9.9.09

Petrarca agus Gofraidh Fionn


B’fhéidir nár mhiste dom beagán cúlra a chur le mo chuid smaointe faoi litríocht na Gaeilge agus an feiniméan Eorpach sin ar thug Jacob Burckhardt an 'Renaissance’ air.

Ní inniu nó inné a cuireadh i gcás go dtéann meon na hAthbheochana údan siar go Francesco Petrarca, an scoláire agus an file a bhí i ngrá le Laura. Tá fréamhacha an Renaissance le fáil, deirtear, san obair chomhfhiosach anailíseach a rinne Petrarca ar théacsanna agus ar lámhscríbhinní Laidine: cúram a bheith á dhéanamh den ghramadach, den fhrásaíocht, den fhriotal, agus sin go minic mar chomhartha den tréimhse inar scríobhadh an téacs, nó mar léiriú ar an té a scríobh é. Ba rud nua é sin i stair na litríochta agus na scoláireachta san Eoraip.

Ach ní hé sin an ghné d’obair Phetrarca ba mhaith liom a lua anseo, ach an scríbhneoireacht phearsanta, nó le bheith cruinn faoi, scríobh an chuntais phearsanta. Píosa scríbhneoireachta amháin go háirithe atá i gceist agam: an litir a scríobh sé chuig a oide anama, Dionisius de Burgo Sancti Sepulcri, faoin dreapadóireacht a rinne sé suas Mons Ventosus, De ascensu Montis Ventosi, Mont Ventoux, 50 éigin ciliméadar soir ó thuaidh ó Avignon áit a mbíodh a athair fostaithe mar scríobhaí de chuid an Phápa.

Anois, d’fhéadfadh sé gur cur i gcéill atá sa litir. Cuireann an téacs in iúl gur ar an lá a rinne Petrarca an turas anróiteach go barr an tsléibhe a scríobh sé an an cuntas, 26 Aibreán 1335. Deir na scoláirí, áfach, gur i bhfad ina dhiaidh sin a scríobhadh an litir agus go mb’fhéidir nár léigh Dionisius í ar chor ar bith nó bhí sé básaithe faoin am sin. Ach is cuma faoin bhfírinne. Is éard tá tábhacht anseo an chaoi ar glacadh leis an litir, an rud a ceapadh a bhí inti. Tá blas na dialannaíochta uirthi:

Altissimum regionis huius montem ... hodierno die ... ascendi.

Inniu féin ... a dhreap mé ... an sliabh is airde sa réigiún seo.

Litir fháthchiallach atá ann deirtear, litir theagascach go fiú. Tá níos mó ar bun ag Petrarca ná cuntas pearsanta. Teastaíonn uaidh pointe spioradálta a dhéanamh. Dhreap sé an sliabh díreach ar mhaithe len é a fheiceáil – mian uaibhreach saolta a bhí ann – ach nuair a bhain sé an barr amach d’aimsigh sé rud níos spéisiúla, níos áille go mór ná sliabh ná radharc tíre: anam an duine, a anam féin. Rinne sé sin le cabhair Fhaoistíní Naoimh Agaistín, a tharla a bheith ina phóca aige ag an am.

Chun an teachtaireacht dhomhain seo a chur abhaile orainn – nó air féin – insíonn Petrarca scéal an dreaptha. Labhrann sé faoin spéis a chuir sé sa sliabh; a fhiosracht go háirithe tar éis dó cuntas Livius a léamh an lá roimh ré; an chaoi ar lorg sé compánach le dul leis – a dheartháir; a anróití a bhí an dreapadh féin. Tá an cuntas pearsanta iomlán agus fírinneach de réir cosúlachta – ach ní ar mhaithe leis sin a scríobhadh an litir ach le míniú dá oide spioradálta go raibh sé tar éis teacht ar thuiscint. Níor thada é an dreapadh sléibhe le hais iontas neamh-bhásmhar a anama.

De lámh a scríobh Petrarca agus is i lámhscríbhinní a coinníodh a chuid – níor tháinig an clóphreas chun cinn go ceann céad bliain ina dhiaidh sin. Idir a dá linn bhí bailiúchán déanta ag Petrarca dá chuid litreacha agus bhí sé tar éis iad a chur á gcóipeáil ar phár. Mar sin nuair a tháinig an clóphreas ní hamháin go raibh cáil ar Phetrarca mar fhile agus mar leannán Laura, bhí bailiúcháin cheangailte dá chuid litreacha réidh le cur chun cló. Sa Veinéis a rinneadh é sin, céad éigin bliain tar éis a bháis.

