14.12.09

Cinsireacht stairiúil an Bhéarla

Idir dhearcadh polaitiúil atá bun os cionn le do dhearcadh féin is dearcadh do mhuintire agus leimhe agus leadrán an ábhair (mar a shonraíonn Dennis King), níorbh aon ionadh é dá bhfágfadh an scríobhaí tuirseach Gaelach cuid de na dánta a bhí os a chomhair gan chóipeáil. Ach ní ar aon taobh amháin a bhí an chinsireacht. Bhí cinsireacht na n-údarás Béarla níos troime agus níos cuimsithí agus curtha i bhfeidhm go neamhcheisteach ar bhonn forleathan institiúideach.

Ní bhfaighfí sampla níos fearr de sin ná bailiúchán lámhscríbhinní Diúc Urmhumhan féin. Bíodh is nach bhféadfainn a rá go ndearna mé aon scrúdú cuimsitheach ar na catalóga agus ar na calandair ar chuir John Gilbert tús lena soláthar, is léir go bhfuil nócha naoi ponc a naoi faoin gcéad de na cáipéisí a bhaineann leis an tréimhse céad go leith bliain ó lár na séú aoise déag go dtí deireadh na seachtú aoise déag, i mBéarla amháin. Lasmuigh den dán le Seoirse Ó Cadáin atá luaite anseo, níor aimsigh mé aon Ghaeilge sna tuairiscí ionadúla ar cheann de na bailiúchán páipéar stairiúil is mó in Éirinn; agus sin ainneoin go raibh an Ghaeilge á labhairt ag nócha naoi faoin gcéad de phobal na tíre ag am a scríofa.


Ní dóigh liom gur féidir aon leatrom a chur i leith na gcatalógaithe. Sa tuarascáil chéanna inar chuir sé tús lena chuid oibre ar lámhscríbhinní Urmhumhan thug Gilbert cur síos ar bhailiúchán Uí Chonchúir Dhoinn arb é an chéad leabhar a luann sé ann Leabhar Mheig Shamhráin. Mar sin, is é an chuma atá air gur cháipéisí riaracháin Bhéarla a roghnaigh Séamas Buitléir, Diúc Urmhumhan, a chaomhnú. Tá an dán Gaeilge coinnithe i leabhar lámhscríofa d’fhilíocht agus de mhíreanna eile; seachtó mír idir mhíreanna Laidine agus mhíreanna Béarla agus gan ach an t-aon cheann amháin sin acu i nGaeilge. Níl aon fhianaise mar sin gur chothaigh Diúc Urmhumhan léann nó litríocht na Gaeilge. A mhalairt. Mar a dúirt Ó Bruadair:

Mairg atá gan béarla binn

ar dteacht an iarla go hÉirinn;

ar feadh mo shaoghail ar chlár Chuinn

dán ar bhéarla dobhéaruinn.


Sa mhéid sin ní raibh Diúc Urmhumhan ach ag leanúint de nósmhaireacht riaracháin lucht an Bhéarla in Éirinn – murab ionann agus nósmhaireacht a shinsear féin. Sa tuarascáil dheireanach leis ar pháipéir Urmhumhan tá cur síos ag Gilbert ar cháipéisí Bhardas Chathair Phort Lairge. Tá an píosa seo in acht dá gcuid ón mbliain 1469-70, dhá chéad bliain roimh réimeas an Diúic:

And also if ony apprentise or ony other abiding or duelling within the saide citie or suburbes, of Yrishe blode and nation callid or provid, desire the liberte and francheis of the saide citie, that firste he shew his liberte of the Kyng undre seale ere his petition be recevid or admyttid, and that he be of Inglish aray, habite, and speche, to kepe tholde ruele and ordynnaunce hensforward of the saide citie.

2 comments:

  1. An mbeadh súil againn lena mhalairt? Bheadh Cinsealacht stairiúil an Bhéarla chomh maith le Cinsireacht stairiúil an Bhéarla mar theideal ar an alt seo.

    ReplyDelete
  2. Díreach. Dar liom go bhfuil sé spéisiúil an cúlra stairiúil atá leis an gcinsireacht / cinsealacht atá ann inniu a fheiceáil. Feictear dom go raibh Diúc Urmhumhan lárnach sa chúlra sin, is é sin i bhforbairt córas riaracháin iomlán Béarla in Éirinn.

    ReplyDelete