2.6.10

Éan gaile



Tá an frása suimiúil seo (ach coigeartú áirithe nua-Ghaeilge déanta agam air) le fáil in Lorgaireacht an tSoidhigh Naofa:

Ro éirigh bruth agus borrfadh Sir Galafas á fheicsin, go raibhe a éan gaile ar foluamhain uasa innibh agus uasa anáil....

Ní cosúil gur choincheap neamhghnách é sa litríocht go mbeadh ‘éan gaile’ ag éirí amach as laoch agus ag foluain os a chionn; is é sin éan de shaghas éigin ar éan 'gaisce' é, nó b’fhéidir éan ceo nó éan deataigh a d’fheictí nuair a bhíodh gaiscíoch ar buile.


Is éard is ‘én gaile,’ ann dar le DIL, ‘bird of valour, a phenomenon supposed to accompany the martial fury of heroes (cf. O. Ir. lúan láith).’ Tugann siad samplaí eile. Tá an ceann seo le fáil in Imeachta Aeniasa, an t‑aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar Aeneid Virgilius am éigin sa cheathrú haois déag (aistriúchán cruinn ach ciorraithe é) agus atá le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta. Tá Tuirnd (Turnus) tar éis Paill (Pallas) a mharú. Nuair a chloiseann Aenias an scéal tá olc air.

In tan tra rochuala Aenias in sgel sin, doeirigh a bruth 7 a brig and, 7 a fherg 7 a gal curudh, 7 adraig a en gaile co mbai for luamain uasa cind. Ba ferg nathrach ferg Aenias in tan sin....

Ba mhaith liom a chur i gcás – is é sin is píosa fantaisíochta de chuidse é ‑ gur deilbh den éan gaile atá ar bharr an chlogaid sin thuas a fuarthas in Ciumesti sa Rómáin sa bhliain 1961; agus gur chuid é den trealamh scanraithe a chleachtadh na Gaeil agus iad i mbun cogaíochta, mar aon le buabhaill, screadach, béicíl, agus gleo coitinn. Tá hinsí ar na sciatháin sa chaoi is go mbidís ag bogadh suas síos agus an gaiscíoch ag treabhadh roimhe is ag déanamh creiche. Deirtear gur fiach dubh é an t‑éan.