Shíl mé nár mhiste dom bogadh ar aghaidh ón gceathrú agus ón gcúigiú aois (Oghaim, Teacht na Críostaíochta, na Déise) agus aghaidh a thabhairt ar an bhfolús litríochta idir na clocha agus an pár (450-600, abair). Is é sin an tréimhse i rith na séú haoise, nuair is sa Laidin amháin is cosúil a bhíothas ag scríobh le peann.
Ach ina ionad sin, tarraingíodh siar arís mé. Siar siar. An ceol a tharraing siar mé, an uair seo. Nó le bheith cruinn faoi uirlisí ceoil: an lur, an carnyx, agus an trumpa a fuarthas i
A chornairi íarum remisium dochum in dúine. Sennait di conid abbad tricha fer di saincháemaib ar sírechtai.
As Táin Bó Fraích don dá abairt sin, cur síos ar chornairí nó trumpadóirí Fhraoich agus an chaoi a bhfuair tríocha cara le Rí Chonnacht bás nuair a chuala siad iad ag seinm, bhí an ceol chomh hálainn sin. Is mar seo a d’aistrigh Ciarán Ó Coigligh go Gaeilge an lae inniu iad.
A chornairí iar sin roimhesean dochum an dúin. Seinnidsean go mbásaíonn tríocha fear de shainchaomha Ailealla le síorthnúthán.
Ní fios cé na huirlisí atá i gceist ach amháin gur dócha gur ghaothuirlisí miotail iad. Ach ba dheas a cheapadh gur carnyxeannaí iad cosúil leis na cinn atá léirithe ar Choire Ghundestrup thuas agus ar dheis; nó trumpaí móra mar a fuarthas i Loch na Séad.
Duine de na Sí é Fraoch, nó leath de ar aon chuma. Tagann cúrsaí ceoil i gceist cúpla uair ina scéal. Luaitear Geantraí, Goltraí, agus Suantraí mar shampla, agus ceanglaítear iad le breith linbh: pian na máthar ar dtús, ansin a gáire, agus ansin a suan i ndiaidh an iomláin. Bhí ceol ceangailte leis an saol eile, leis na déithe, leis an osnádúr, más maith leat.
Bhí ceol dlúthcheangailte leis an litríocht freisin. Bhí ceol i gcónaí mar thionlacan ag an bhfilíocht – mar a bhí i gceist leis na laoithe fiannaíochta go dtí le déanaí in Éirinn agus mar atá i gceist fós sa Bhreatain Bheag le roinnt awdlau agus penillion.
Cé mar a sheinntí na seanuirlisí seo? Cén fhuaim a dhéanaidís? Céard a bhí sa Dord Fiann? Níl a fhios againn. Ach tá tuairimí á gcaitheamh go háirithe ag Simon O'Dwyer in Éirinn agus John Kenny in Albain – áit a bhfuarthas iarsmaí carnyx in Deskford in oirthuaisceart na hAlban. Fuarthas cinn eile in aice le Bordeaux sa Fhrainc cúpla bliain ó shin, freisin.
Agus lur na Danmhairge? Is é mo thuairim mheáite gur uirlis Cheilteach í. Ach bheadh go leor staidéir agus taighde le déanamh sula bhféadfaí é sin a áitiú ar na Danair. Ach déan comparáid idir cinn an Danmhairge agus stoic
An cur síos is tomhaiste a léigh mé ar sheancheol na hÉireann is ag Ann Buckley atá sé. Mar is dual don scoláire cruinn ní chaitheann sí aon tuairimí faoin gcuma a bhí ar an gceol, faoi na nótaí ann ná na rithimí nó eile. Ach pléann sí a bhfuil ar eolas ón tseandálaíocht, ón litríocht, etc.
Ach tá an méid seo cinnte: pé ní faoin lur agus an carnyx ní cosúil gur gléas ceoil Ceilteach a bhí sa salpinx. Ceol Gréagach a thagadh amach as béal na huirlise sin. Ná ní cosúil gur le haghaidh cogaíochta í ach an oiread ach le haghaidh siamsaíochta - ag siompóisiam seans agus an fíon ag dul thart agus an argóint ag éirí soc(h)ráiteach.
Ceann de na nithe a thaitin liom faoin bpostáil seo go raibh deis agam é a léiriú. Agus d'fhéadfainn tuilleadh léaráidí a chur leis seo dá dteastódh uaim fad a chur leis an gcur síos. Ach mar a deirtear: An seanchas gearr.... Ach is éard is fearr a dhéanamh anois is dócha, léiriú a dhéanamh ar cheann de na trumpaí seo a bheith á sheinm. Anseo síos John Kenny i mbun oibre. Ní dóigh liom go bhfaigheadh aon duine bás ó bheith ag éisteacht leis agus níl aon duine ag rá gur mar seo díreach a sheinntí na seantrumpaí, ach feictear dom go bhfuil a dhraíocht féin ag baint leis an gceol aduain seo.
Go raibh míle maith agat as an gcur síos seo, agus go háirithe as an nasc leis an gclip ar YouTube! (Is mór an trua é nach bhfuil na dlúthdhioscaí a rinne Kenny agus O'Dwyer ar fáil ó iTunes.)
ReplyDeleteMaidir leis an sliocht thuas a d'aistrigh Ciarán Ó Coigligh, níl mé ró-shásta le “síorthnúthán”. An chiall atá le “sírecht” (tabh. “sírechtai”) ná “manque; nostalgie, tristesse; lamentation” (LEIA, s.v. sír). Tagann an t-ainmfhocal ón aidiacht “sír” (= fada) ceart go leor, ach níl an réimír (“síor-”) i gceist anseo. Is leor “tnúthán”, nó “cian” nó “brón” mar aistriúchán.
Is ag tnúth leis an gcéad phostáil eile uait atá mé anois!
Fáilte romhat, Dennis. Tá an ceart ag go bhfuil 'síorthnúthán' ag dul píosa rófhada leis an scéal, bíodh is go dtaitníonn sé. Is spéisiúil an coincheap ag na Gaeil é - cian, cumha, brón etc. - agus é ceangailte le ceol. Labhraíonn na Breatnaigh faoi 'hiraeth' ón bhfocal 'hir' (fada, cian). An chéad phostáil eile? Cá bhfios.
ReplyDeleteSamhlaigh dá mbeadh cúpla céad acu á seinm cosúil leis an ndidgeridoo ag arm mór ar bharr cnoic agus iad ag bagairt cogaidh ort agus do mhuintir.
ReplyDeleteGheofá bás leis an eagla.
Is cuimhin liom clár ar an teilifís faoi mo dhuine thuas agus an trumpa sin. N'fheadar an bhféadfaí teacht air ar an idirlíon inniu?
Samhlaigh dá gcloisfeá sin i lár na hoíche agus tú i do leaba, agus go gcloiseann tú é ar feadh cúpla lá!
ReplyDeleteCogaíocht síceolaíochta den chéad scoth gan aon agó.
Is cosúil gurb in a bhí i gceist, cogaíocht shíceolaíochta. Níor mhórán Haka na Maori lena ais, lena ais cheapfainn. Níorbh fhada go gceapfá go raibh an saol seo agus iomlán an tsaoil eile i do choinne.
ReplyDelete