Cuntas pearsanta Phetrarca – bíodh sé fáthchiallach nó ná bíodh – rug lucht an chlóphreasa agus lucht léite na leabhar nua clóite go fonnmhar air. Ní hé ba thábhachtaí anois an teagasc morálta a bhí le baint as an dreapadóireacht ach an cur síos ar an gcaoi a ndeachaigh an dreapadóireacht i bhfeidhm ar an duine féin. Níor sliabh fáthchiallach é Ventoux níos mó ach sliabh ceart fírinneach coincréiteach a dhreap duine aonair faoi leith ag am faoi leith, ar bhealach faoi leith. Thabharfadh lucht nuachtán tablóideach an lae inniu ‘human interest story’ air. Bhí an ‘Renaissance’ faoi lán tseoil.

Aistríodh an spéis ón bhfáthchiall – spéis na meánaoiseanna – go spéis sa duine féin agus ar tharla dó – spéis na hAthbheochana.

Tá a fhios agam go bhfuil simpliú mór déanta agam ar an scéal ar fad – simpliú a cheileann go leor leor mionsonraí, eisceachtaí, míréitigh. Ach breathnaímis ar an litríocht seo againne sa tréimhse seo.

Fuair Gofraidh Fionn Ó Dálaigh bás thart ar an am céanna le Petrarca. Níl an dán leis ‘Mairg mheallas muirn an tsaoghail’ ró-éagsúil ó litir Phetrarca sa mhéid is go ndéanann codarsnacht bhreá idir neamhfhiúntas rath an tsaoil seo agus ‘sógh na sochraide nemhdha.’ Mar a chéile, tarraingíonn Gofraidh fáthscéal chuige féin agus insíonn faoin leanbh a rugadh i bpríosún agus gan de sholas an lae aige féin ná ag a mháthair ach an méid a tháinig trí pholl tarathair.

Ach níl aon chuntas pearsanta againn ó pheann Ghofraidh nó, go bhfios dom, ó aon fhile nó ó aon scríbhneoir eile Gaeilge de chuid an ama sin, ná, go deimhin, ón am ina dhiaidh sin. Níl aon scríbhneoir Gaeilge ar eolas agam a d'fhág cuntas againn á rá 'rinne mise seo,' nó 'rinne mise sin'.

Mar sin ní miste na héagsúlachtaí seo a thabhairt faoi deara idir cuid na nGael agus cuid Phetrarca.
(1) Murab ionann agus Petrarca arb é féin is tús lár agus deireadh na litreach, ní labhrann Gofraidh faoi féin ar chor ar bith ach ag an deireadh ar fad nuair a iarrann sé ar Mhuire nach meallfaí é agus go ndeir sé gur léir dó go ndíonfaidh sí é agus ‘guidhe óghMhuire is lór linn.’ Níl cuntais phearsanta le fáil i litríocht na Gaeilge, ar an mórgóir.
(2) Is gníomh glan creidimh a chuireann críoch – dúnadh – le dán Ghofraidh ach is dearbhú intleachtach a chuireann deireadh le litir Phetrarca, é a rá go bhfuil sé tar éis a anam a nochtadh sa litir agus go bhfuil súil aige féin lena shaol féin a leasú agus iarrann sé ar an sagart paidir a rá ar a shon.
(3) Go bhfios dúinn níor bhailigh Gofraidh a chuid dánta le chéile in aon leabhar amháin agus bíodh is go raibh cáil mhór air ní heol dom gur bhailigh aon duine eile a chuid dánta le chéile i leabhar faoi leith ach an oiread – ba rud é sin nach ndéantaí. Sa mhéid is go raibh duanairí ann, ba leis na taoisigh iad.
(4) Faoi dheireadh na cúigiú haoise déag bhí saothar Phetrca á chur i gcló. Níor tháinig an clóphreas go hÉirinn go ceann céad bliain ina dhiaidh sin. Ní dóigh liom gur cuireadh aon dán le Gofraidh i gcló go dtí deireadh na naoú haoise déag nó tús na fichiú haoise.
(5) Nuair a tháinig an clóphreas go hÉirinn – go Baile Átha Cliath – bhí sé i lámha na Sasanach faoi stiúir dhocht an rialtais. Ar mhaithe le ‘proclamations’ Béarla i gcoinne na dtaoiseach Gaelach is mó a d’úsáidtí é. Ní cosúil gur chuir na taoisigh Ghaelacha ná fiú is an aosa léinn spéis sa chló.
(6) De thoradh na spéíse nua i litríocht agus in oidhreacht na sean-Rómhánach san Iodáil rinne clódóirí na Veinéise aithris ar chruth litreacha greanta na Róimhe agus ar an gcaoi sin tháinig cló-aghaidheanna nua-aimseartha idirnáisiúnta chun cinn. Níor fhorbair an cló Gaelach ar an gcaoi chéanna agus bhí doiciméid á scríobh ag deireadh na naoú haoise déag i nGaeilge ar an gcaoi chéanna a scríobhadh iad aimsir Ghofraidh.
(7) Chuir an easpa forbartha ar an ‘gcló’ Gaelach bac eile le forbairt an chlóphreasa Gaeilge nó bhí costas breise ag baint le soláthar an chló féin.

