8.10.10

Taitneamh na litríochta


Ceann de na nithe is taitneamhaí faoin léitheoireacht agus faoin litríocht i gcoitinne nuair a tharlaíonn an pléisiúr a thugann siad duit go héasca gan choinne. Caithfidh mé a rá go gceannaím roinnt leabhar Gaeilge de bharr dualgais, ar son na cúise, nó amanta le dóchas. Ní go hannamh a tharlaíonn sé go sleamhnaíonn an leabhar as mo lámh uaim ar bhealach éigin. Tugaim faoi deara nach bhfuilim á léamh níos mó.

B'iontach an rud a tharla nuair a thosaigh mé ag léamh Favela le Alex Hijmans. Bhí mé tar éis a ghealladh dom féin go léifinn é tar éis dom moladh Aonghuis a léamh an bhliain seo caite. Ach d'imigh na míonna thart go dtí gur cheannaigh mé é. Thosaigh mé air ansin agus mealladh mé. In ionad an leabhar sleamhnú uaim thugas faoi deara go rabhas á léamh go leanúnach, go raibh fonn orm é a léamh, go raibh mé ag cur spéise ann, agus sin ainneoin gur shíl mé go mb'fhéidir nach mbeadh oiread sin mealladh san ábhar dom: cur síos ar thréimhse a chaith an t-údar i gceantar bocht i gcathair Salvador sa Bhrasaíl. Léigh mé an leabhar ó thús deireadh gan stró.

Níor mealladh go dtí é: an t-ábhar féín agus na daoine a cuireadh in aithne dom sa leabhar - níl fonn orm iad a lua - b'fhearr liom go gcuirfeá féin aithne orthu gan mise a bheith mar idirghabhálaí - na suíomha spéisiúla ina bhfuair an t-údar é féin - rudaí chomh simplí le é féin a fheiceáil i bhfuinneog siopa, cupán caife, réiteach bia - agus an cur síos iriseoireachta - nach raibh iomarcach ar chor ar bith - ar staid shocheacnamaíoch an cheantair, na creidimh dhifriúla, na féilte agus an chaoi ar comóradh iad.

Ar bhealach simplí, go fánach nó go formhothaithe, geall leis, cuireadh ceisteanna móra faoi mo bhráid: creideamh, sonas, grá, an daonnacht, fulaingt, éagothroime, réamhchlaontaí. Go seolfaí go héasca agus ar bhealach chomh taitneamhach mé chuig smaoineamh ceisteach ar na hábhair sin, ba é sainchomhartha na sárlitríochta é, déarfá.

Tá an leabhar seo pléite cheana ag Aonghus, mar a deirim, agus in áiteanna eile i sféar seo na mblag agus tá blag ag Alex féin anois ag leanúint leis an leabhar ar a shuíomh féin. Cois Life a d'fhoilsigh an leabhar i 2009.


Alex Hijmans agus Nilton Reis

5 comments:

  1. Áthas orm gur bhain tú tairbhe as mo mholadh (agus sult as an leabhar!)

    ReplyDelete
  2. Leigh mé an leabhair agus bhain mé an-thaithneamh as mé féin.Bhí sé tráthúil freisean agus áit na Brasáille sa domhan ag treisiú.

    ReplyDelete
  3. Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost:{shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa ..

    ReplyDelete
  4. Lá Maith a dhaoine uaisle, fáilte roimh Chreidmheas Iasachta Uathúil áit a bhfuil do mhianta iasachta á gcomhlíonadh, cuirimid gach cineál iasachtaí, iasacht Cuideachta, iasachtaí Infheisteoirí, Iasachtaí Tráchtála, iasachtaí príobháideacha agus go leor eile etc.

    Níl le déanamh agat ach dul i dteagmháil linn tríd an bhfoirm iasachta seo a líonadh agus an fhoirm iasachta dea-líonta a sheoladh tríd an ríomhphost oifigiúil cuideachta go díreach le haghaidh aon chineál iasachta is mian leat Ríomhphost: Unicreditbranchitaly@accountant.com nó WhatsApp ; +393509811524.

    DO AINM:

    TÍR:

    STÁIT:

    AN MÉID RIACHTANACH:

    FAD:

    Gnéas:

    IONCAM:

    AIDHM NA HIASACHTA:

    TEILEAFÁN/WATSAPP:

    Líon an fhoirm seo thuas agus seol d'iarratas ar iasacht chugainn trí ríomhphost oifigiúil na cuideachta; Unicreditbranchitaly@accountant.com
    WhatsApp; +393509811524.

    Maidir,

    An tUasal Éilias

    ReplyDelete