28.4.10

Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha


Am éigin i lár na cúigiú haoise déag - tá an bhliain 1450 chomh maith le dáta ar bith - rinneadh aistriú Gaeilge ar scéal eachtraíochta ar sa Fhraincis a scríobhadh é ar dtús, La Queste del Saint Graal, nó sa Bhéarla The Quest of the Holy Grail. An leagan is sine sa Fhraincis - an bunscéal as ar fhás na leaganacha eile, seans - b'fhéidir gurb é Chrétien de Troyes a scríobh am éigin sa cheathrú deireanach den dara haois déag.

Sheila Falconer a chuir an t-aistriúchán Gaeilge in eagar agus is í an Institiúid Ard-Léinn a d'fhoilsigh sa bhliain 1953. Is í an t-eagarthóir a bhaist an teideal 'Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha' ar an scéal nó tá an leagan Gaeilge gan a bheith iomlán - níl tús an scéil againn.

Cúpla pointe ba mhaith liom a dhéanamh faoin scéal Gaeilge. Ar dtús, níl aon amhras orm ach gur téacs deabhóideach teagascach atá ann. Rachainn chomh fada lena rá gur scríobhadh é díreach leis an deabhóid a spreagadh i lucht a léite. Faoi ridirí an Bhoird Chruinn atá sé agus an chaoi a ndeachaigh siad ar fán ar fud na háite, go háirithe i bhforaoisí, ag lorg an tSoithigh Naofa, soitheach a d'úsáid Íosa Críost féin ag an Suipéar Deireanach. Leagtar béim i gcónaí ar chreideamh na ridirí i nDia; is minic iad ag dul ar a nglúine ag guí Dé agus ag lorg cúnaimh air; faightear locht ar an ridirí in amanta as níos mo muinín a chur ina gcuid arm ná i nDia féin; tá an insint lán de fháthchialla - nithe sa nádúr ag seasamh d'Íosa Críost, do na soiscéalaithe, don Diabhal. Is iad na ridirí is íonghlaine agus is beannaithe a fhaigheann radharc ar an Soitheach Naofa sa deireadh.

Tig linn a bheith níos bheaichte faoin gcineál díograise cráifí atá ann. Ag pointe amháin sa scéal tá Sir Persaual á ionsaí ag scór ridirí eile. Tá sé i gcontúirt ach tagann ar an bhfód aon ridire armáilte éidithe, é ar each aigeanta éirimiúil agus 'sciath geal go crois ndeirg' ar iompar aige. Is í an chros dhearg ar bhán sainchomhartha na dTeamplóirí.

Tá gnéithe eile de dheabhóid na dTeamplóirí - a cuireadh faoi chois de bharr fheall Pilib IV na Fraince agus laige an Phápa Cléimeans V i dtús na ceathrú haoise déag - le sonrú ar an Lorgaireacht de bhreis ar chomhartha na croise deirge agus ar an gcreideamh i nDia agus sa míleatachas. Leag Naomh Bearnárd Clairvaux síos sna rialacha do na Teamplóirí aimsir a mbunaithe nach mbeadh aon bhaint acu le mná.

Tá an col le mná mar fhoinse pheaca agus collaíochta le léamh ar eachtra scanrúil amháin sa scéal. Tá cailín álainn tar éis casadh ar Sir Persaual. Deir sí leis go bhfuil grá aici dó. ‘A Sir Persaual,’ ol an iníon, ‘ní mó do shearc domsa ná an grá dofhulaingthe atá liomsa duitse.' Leanann an cailín uirthi ag baint úsáide breá as an bhforainm iontáite: 'Óir is cian,’ ol sí, ‘ó rot charas ar d'uirscéalaibh roimh at-chonnarc tú.’

Leanann an scéal ar aghaidh le ceann de na píosaí beag is deise liom sa Lorgaireacht uile: D'fháiltigh Persaual leis an aitheasc sin agus chuaigh san iomdha - an leaba - agus luigh an iníon go héasca in aice leis. Agus chuir siad lámh thar shleasa a chéile agus ghabhadar ag áineas agus ag imagallamh le chéile.

Bhí go maith ach spreag rud éigin Persaual le héirí as an leaba agus breathnú ar chlaíomh a bhí in aice láimhe. Chonaic sé cros dhearg i lár an chlaímh. Ghearr sé fíor na croise air féin agus ar an bpointe léim an iníon as an iomdha agus chuaigh gach rud san aer agus ní raibh a fhios ag Sir Persaual céard a tharla di ach amháin gur éirigh dubhnéall dobholaidh ina thimpeall, amhail bíonn i bhfodhomhain ifrinn. (ll 2340-75)

Teagasc manachúil atá ansin: seachain na mná a Theamplóirí nó dála Eua is iad a thabharfaidh an chollaíocht pheacúil isteach in bhur saol. Má deir bean go bhfuil si i ngrá leat, nó níos measa fós má cheapann tusa go bhfuil tú i ngrá léise, tabhairt aire - is é an diabhal atá ann. Tá dochar mór sa teagasc sin dar liom, go háirithe nuair a fhéachtar le é a chur i bhfeidhm lasmuigh de chomhthéacs an oird rialta a bhí i gceist leis na Teamplóirí. Is mó fós an dochar atá ann má bhreathnaítear ar
Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha mar chineál úrscéil a bhfuil léargas éigin ar an bhfírinne le fáil ann. Tá fírinne sa Lorgaireacht go cinnte ach ní hí 'fírinne' an teagaisc sin í.