Líníocht í sin thuas a rinne George de Noyer i lár na naoú haoise déag de leac ar bhalla sean-séipéil i gCillín Chiaráin, i dTiobraid, i gContae Thiobraid Árann, i gcuimhne ar na sagairt, Eoghan Ó Dufaigh agus Seathrún Céitinn. Tá athchló uirthi in The World of Geoffrey Keating le Bernadette Cunningham (Four Courts Press, 2000) lch 15. Tugann sí le fios go bhfuil an leac fós ann. Díol suntais dar liom úsáid na nod ó thraidisiún na lámhscríbhneoireachta gaelaí. Tuilleadh fianaise é sin dar liom ar choimeádachas an traidisiúin chéanna.
Seo é an iarracht a rinne mé ar an inscríbhinn a athscríobh agus m'aistriú go Gaeilge uirthi. Sampla de Laidin na hEaglaise an tuiseal ochslaíoch iolra 'animabus'; ach ní mór dom a admháil go bhfuil gnéithe den nodaireacht - agus den easpa nodaireachta - nach dtuigim.
Orate pro animabus P. Eugen ui Duby vic de Tybrudi et D. Doct Galfi Keating huius Sacelli Fundatorum : necnon et pro omnibus aliis tam sacerd. quam laicis quorum corpa in eod iace in sa Anno Domini 1644.
Guígí ar son anamnacha an Athar Eoghan Ó Dufaigh, biocáire Tiobrad, agus an Dochtúra le Diagacht Seathrún Céitinn, bunaitheoirí an tséipéil seo agus freisin ar a son siúd uile, bíodh ina sagairt nó ina dtuataí, a bhfuil a gcorp ina luí sa séipéal céanna, bliain an Tiarna 1644.
Ní hionann baileach an t-athscríobh sin agamsa agus ceann Chunningham. Tugann sise leagan níos iomláine den Laidin. Seo é a hathscríobh sise.
Orate pro animabus Patris Eugenii Duhy vicarii de Tybrad et Domini Doctoris Galfridii Keating huius sacelli fundatorum necnon et pro omnibus aliis tam sacerdotibus quam laicis quorum corpora in eodem iacent Sacello. Anno Domini 1644
Shíl mé nár mhiste dom bogadh ar aghaidh ón gceathrú agus ón gcúigiú aois (Oghaim, Teacht na Críostaíochta, na Déise) agus aghaidh a thabhairt ar an bhfolús litríochta idir na clocha agus an pár (450-600, abair). Is é sin an tréimhse i rith na séú haoise, nuair is sa Laidin amháin is cosúil a bhíothas ag scríobh le peann.
Ach ina ionad sin, tarraingíodh siar arís mé. Siar siar. An ceol a tharraing siar mé, an uair seo. Nó le bheith cruinn faoi uirlisí ceoil: an lur, an carnyx, agus an trumpa a fuarthas i Loch na Séad. Ar mo chuardach dom (léigh ‘surfáil’) fuair mé an tagairt álainn seo:
A chornairi íarum remisium dochum in dúine. Sennait di conid abbad tricha fer di saincháemaib ar sírechtai.
As Táin Bó Fraích don dá abairt sin, cur síos ar chornairí nó trumpadóirí Fhraoich agus an chaoi a bhfuair tríocha cara le Rí Chonnacht bás nuair a chuala siad iad ag seinm, bhí an ceol chomh hálainn sin. Is mar seo a d’aistrigh Ciarán Ó Coigligh go Gaeilge an lae inniu iad.
A chornairí iar sin roimhesean dochum an dúin. Seinnidsean go mbásaíonn tríocha fear de shainchaomha Ailealla le síorthnúthán.
Ní fios cé na huirlisí atá i gceist ach amháin gur dócha gur ghaothuirlisí miotail iad. Ach ba dheas a cheapadh gur carnyxeannaí iad cosúil leis na cinn atá léirithe ar Choire Ghundestrup thuas agus ar dheis; nó trumpaí móra mar a fuarthas i Loch na Séad.
