Showing posts with label na Déise. Show all posts
Showing posts with label na Déise. Show all posts

16.10.09

Déise

I ndiaidh staraithe tromchúiseacha dlúthchainteacha dúfhoclacha an Bhéarla, i ndiaidh tagairtí do DIL agus don Thesaurus Paleohibernicus, shíl mé nár mhiste beagán peirspictíochta. Ainneoin iarrachtaí Uí Chróinín, Uí Chorraín agus Uí Cheithearnaigh sa New History of Ireland, b'fhéidir nach bhfuil mórán eolais eile againn faoi na Déise seachas an méid atá ráite i ndeireadh an fhíseáin bhreá seo.

Tá a fhios agam gur i mBéarla atá an físeán seo ach nach i mBéarla atá stair na nGael á scríobh i láthair na huaire? Agus rud eile: murab ionann agus na staraithe proifisiúnta, tá an fear a ghlacann páirt sa scannán seo, Franklin, tar éis dorn breá físeán Gaeilge a dhéanamh chomh maith agus tá siad le fáil anseo. Bainigí sult as!


13.10.09

Cruinneas Staire: Na Déise


Ionnarbadh na nDéise a bhfuil cur síos air i Leabhar na hUidhre, ar tharla sé? Díreach toisc go bhfuil cur síos air i lámhscríbhinn, ní leor sin as féin mar fhianaise gur tharla sé (féach alt roimhe seo ar Chruinneas Staire: Teacht na Críostaíochta). In ainneoin a ndeirtear in DIL sv ‘Déisi’ agus in ainneoin a bhfuil inste dúinn i mBeatha Dhéagláin agus arís i bhForas Feasa Sheathrúin Chéitinn, d'fhéadfadh sé gurb éard atá sa scéal faoi Dhéise Teamhrach a bheith á ruaigeadh míniú ar an bhfáth a bhfuil an logainm ‘Déise’ le fáil in áiteanna éagsúla.

Is éard a chiallaíonn an focal ‘déis’: tenant, vassal; vassalry ... vasal or rent paying community (DIL sv). Na háiteanna a raibh pobail den chineál sin lonnaithe (mar shampla in aice le Teamhair nó i Luimneach) thugtaí ‘Déise’ orthu.

D'fhéadfadh sé gur pobal den chineál sin a bhí sa cheantar a dtugtar 'Na Déise' air inniu agus nach raibh aon bhaint acu le Teamhair ach amháin ceangal foclaíochta agus staid maireachtála. Fágann sin mise i bponc mar go bhfuil an méid sin ag dul in aghaidh ruda a dúirt mé cheana anseo. Tá má tá. Is le haghaidh tuairimíochta agus cur i gcás agus roinnt eolais, smaointe agus mothúchán atá blaganna ann, cuid mhaith, dar liom. Tá gá le tuilleadh taighde ar an gceann seo is cinnte.

Ó thaobh na Críostaíochta de, ceanglaíodh Déaglán leis an bpobal sin, na Déise, ó dheas. Fuarthas an véarsa seo i leabhar a chuir an tArdeaspag Ussher i gcló in 1639 agus atá curtha in eagar ag Stokes agus Strahan sa Thesaurus Paleohibernicus iml. 2, lch 297:

Ailbe umal Patric Muman mó cach rádh
Declan Patric na nDéise, in Déisi oc Declan cobráth.

Is é Ailbhe umhal Pádraig na Mumhan mó gach rá
Déaglán Pádraig na nDéise, beidh na Déise ag Déaglán go brách.

Agus tá na Déise beo beathach i gcónaí, mar is eol dúinn.

8.10.09

Ionradh agus Ionnarbadh



Ní dóigh liom go gcuireann muid san áireamh cé chomh cruthaitheach is a bhí turnamh impireacht na Róimhe agus na hionraí agus na hionnarbaí a lean é. Imeacht as na hImpireachta a thug Éire na nGael chun cinn mar thír Chríostaí. Céard a bhí ag tarlú thart ar an am seo? In Éirinn bhí na hUí Néill tar éis greim a fháil ar Theamhair agus ar Eamhain Macha. Bhí siad tar éis Cúige Uladh a roinnt eatarthu, chuid mhaith - Tír Eoghain agus Tír Chonaill. Ba iad na Scoti iad, na creachadóirí, na Gaeil. Ba iad a d'fhuadaigh Pádraig óg go hÉirinn leo mar sclábhaí.

Ach ní shin amháin é. D'fhéadfadh sé gur thart ar an am seo a ruaigeadh na Déise as Déise Teamhrach sa Mhí is go ndeachaigh siad ó dheas, cuid acu go dtí an Bhreatain Bheag cuid eile acu go dtí an ceantar a bhfuil "Na Déise" fós mar ainm air. D'fhéadfadh sé gurb iad seo ba thúisce a chuaigh le Críostaíocht in Éirinn de bharr na teagmhála a bhí acu Dyfed ar an taobh eile de Mhuir Meann.

