An file ag bailiú a chuid dánta féin le chéile in aon leabhar amháin, ní rud é sin a tharla i saol liteartha na Gaeilge, dar liom, roimh an naoú haois déag. Nó ba in í an téis a bhí agam go dtí gur léigh mé an méid seo ag Katharine Simms:
We have references to since lost poem-books of single poets, the tenth-century Flann mac Lonáin, and the thirteenth-century Muireadhach Albanach, but the extant manuscript collections based on authorship emanate from schools of hereditary poets.
Tá an tagairt do ‘dhuanaire’ Fhlainn mhic Lonáin tugtha cheana agam thíos faoin teideal, Litreacha. Is i lámhscríbhinn de chuid na cúigiú aoise déag atá tagairt eile (Leabharlan na Breataine, Additional Ms. 19,995):
Is amlaid fuaras so .i. ó Dubthach mac Fergail ar duanaire Muiredaig albanaig.
Ní dóigh liom go mbréagnaíonn an dá thagairt an téis: níor nós é – nó níor nós coitianta é – bailiúcháin dánta le haon fhile amháin a chur le chéile. B’fhéidir go bhfuil cuid den mhíniú air sin le fáil sa dara cuid d’abairt Katharine Simms. Sa mhéid is go gcuirtí bailiúcháin le chéile is iad na teaghlaigh agus na scoileanna a dhéanadh - bailiúchán de dhánta mhuintir Uiginn an sampla a thugann sí. Luíonn sé le réasún go mbeadh siad sin ar son comhbhráithreachas nó ‘coláistíocht’ na muintire seachas aon duine faoi leith dá gcuid a chur chun tosaigh.
Is é sin an easpa indibhidiúlachta a shonraítear ar an litríocht, an easpa chuntas pearsanta, mar shampla – bíodh is go bhfuil eisceachtaí ann – baineann sé le cultúr tairgthe na litríochta, an comhthéacs sóisialta as ar eascair an fhilíocht, as na scoileanna ar mó acu a dtábhacht chorporáideach féin ná gaisce faoi leith aon duine dá gcuid ball.
Ar an gcaoi chéanna ní bhaineann na duanairí do na taoisigh le hábhar anseo ach an oiread. Móradh agus mórainm an taoisigh féin agus a mhuintire a bhí i gceist leo sin.
Tá cuma tiara an Phápa ar ceannbheart an reacaire thuas. An bhfuil fios fátha an stíl sin agat?
ReplyDeleteNíl a fhios agam, a Aonghuis. De réir mar is féidir liom a dhéanamh amach, gan an leabhar a bheith láimh liom, is pláta é seo a d'fhoilsigh J. Christie, foilsitheoir i mBaile Átha Cliath le dul lena eagrán seisean de Historical memoirs of the Irish bards le Joseph C. Walker in 1818. Ritheann sé liom go bhfuil an hata bunaithe ar a leithéid ag Derricke, mar shampla an 'The lively shape of Irish karne' mar a bhfuil taoiseach i bhfeisteas ornáideach le feiceáíl.
ReplyDeleteAn bhfuil aon fhianaise againn a chruthaíonn gur chaith na taoisigh clogad ard maisithe mar na cinn atá le feiceáil i bpictiúir Derricke?
ReplyDeleteAr ábhar an chlogaid chonaic mé clár ar an mBBC le déanaí maidir le Cromail de, The Devil's Whore a bhí air. I radharc amháin in Éirinn tá an Taoiseach Gaelach ag caitheamh an chlogaid aird. An-spéisiúil.
Ar ais don duanaire, b'fhéidir gur nós pearsanta a bhí ann? Nós don bhfile a dhuanaire féin a choinneáil? Duanaire lán leis na dánta a chum sé roimhe ionas go bhféadfadh sé úsáid a bhaint astu mar is gá?
De ghnáth, déarfainn, nach mbeadh fonn ar an bhfile a admháil go raibh duanaire aige, tugann duanaire le fios go bhfuil an dán á chumadh ar son taoisigh éigin úsáidte cheana.