Duine de na Sí é Fraoch, nó leath de ar aon chuma. Tagann cúrsaí ceoil i gceist cúpla uair ina scéal. Luaitear Geantraí, Goltraí, agus Suantraí mar shampla, agus ceanglaítear iad le breith linbh: pian na máthar ar dtús, ansin a gáire, agus ansin a suan i ndiaidh an iomláin. Bhí ceol ceangailte leis an saol eile, leis na déithe, leis an osnádúr, más maith leat.
Bhí ceol dlúthcheangailte leis an litríocht freisin. Bhí ceol i gcónaí mar thionlacan ag an bhfilíocht – mar a bhí i gceist leis na laoithe fiannaíochta go dtí le déanaí in Éirinn agus mar atá i gceist fós sa Bhreatain Bheag le roinnt awdlauagus penillion.
Cé mar a sheinntí na seanuirlisí seo? Cén fhuaim a dhéanaidís? Céard a bhí sa Dord Fiann? Níl a fhios againn. Ach tá tuairimí á gcaitheamh go háirithe ag Simon O'Dwyer in Éirinn agus John Kenny in Albain – áit a bhfuarthas iarsmaí carnyx in Deskford in oirthuaisceart na hAlban. Fuarthas cinn eile in aice le Bordeaux sa Fhrainc cúpla bliain ó shin, freisin.
Agus lur na Danmhairge? Is é mo thuairim mheáite gur uirlis Cheilteach í. Ach bheadh go leor staidéir agus taighde le déanamh sula bhféadfaí é sin a áitiú ar na Danair. Ach déan comparáid idir cinn an Danmhairge agus stoic Loch na Séad mar shampla ar chóip de cheann acu a sheinneann Simon O'Dwyer, chomh fada le m'eolas. Cinnte is breá an rud é go bhfuil dealbh mar atá ar clé i lár Kobenhavn, agus is breá an rud é go gceapann na Danair gur sean-cheol Lochlannach atá an bheirt ag seinm. Ach b'fhéidir go bhfuil fios a mhalairte againne. Tar éis an tsaoil nach sa Mhúsaem Náisiúnta sa phríomhchathair chéanna atá an Coire thuas úd ar taispeáint?
An cur síos is tomhaiste a léigh mé ar sheancheol na hÉireann is ag Ann Buckley atá sé. Mar is dual don scoláire cruinn ní chaitheann sí aon tuairimí faoin gcuma a bhí ar an gceol, faoi na nótaí ann ná na rithimí nó eile. Ach pléann sí a bhfuil ar eolas ón tseandálaíocht, ón litríocht, etc.
Ach tá an méid seo cinnte: pé ní faoin lur agus an carnyx ní cosúil gur gléas ceoil Ceilteach a bhí sa salpinx. Ceol Gréagach a thagadh amach as béal na huirlise sin. Ná ní cosúil gur le haghaidh cogaíochta í ach an oiread ach le haghaidh siamsaíochta - ag siompóisiam seans agus an fíon ag dul thart agus an argóint ag éirí soc(h)ráiteach.
Ceann de na nithe a thaitin liom faoin bpostáil seo go raibh deis agam é a léiriú. Agus d'fhéadfainn tuilleadh léaráidí a chur leis seo dá dteastódh uaim fad a chur leis an gcur síos. Ach mar a deirtear: An seanchas gearr.... Ach is éard is fearr a dhéanamh anois is dócha, léiriú a dhéanamh ar cheann de na trumpaí seo a bheith á sheinm. Anseo síos John Kenny i mbun oibre. Ní dóigh liom go bhfaigheadh aon duine bás ó bheith ag éisteacht leis agus níl aon duine ag rá gur mar seo díreach a sheinntí na seantrumpaí, ach feictear dom go bhfuil a dhraíocht féin ag baint leis an gceol aduain seo.
Táim tosaithe ag léamh aistriúcháin Béarla ar leabhar cáiliúil Desiderius Erasmus, Praise of Folly; nó mar atá baiste ar ar an leathanach teidil, Μωριας Εγκωμιου sive Stultitiae Laus. Scríbhneoireacht ghlic íorónta chumasach spraoiúil léannta de chuid an Renaissance atá ann. Tugann sé tuiscintí áirithe leis, tuiscintí a bhfuil talamh slán déanta díobh ó shin. Is luath go maith sa léamh a bhuail mé le ceann acu.