Ach tá tuilleadh i gceist leis an tréimhse seo. Ag an am seo freisin, timpeall na bliana 400, bhí na Frainc ag leathnú siar agus ag déanamh ionnarbtha ar na Gallaigh Chríostaí a fuair siad rompu. Tá fianaise ann gur theith cuid acu sin go hÉirinn, tír a bhí slán go maith ar ionradh ó eachtrannaigh ag an am sin. Thug na teifigh léann na hImpireachta leo, Laidin agus Gréigis, gramadach agus reitric, agus Críostaíocht.

As an gcíor thuathail sin a tháinig na clocha Oghaim ar aithris iad ar nós na hImpireachtaí leac a ardú in ómós don té a fuair bás nó ina c(h)uimhne.

Le go mbeadh aon substaint leis an gcur i gcás sin agam, níor mhór dátaí a chur leis na himeachtaí difriúla atá luaite agam: Ionnnarbadh na nDéise, Gabháil na Teamhrach agus Eamhain Macha, Fuadach Phádraig, Teitheadh na nGallach, agus an ceann achrannach sin, Teacht na Críostaíochta go hÉirinn (ós léir ó scríbhinní Phrosper Aquitanus go raibh Críostaithe sa tír roimh theacht Phádraig ar chor ar bith).

2.9.09

Cé chomh sean?


Ba mhaith liom filleadh ar cheist seo an Renaissance, agus ar Phetrarca go háirithe, mar sílim go gcaitheann an pheirspictíocht sin solas spéisiúil ar an litríocht seo againne.

Ach ar dtús ritheann sé liom nár mhiste a bhfuil i gceist againn le litríocht na Gaeilge a bheachtú beagán.

Cé chomh sean is atá an litríocht seo againne?


Bhuel, cé chomh sean is atá tú ag iarraidh a bheadh sí? Chomh fada siar le tús na tréimhse Ind-Eorpaí? Fadhb ar bith: tá scéalta sa Ghaeilge ar féidir a rianadh siar go dtí an tréimhse sin.


Chomh fada siar le teacht na nGael go hÉirinn? Tá scoláirí áirithe sásta go mbaineann scéalta áirithe sa tSean-Ghaeilge le miotaseolaíocht na sean-Ghael.


Mé féin go pearsanta bheinn sásta a rá go dtosaíonn an litríocht leis an litríocht scríofa (gan na seanscéalta, an béaloideas, na miotais a chur as an áireamh, ar ndóigh). Cén uair a thosaigh an litríocht scríofa sin? Arís braitheann sé. Céard tá i gceist agat le ‘scríofa’? An mbeifeá sásta le ‘greanta’? Ar chloch, mar shampla?


Is maith liom an smaoineamh seo go dtosaíonn litríocht na Gaeilge leis na clocha Oghaim. Ar a laghad ar bith ciallaíonn sé gur féidir linn chéad scríobh na Gaeilge agus an litríocht a dhéanamh comhuaineach: am éigin timpeall na bliana 400, nó tamall ina dhiaidh, má léim Damian McManus §5.24 i gceart. Ciallaíonn sé gur féidir linn aos léinn a chur i gcás, dream beag oilte comhtháite a scríobh na hinscríbhinní agus a leag amach na coinbhinsiúin a bhain leo. (Ní móide gurb iad a ghearradh na clocha. Is é is dócha go ngearraidís na hoghaim ar phíosa adhmaid nó ar chnámh is go gcóipeálfadh an dealbhóir é.)


Ceart go leor, níl aon rannta sa litríocht Oghmach seo, gan trácht ar eipicí. Dáiríre níl fiú is briathra nó aidiachtaí nó réamhfhocail ann. Ach tá ainmneacha ann – ainmneacha iontacha: Gossucttias, mar atá ar an gcloch thuas atá le fáil i bPáirc na Fola, Log na gCapall, Corca Dhuibhne – ceann de na clocha is sine dá bhfuil againn dar le McManus; Glunlegget, Ogatos, Trenacatus, Rittavvecas, Qenuven, Comogann, Dumeledonas, Dovaidona, agus go leor leor eile. Maidir le litíocht phearsanta, níorbh fhéidir a bheith níos pearsanta ná sin: ainm an duine.

Nach in tús na litríochta: an duine á ainmniú as féin, an duine agus a ainm á chomóradh, á choinneáil i gcuimhne?


Ach glacadh leis na hinscribhinní Oghaim mar thús na litríochta, is féidir linn tús na litríochta a chur siar níos faide ná teacht Phádraig go hÉirinn. Is féidir linn leanúnachas a chur i gcás idir aos léinn na cúigiú haoise agus aos léinn na lámhscríbhinní. Is féidir linn tús na litríochta a cheangal leis na Déise agus le Gaeltacht bheag bhríomhar an lae inniu sa Rinn. Is féidir fíoracha a chur i gcás mar chuid den litríocht – fíoracha diamhracha mar iad siúd a phléitear i Nótaí Imill, mar shampla. Is féidir linn an tuiseal ginideach a fheiceáil mar rud draíochtach. Freagra na ceiste, cé chomh sean is atá litríocht na Gaeilge, braitheann sé céard tá uait. Ach déanfaidh an bhliain 400 AD cúis domsa.