gcuimhne gur chuimsigh an seanfhocal 'ealadha' eolaíocht i dtuiscint an lae inniu!)
Ní féidir 'aos léinn' a thabhairt orthu mar is ón Laidin a thagann an focal 'léann' (legendum) agus is iad a bhí i gceist leis an aos léinn na scoláirí (scholaris) de chuid na heaglaise (ecclesia) a shaothraigh an leabhair (liber) agus a scríobh (scribo) iontu le peann (penna) is é sin i gcairt (charta) no ar mheamram (membranum).
Sa séú haois thosaigh an dá aicme seo ag druidim le chéile. Thosaigh an dá shruth, sruth an aosa léinn agus sruth an aosa eagna, ag sileadh isteach san aon abhainn amháin, an abhainn is ionann agus litríocht na Gaeilge ó shin i leith. Tá an abhainn sin fós ag rith.
Is éard tá sa bhlag seo mo chuidse smaointe faoin litríocht seo againn mar a ritheann siad liom. Is fada siar a théann fréamhacha litríocht na Gaeilge, i bhfad siar roimh theacht na scríbhneoireachta, go fiú. Tá sí ag craobhú léi i gcónaí. Tá súil agam go mbeidh tú liom ar an turas fionachtana agus nótála seo.
Leabharlannaí agus eagarthóir leabhar mé. Scríobhaim filíocht ó am go chéile. Ar an ábhar sin is minic mé den tuairim gur mór an donas é an leabhar mór.