Deir Stultitia, An Amaideacht, go bhfuil sí chun í féin a mholadh. Cé is fearr chuige? An maífeadh aon duine go bhfuil eolas níos fearr aige ar an amaideacht ná mar atá aici féin? Ní hamháin sin, a deir sí, ach ní bheidh an moladh a dhéanfaidh sí uirthi féin chomh háibhéalach leis an moladh a dhéantar ar na huaisle sin a íocann airgead maith le fear óráide nó le file baothfhoclach éigin (poeta vaniloquum) ionas go mbeidh siad in ann moltaí duine eile a chloisteáil – moladh nach bhfuil ann ach bréaga glan.
Tá an tuiscint phiúratánach a léiríonn Erasmus ansin ar an bhfilíocht mholta bun os cionn uile le tuiscint na bhfilí clasaiceacha seo againne ar a raibh ar siúl acu. Ach géilleadh do thuiscint Erasmus, bainfear an bonn den fhiliocht phoiblí agus den fhilíocht phobail. Tá sé ag rá nach mór don fhilíocht a bheith ‘fírinneach’. Cuireann sin an liric phearsanta ‘mhacánta’ in ionad fhilíocht mhór shóisialta na sochaí comhtháite. Cuireann sé ding idir na daoine agus an fhilíocht. Is éard tá san fhilíocht feasta éifeacht éigin focal a léann an léitheoir )os íseal) dó féin i leabhar clóite.
Is é dearcadh sin Erasmus a tháinig chun cinn i gcultúr Iarthar na hEorpa. Ach ní bhfuair sé greim ar phobal na Gaeilge chomh mór sin. Tá file an phobail fós faoi mheas i measc na nGael agus caint fós ar fhilí den scoth mar Johnny Chóil Mhaidhc agus a gcuid dánta fós á n-aithris. Géilleann na Gaeil go bhfuil a cuid rialacha féin ag an bhfilíocht agus nach gá gurb ionann iad sin agus rialacha an mhanaigh éisealaigh a bhí ag iarraidh go mbeadh chuile shórt glan, úsáideach agus ‘fírinneach’ - agus ar thaitin sé leis a thaispeáint go raibh sé os cionn cách trína chuid scríbhinní a bhreacadh le nathanna agus le focail Ghréigise.
Nílim ach i dtús taighde faoi Erasmus. Tá gach seans ann go bhfuil aiste i gcomhair Feasta ann.
I ndiaidh staraithe tromchúiseacha dlúthchainteacha dúfhoclacha an Bhéarla, i ndiaidh tagairtí do DIL agus don Thesaurus Paleohibernicus, shíl mé nár mhiste beagán peirspictíochta. Ainneoin iarrachtaí Uí Chróinín, Uí Chorraín agus Uí Cheithearnaigh sa New History of Ireland, b'fhéidir nach bhfuil mórán eolais eile againn faoi na Déise seachas an méid atá ráite i ndeireadh an fhíseáin bhreá seo.
Tá a fhios agam gur i mBéarla atá an físeán seo ach nach i mBéarla atá stair na nGael á scríobh i láthair na huaire? Agus rud eile: murab ionann agus na staraithe proifisiúnta, tá an fear a ghlacann páirt sa scannán seo, Franklin, tar éis dorn breá físeán Gaeilge a dhéanamh chomh maith agus tá siad le fáil anseo. Bainigí sult as!
Ionnarbadh na nDéise a bhfuil cur síos air i Leabhar na hUidhre, ar tharla sé? Díreach toisc go bhfuil cur síos air i lámhscríbhinn, ní leor sin as féin mar fhianaise gur tharla sé (féach alt roimhe seo ar Chruinneas Staire: Teacht na Críostaíochta). In ainneoin a ndeirtear in DIL sv ‘Déisi’ agus in ainneoin a bhfuil inste dúinn i mBeatha Dhéagláin agus arís i bhForas Feasa Sheathrúin Chéitinn, d'fhéadfadh sé gurb éard atá sa scéal faoi Dhéise Teamhrach a bheith á ruaigeadh míniú ar an bhfáth a bhfuil an logainm ‘Déise’ le fáil in áiteanna éagsúla.
