5.2.11

Magnum numerum versuum

Mapa Béarla de na hOileáin
Bhí mé ag caint le daoine an lá cheana faoi scéal a bhí ar Raidió na Gaeltachta: Leabhar Inis Bearachain a bheith á sheoladh. Céard é Leabhar Inis Bearachain? Tá an freagra anseo: “Is éard atá i Leabhar Inis Bearachain ná lámhscríbhinn filíochta Ghaeilge a scríobh fear darbh ainm Michael Connolly in Inis Bearachain sa bhliain 1882. Tá an lámhscríbhinn sin curtha in eagar ... ag Andreas Vogel.”

Ar aon chuma, is éard a bhí daoine ag rá liom nach scríobhtaí rud ar bith síos. Luadh roinnt filí agus daoine eile a chum véarsaí agus a d’insíodh scéalta i gceantar na nOileán i gConamara. Ní úsáidfeadh duine ar bith acu peann agus páipéar. Aithrisíodh cuid de na véarsaí dom; bhí siad glic, cliste, cuid acu an-ghreannmhar, an-stíliúil. Bhí íoróin i gcuid acu a chuirfeadh Heine i gcuimhne duit. Agus áibhéil leochaileach i gcuid eile a bhí chomh éadrom le cleite gearrcaigh.

Scríobh Julius Caesar an méid seo dhá mhíle bliain ó shin agus é ag caint faoi na draoithe sa Ghaill; is sliocht cáiliúil é i measc lucht an léinn cheiltigh as De Bello Gallico, leabhar 6, caibidil 14:

Magnum ibi numerum versuum ediscere dicuntur; itaque annos nonnulli vicenos in disciplina permanent. Neque fas esse existimant, ea literis mandare, cum in reliquis fere rebus, publicis privatisque rationibus, Graecis utantur literis. Id mihi duabus de causis instituisse videntur; quod neque in vulgum disciplinam efferri velint, neque eos, qui discant, literis confisos, minus memoriae studere....

Deirtear fúthu go bhfoghlaimíonn siad líon mór véarsaí ansin; ar an gcaoi sin fanann roinnt acu fiche bliain faoi theagasc. Ná ní cheapann siad go bhfuil sé ceart iad a scríobh síos, bíodh is go n-úsáideann siad litreacha Gréagacha i mbeagnach gach réimse eile. Tá an nós sin ann, dar liom, ar dhá chúis; mar nach maith leo an teagasc a thabhairt don phobal i gcoitinne, agus nach maith go dtabharfadh lucht foghlama níos lú aire don chuimhne dá mbeidís ag brath ar litreacha....

Ní hé a theastaíonn uaim a rá go bhfreagraíonn filí Inis Bearachain agus na nOileán do dhraoithe na sean-Ghaille. Ach is éard tá mé a rá, go traidisiúnta, ag dul siar na mílte bliain, go bhfuil gné láidir seachliteartha ag baint le “litríocht” na Gaeilge.

Féach go bhfuil fadhb againn focal a chur air. Deir Caesar “disciplina” agus úsáidim an focal “teagasc” ag freagairt dó sin. Ach cén focal atá againn ar na véarsaí seo? Filíocht is dócha. Ach tá seanchas i gceist chomh maith, agus scéalta, agus iliomad eile: tomhais, seanfhocail, comhairlí, “piseoga”.

Ceann de na fáthanna nach bhfuil na lámhscríbhinní atá againn - os cionn 5000 acu - chomh saibhir is ba mhaith linn a bheidís – nach bhfuil mórán iontu faoi bhia agus bhéilí, faoi riarachán an taoisigh, faoin ailtireacht, faoi chúrsaí ceoil, faoi chúrsaí ceardaíochta, filíocht aiceanta – go raibh na nithe sin suite go daingean i dtraidisiún oilte a sheachain an scríbhneoireacht – agus sin a bheag nó a mhór, sílim, ar na cúiseanna a luaigh Caesar: gur fearrde an fhoghlaim an chuimhne láidir nach bhfuil ag brath ar an scríobh; agus dá mbeadh 'an teagasc' scríofa síos go raibh sé ar fáil do dhaoine lasmuigh den ghrúpa, den cheird.