13.10.09

Cruinneas Staire: Teacht na Críostaíochta


Bhí mé ag caint le seanchara liom aréir. Tar éis dó fiafraí faoi mo shláinte – feabhsaithe gan biseach iomlán orm fós – leanamar orainn ag caint faoi cheann de na hábhair is ansa linn – seanstair na hÉireann. Eisean an saineolaí. Mhúin sé cupla rud dom a aréir, mar a dhéanann i gcónaí


Dhá ábhar a bhí faoi chaibidil againn. Pléifidh mé ceann amháin anseo agus déanfaidh mé an plé ar dara ceann a phostáil níos déanaí. Ach chéad rud a chaithfidh mé a lua go bhfuil meon cruinn an staraí phroifisiúnta ag mo charasa. Measúnú na fianaise, agus sin ar bhonn dianscrúdaithe. Ní leor eachtra a bheith luaite i lámhscríbhinn le cruthú gur tharla sé. Próiseas dian iniúchta atá ag teastáil má táimid le rá ‘tharla sin’. Go minic níl againn sa deireadh ach: ‘ag cur gach rud san áireamh, de bharr an phróiseas dianscrúdaithe atá déanta againn ar na foinsí iomadúla, agus ag cur san áireamh a bhfuil ar eolas againn faoi mheon na ndaoine a scríobh nó a thiomsaigh an t‑eolas atá ar fáil sna foinsí sin, is éard is dóigh linn, gur dócha gur tharla sé.’


An raibh an Chríostaíocht in Éirinn roimh theacht go Pádraig? Braitheann sé cé tá i gceist agat le Pádraig. Bhí, má deir tú gurb ionann Pádraig agus Palladius. Tá sé réasúnta brath ar fhianaise Prosper anseo a deir, faoin mbliain 431 ina Chroinic, gur chuir an Pápa Ceilistín I Palladius go hÉirinn mar an chéad easpag ar na Gaeil a chreid i gCríost (primus episcopus ad Scottos in Christum credentes).


An bhféadfadh sé gurb iad a thug an Chríostaíocht go hÉirinn roimhe sin Déaglán, Ailbhe, Ciarán Saighir? Ní móide é. Sa chás i go bhfuil dáta báis ar fáil sna hannála d’aon duine de na daoine sin is sa séú haois é. Tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ó muintir na Mumhan, m.sh. an Eoghanacht, iad féin a scaradh ó fhorlámhas Ard Mhacha agus leis sin a dhéanamh d’fhéach a lucht seanchais le cur in iúl gur tháinig an Chríostaíocht go dtí an Mhumhain roimh Phádraig agus gur sine a gcuid naomh siadsan ná naomh Ard Mhacha.


Casta? Amhail is nár leor sin, bhreathnaigh mé ar alt leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín in Medieval Ireland: an encyclopedia, agus feicim go gcuireann seisean moladh spéisiúil chun cinn: go mb’fhéidir gur tháinig Pádraig (fear na litreacha a fuadaíodh nuair a bhí sé ina ógánach etc.) go hÉirinn roimh Phalladius, b’fhéidir chomh luath le deireadh na ceathrú aoise.


Rith sé liom go raibh Coroticus luaite ag Pádraig agus gur dúradh gurb ionann é siúd agus rí nó taoiseach Breatanach éigin. Nach socródh sé sin dáta éigin do Phádraig (atá léirithe thuas i ngloine dhaite in Ardeaglais Ard Mhacha)? Shocródh dá mbeadh dáta éigin ann a d’fhéadfaí a lua le Coroticus. Ní cosúil go bhfuil.


Ach bealach amháin nó bealach eile is cosúil gur thart ar an am céanna a tháinig na leacracha Oghaim chun cinn a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn: an bhliain 400. An bhfuil aon bhaint idir an dá rud? Cá bhfios domsa.

7 comments:

  1. Agus an dara halt sa tsraith seo? ;-) Is oth liom a chloisteáil nach bhfuil tú céad faoin gcéad ar do sheanléim arís. Tuigim duit. Níl mé féin ag teacht as an slaghdán mallaithe seo, nó cibé rud a bhí orm, chomh luath agus a bhí súil agam leis.

    ReplyDelete
  2. Tá an deabhal ar na slaghdáin seo. An dara halt? Na Déise. (Nuair a bheidh mé ar ais ón dochtúir.)

    ReplyDelete
  3. Maith dom m'aineolas, ach conas is féidir linn a rá go cruinn cén uair a dtáinig na leacracha Oghaim chun cinn?

    Cad é an fhianaise le maíomh gur tharla sé ag an am céanna is a tháinig Críostaíocht?

    ReplyDelete
  4. Tá caibidil 5 i leabhar McManus tugtha suas do cheist an dátaithe. Seo mar a thuigimse an scéal. De bhrí nach féidir aois na leac féin a bheachtú ná na daoine a bhfuil siad tiomnaithe dóibh a aithint in aon fhoinsí eile, níl fágtha ach staid forbartha na teanga: rudaí mar thionchar na ngutaí ar na consain, séimhiú, coimriú etc. Tá roinnt inscríbhinní ann nach léiríonn aon cheann de na nithe sin. Sin iad na hinscríbhinní is sine dar le McManus. Seo é an abairt atá aige fúthu ar lch 93: 'It is unlikely that they are much older than the fifth century and they may belong to the first or early part of the second half of it, though some could possibly date from the late fourth century.'

    Feictear dom gur gné thábhachtach den obair seo an t-aineolas - nó ar a laghad ar bith, an éiginnteacht.

    ReplyDelete
  5. "It is unlikely"!

    Mar sin níl againn ach buille faoi thuairim léannta faoi aois Oghaim!
    Éiginnteacht go deimhin.

    ReplyDelete
  6. Go dtí do dtiocfaidh muid ar an gcual cnámh sin nó ar an gcarn slat sin a bhfuil scríbhinn Oghaim orthu agus a mbíonn Dennis ag brionglóidí fúthu!

    ReplyDelete
  7. Tá Indiana Jones Gaelach ag teastáil!

    ReplyDelete