Is éard a chiallaíonn an focal ‘déis’: tenant, vassal; vassalry ... vasal or rent paying community (DIL sv). Na háiteanna a raibh pobail den chineál sin lonnaithe (mar shampla in aice le Teamhair nó i Luimneach) thugtaí ‘Déise’ orthu.
D'fhéadfadh sé gur pobal den chineál sin a bhí sa cheantar a dtugtar 'Na Déise' air inniu agus nach raibh aon bhaint acu le Teamhair ach amháin ceangal foclaíochta agus staid maireachtála. Fágann sin mise i bponc mar go bhfuil an méid sin ag dul in aghaidh ruda a dúirt mé cheana anseo. Tá má tá. Is le haghaidh tuairimíochta agus cur i gcás agus roinnt eolais, smaointe agus mothúchán atá blaganna ann, cuid mhaith, dar liom. Tá gá le tuilleadh taighde ar an gceann seo is cinnte.
Ó thaobh na Críostaíochta de, ceanglaíodh Déaglán leis an bpobal sin, na Déise, ó dheas. Fuarthas an véarsa seo i leabhar a chuir an tArdeaspag Ussher i gcló in 1639 agus atá curtha in eagar ag Stokes agus Strahan sa Thesaurus Paleohibernicus iml. 2, lch 297:
Ailbe umal Patric Muman mó cach rádh Declan Patric na nDéise, in Déisi oc Declan cobráth.
Is é Ailbhe umhal Pádraig na Mumhan mó gach rá Déaglán Pádraig na nDéise, beidh na Déise ag Déaglán go brách.
Agus tá na Déise beo beathach i gcónaí, mar is eol dúinn.
Bhí mé ag caint le seanchara liom aréir. Tar éis dó fiafraí faoi mo shláinte – feabhsaithe gan biseach iomlán orm fós – leanamar orainn ag caint faoi cheann de na hábhair is ansa linn – seanstair na hÉireann. Eisean an saineolaí. Mhúin sé cupla rud dom a aréir, mar a dhéanann i gcónaí
Dhá ábhar a bhí faoi chaibidil againn. Pléifidh mé ceann amháin anseo agus déanfaidh mé an plé ar dara ceann a phostáil níos déanaí. Ach chéad rud a chaithfidh mé a lua go bhfuil meon cruinn an staraí phroifisiúnta ag mo charasa. Measúnú na fianaise, agus sin ar bhonn dianscrúdaithe. Ní leor eachtra a bheith luaite i lámhscríbhinn le cruthú gur tharla sé. Próiseas dian iniúchta atá ag teastáil má táimid le rá ‘tharla sin’. Go minic níl againn sa deireadh ach: ‘ag cur gach rud san áireamh, de bharr an phróiseas dianscrúdaithe atá déanta againn ar na foinsí iomadúla, agus ag cur san áireamh a bhfuil ar eolas againn faoi mheon na ndaoine a scríobh nó a thiomsaigh an t‑eolas atá ar fáil sna foinsí sin, is éard is dóigh linn, gur dócha gur tharla sé.’
An raibh an Chríostaíocht in Éirinn roimh theacht go Pádraig? Braitheann sé cé tá i gceist agat le Pádraig. Bhí, má deir tú gurb ionann Pádraig agus Palladius. Tá sé réasúnta brath ar fhianaise Prosper anseo a deir, faoin mbliain 431 ina Chroinic, gur chuir an Pápa Ceilistín I Palladius go hÉirinn mar an chéad easpag ar na Gaeil a chreid i gCríost (primus episcopus ad Scottos in Christum credentes).
An bhféadfadh sé gurb iad a thug an Chríostaíocht go hÉirinn roimhe sin Déaglán, Ailbhe, Ciarán Saighir? Ní móide é. Sa chás i go bhfuil dáta báis ar fáil sna hannála d’aon duine de na daoine sin is sa séú haois é. Tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ó muintir na Mumhan, m.sh. an Eoghanacht, iad féin a scaradh ó fhorlámhas Ard Mhacha agus leis sin a dhéanamh d’fhéach a lucht seanchais le cur in iúl gur tháinig an Chríostaíocht go dtí an Mhumhain roimh Phádraig agus gur sine a gcuid naomh siadsan ná naomh Ard Mhacha.
