
Táim tosaithe ag léamh aistriúcháin Béarla ar leabhar cáiliúil Desiderius Erasmus, Praise of Folly; nó mar atá baiste ar ar an leathanach teidil, Μωριας Εγκωμιου sive Stultitiae Laus. Scríbhneoireacht ghlic íorónta chumasach spraoiúil léannta de chuid an Renaissance atá ann. Tugann sé tuiscintí áirithe leis, tuiscintí a bhfuil talamh slán déanta díobh ó shin. Is luath go maith sa léamh a bhuail mé le ceann acu.
Deir Stultitia, An Amaideacht, go bhfuil sí chun í féin a mholadh. Cé is fearr chuige? An maífeadh aon duine go bhfuil eolas níos fearr aige ar an amaideacht ná mar atá aici féin? Ní hamháin sin, a deir sí, ach ní bheidh an moladh a dhéanfaidh sí uirthi féin chomh háibhéalach leis an moladh a dhéantar ar na huaisle sin a íocann airgead maith le fear óráide nó le file baothfhoclach éigin (poeta vaniloquum) ionas go mbeidh siad in ann moltaí duine eile a chloisteáil – moladh nach bhfuil ann ach bréaga glan.
Tá an tuiscint phiúratánach a léiríonn Erasmus ansin ar an bhfilíocht mholta bun os cionn uile le tuiscint na bhfilí clasaiceacha seo againne ar a raibh ar siúl acu. Ach géilleadh do thuiscint Erasmus, bainfear an bonn den fhiliocht phoiblí agus den fhilíocht phobail. Tá sé ag rá nach mór don fhilíocht a bheith ‘fírinneach’. Cuireann sin an liric phearsanta ‘mhacánta’ in ionad fhilíocht mhór shóisialta na sochaí comhtháite. Cuireann sé ding idir na daoine agus an fhilíocht. Is éard tá san fhilíocht feasta éifeacht éigin focal a léann an léitheoir )os íseal) dó féin i leabhar clóite.
Is é dearcadh sin Erasmus a tháinig chun cinn i gcultúr Iarthar na hEorpa. Ach ní bhfuair sé greim ar phobal na Gaeilge chomh mór sin. Tá file an phobail fós faoi mheas i measc na nGael agus caint fós ar fhilí den scoth mar Johnny Chóil Mhaidhc agus a gcuid dánta fós á n-aithris. Géilleann na Gaeil go bhfuil a cuid rialacha féin ag an bhfilíocht agus nach gá gurb ionann iad sin agus rialacha an mhanaigh éisealaigh a bhí ag iarraidh go mbeadh chuile shórt glan, úsáideach agus ‘fírinneach’ - agus ar thaitin sé leis a thaispeáint go raibh sé os cionn cách trína chuid scríbhinní a bhreacadh le nathanna agus le focail Ghréigise.
Nílim ach i dtús taighde faoi Erasmus. Tá gach seans ann go bhfuil aiste i gcomhair Feasta ann.