2.9.09

Cé chomh sean?


Ba mhaith liom filleadh ar cheist seo an Renaissance, agus ar Phetrarca go háirithe, mar sílim go gcaitheann an pheirspictíocht sin solas spéisiúil ar an litríocht seo againne.

Ach ar dtús ritheann sé liom nár mhiste a bhfuil i gceist againn le litríocht na Gaeilge a bheachtú beagán.

Cé chomh sean is atá an litríocht seo againne?


Bhuel, cé chomh sean is atá tú ag iarraidh a bheadh sí? Chomh fada siar le tús na tréimhse Ind-Eorpaí? Fadhb ar bith: tá scéalta sa Ghaeilge ar féidir a rianadh siar go dtí an tréimhse sin.


Chomh fada siar le teacht na nGael go hÉirinn? Tá scoláirí áirithe sásta go mbaineann scéalta áirithe sa tSean-Ghaeilge le miotaseolaíocht na sean-Ghael.


Mé féin go pearsanta bheinn sásta a rá go dtosaíonn an litríocht leis an litríocht scríofa (gan na seanscéalta, an béaloideas, na miotais a chur as an áireamh, ar ndóigh). Cén uair a thosaigh an litríocht scríofa sin? Arís braitheann sé. Céard tá i gceist agat le ‘scríofa’? An mbeifeá sásta le ‘greanta’? Ar chloch, mar shampla?


Is maith liom an smaoineamh seo go dtosaíonn litríocht na Gaeilge leis na clocha Oghaim. Ar a laghad ar bith ciallaíonn sé gur féidir linn chéad scríobh na Gaeilge agus an litríocht a dhéanamh comhuaineach: am éigin timpeall na bliana 400, nó tamall ina dhiaidh, má léim Damian McManus §5.24 i gceart. Ciallaíonn sé gur féidir linn aos léinn a chur i gcás, dream beag oilte comhtháite a scríobh na hinscríbhinní agus a leag amach na coinbhinsiúin a bhain leo. (Ní móide gurb iad a ghearradh na clocha. Is é is dócha go ngearraidís na hoghaim ar phíosa adhmaid nó ar chnámh is go gcóipeálfadh an dealbhóir é.)


Ceart go leor, níl aon rannta sa litríocht Oghmach seo, gan trácht ar eipicí. Dáiríre níl fiú is briathra nó aidiachtaí nó réamhfhocail ann. Ach tá ainmneacha ann – ainmneacha iontacha: Gossucttias, mar atá ar an gcloch thuas atá le fáil i bPáirc na Fola, Log na gCapall, Corca Dhuibhne – ceann de na clocha is sine dá bhfuil againn dar le McManus; Glunlegget, Ogatos, Trenacatus, Rittavvecas, Qenuven, Comogann, Dumeledonas, Dovaidona, agus go leor leor eile. Maidir le litíocht phearsanta, níorbh fhéidir a bheith níos pearsanta ná sin: ainm an duine.

Nach in tús na litríochta: an duine á ainmniú as féin, an duine agus a ainm á chomóradh, á choinneáil i gcuimhne?


Ach glacadh leis na hinscribhinní Oghaim mar thús na litríochta, is féidir linn tús na litríochta a chur siar níos faide ná teacht Phádraig go hÉirinn. Is féidir linn leanúnachas a chur i gcás idir aos léinn na cúigiú haoise agus aos léinn na lámhscríbhinní. Is féidir linn tús na litríochta a cheangal leis na Déise agus le Gaeltacht bheag bhríomhar an lae inniu sa Rinn. Is féidir fíoracha a chur i gcás mar chuid den litríocht – fíoracha diamhracha mar iad siúd a phléitear i Nótaí Imill, mar shampla. Is féidir linn an tuiseal ginideach a fheiceáil mar rud draíochtach. Freagra na ceiste, cé chomh sean is atá litríocht na Gaeilge, braitheann sé céard tá uait. Ach déanfaidh an bhliain 400 AD cúis domsa.

2 comments:

  1. Agus tá a lán ainmfhocail choitianta le feiceáil sna hainmneacha pearsanta. Is féidir a mhaíomh gur dánta beaga atá i gcuid acu.

    CUNAMAGLI (gin.) = Conmál = prionsa na gcon / na mac tíre

    DOVALESCI (gin.) = Duibhleasc = an fear atá dubh agus leisciúil

    agus mar sin de...

    ReplyDelete
  2. Iontach. Níor chuimhnigh mé air sin.

    ReplyDelete