Casta? Amhail is nár leor sin, bhreathnaigh mé ar alt leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín in MedievalIreland: an encyclopedia, agus feicim go gcuireann seisean moladh spéisiúil chun cinn: go mb’fhéidir gur tháinig Pádraig (fear na litreacha a fuadaíodh nuair a bhí sé ina ógánach etc.) go hÉirinn roimh Phalladius, b’fhéidir chomh luath le deireadh na ceathrú aoise.
Rith sé liom go raibh Coroticus luaite ag Pádraig agus gur dúradh gurb ionann é siúd agus rí nó taoiseach Breatanach éigin. Nach socródh sé sin dáta éigin do Phádraig (atá léirithe thuas i ngloine dhaite in Ardeaglais Ard Mhacha)? Shocródh dá mbeadh dáta éigin ann a d’fhéadfaí a lua le Coroticus. Ní cosúil go bhfuil.
Ach bealach amháin nó bealach eile is cosúil gur thart ar an am céanna a tháinig na leacracha Oghaim chun cinn a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn: an bhliain 400. An bhfuil aon bhaint idir an dá rud? Cá bhfios domsa.
Ní dóigh liom go gcuireann muid san áireamh cé chomh cruthaitheach is a bhí turnamh impireacht na Róimhe agus na hionraí agus na hionnarbaí a lean é. Imeacht as na hImpireachta a thug Éire na nGael chun cinn mar thír Chríostaí. Céard a bhí ag tarlú thart ar an am seo? In Éirinn bhí na hUí Néill tar éis greim a fháil ar Theamhair agus ar Eamhain Macha. Bhí siad tar éis Cúige Uladh a roinnt eatarthu, chuid mhaith - Tír Eoghain agus Tír Chonaill. Ba iad na Scoti iad, na creachadóirí, na Gaeil. Ba iad a d'fhuadaigh Pádraig óg go hÉirinn leo mar sclábhaí.
Ach ní shin amháin é. D'fhéadfadh sé gur thart ar an am seo a ruaigeadh na Déise as Déise Teamhrach sa Mhí is go ndeachaigh siad ó dheas, cuid acu go dtí an Bhreatain Bheag cuid eile acu go dtí an ceantar a bhfuil "Na Déise" fós mar ainm air. D'fhéadfadh sé gurb iad seo ba thúisce a chuaigh le Críostaíocht in Éirinn de bharr na teagmhála a bhí acu Dyfed ar an taobh eile de Mhuir Meann.
Ach tá tuilleadh i gceist leis an tréimhse seo. Ag an am seo freisin, timpeall na bliana 400, bhí na Frainc ag leathnú siar agus ag déanamh ionnarbtha ar na Gallaigh Chríostaí a fuair siad rompu. Tá fianaise ann gur theith cuid acu sin go hÉirinn, tír a bhí slán go maith ar ionradh ó eachtrannaigh ag an am sin. Thug na teifigh léann na hImpireachta leo, Laidin agus Gréigis, gramadach agus reitric, agus Críostaíocht.
As an gcíor thuathail sin a tháinig na clocha Oghaim ar aithris iad ar nós na hImpireachtaí leac a ardú in ómós don té a fuair bás nó ina c(h)uimhne.
Le go mbeadh aon substaint leis an gcur i gcás sin agam, níor mhór dátaí a chur leis na himeachtaí difriúla atá luaite agam: Ionnnarbadh na nDéise, Gabháil na Teamhrach agus Eamhain Macha, Fuadach Phádraig, Teitheadh na nGallach, agus an ceann achrannach sin, Teacht na Críostaíochta go hÉirinn (ós léir ó scríbhinní Phrosper Aquitanus go raibh Críostaithe sa tír roimh theacht Phádraig ar chor ar bith).
Is éard tá sa bhlag seo mo chuidse smaointe faoin litríocht seo againn mar a ritheann siad liom. Is fada siar a théann fréamhacha litríocht na Gaeilge, i bhfad siar roimh theacht na scríbhneoireachta, go fiú. Tá sí ag craobhú léi i gcónaí. Tá súil agam go mbeidh tú liom ar an turas fionachtana agus nótála seo.
Leabharlannaí agus eagarthóir leabhar mé. Scríobhaim filíocht ó am go chéile. Ar an ábhar sin is minic mé den tuairim gur mór an donas é an leabhar mór.