Na gnéithe atá sonraithe agam thuas maidir le litir Phetrarca, agus d’fhéadfaí a áiteamh nár tháinig siad chun cinn sa Ghaeilge go dtí gur fhoilsigh Seán Ó Ríordáin Eireaball Spideoige i 1952 agus nár sonraíodh i gceart sa phrós iad go dtí anois: sa bhlagadóireacht.

6 comments:

  1. Athghine agus athshealbhú na Gaeilge fós rómhainn, mar sin!

    ReplyDelete
  2. Sin é a Aonghuis. Obair mhór. Ach nach iontach an dúshlán é? Agus tá sásamh ann agus cuid mhaith spraoi?

    ReplyDelete
  3. Sin píosa deas scríbhneoireachta!! D'fhoghlaim mé cuid mhaith ón aiste seo. Tá mé sáite sa mheánaois agus is beag eolais atá agam ar an Athbheochan. GRMA!

    ReplyDelete
  4. Chuir an méid a dúirt tú faoi Phetrarca file eile i gcuimhne dom: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh. Rinne Alan Titley úrscéal as a bheatha, _An Fear Dána_. Tá dhá dhán leis ar marthain inar chuir an file síos ar rudaí a tharla dó féin: an bailitheoir cánach a mharaigh sé le tua i dtaghd feirge, gníomh ba chúis lena ionnarbadh as Éirinn; agus bás a mhná. Seo dhá rann ina bhfuil a phearsanta le braith iontu:

    Beag ar bhfala risin bhfear,
    Bachlach do bheith dom cháineadh,
    Mé do mharbhadh an mhoghadh -
    A Dhé, an adhbhar anfholadh?

    M'anam do sgar riomsa a-raoir,
    Calann ghlan dob ionnsa i n-uaigh;
    Rugadh bruinne maordha mín
    Is aonbhla lín uime uainn.

    Tá na dánta ar fáil anseo:

    http://www.itsligo.ie/heritage/Alt3/ALT3A.HTM

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat, Dennis. Tá an ceart ar fad agat. Laochfhile é Muireadhach. Scríobh sé dánta iontacha mar na cinn a luann tú; is beag nach é féin a chruthaigh an dán díreach clasaiceach; agus phós sé an struchtúr sin le mothú daonna pearsanta; agus bhunaigh sé ríshliocht filí in Albain, más fíor, (Mac Muireadhaigh nó Mac Muirich). Ach céard a tharla don 'nóta pearsanta' i bhfilíocht na Gaeilge ina dhiaidh sin? Amanta ceapaim gur droim ar ais a tharla rudaí in Éirinn: Athbheochan 1000-1250; Meánaoiseanna 1250-1600.

    ReplyDelete
  6. Is fíor duit. Crann os coill a bhí ann.

    Úps amháin: feicim gur scríobh mé "a phearsanta" thuas in áit "a phearsantacht". An tuaiplis is ansa liom: cuid d'fhocal nó focal iomlán a fhágáil ar lár! :-\

    ReplyDelete