28.1.10

An Coimhthíoch Deifnídeach



Is féidir ‘cás an duine aonair’ a rianadh siar go maith i litríocht na hEorpa – an duine atá as alt, atá ar bhealach éigin bun os cionn leis na daoine a mbíonn sé ag maireachtáil leo, nó a mbíonn sé ag plé leo – duine b’fhéidir nach mbíonn in éineacht le daoine eile mórán ar chor ar bith. Deir daoine a bhíonn ag scríobh faoin úrscéal gurb é Cervantes a thosaigh an tíopa liteartha seo nuair a scríobh sé Don Quixote.


Tá an smaoineamh tar éis a bheith ag bailiú nirt ó shin. Chuir Byron agus na Rómánsaithe leis, chuir an fealsúnaí Kierkegaard leis, agus Nietzsche. Rinne Gogol agus Dostoevsky a gcuid de, fuair scríbhneoirí nua-aoiseacha mar Knut Hamsun, Franz Kafka agus James Joyce greim air. Chuir na Marxaigh coincheap an ‘coimhthíos’ leis agus d’fhorbair lucht an eiseachais é ina dhiaidh sin agus fuaramar an eiseamláir, L’étranger, ó Albert Camus. Sna caogaidí chuir an scríbhneoir Sasanach Colin Wilson ainm air, ‘The Outsider,’ agus scríobh sé leabhar faoi.


Tá sé againn sa Ghaeilge ag dul i bhfad siar. Níl aon amhras ach gur strainséir é an Ceithearnach Caoilriabhach nó Mac na Míchomhairle. Sa seachtú haois déag, ba ‘outsiders’ iad Éamonn Ó Cléire (de bharr an alcóil) agus Tomás Ó Casaide (sagart díbeartha agus fear déirce de réir gach cosúlachta). Duine díbeartha sa ‘nua-aois’ is ea Mícheál Ó Maoláin in Deoraíocht. Agus tá gothaí go leor an choimhthís agus eiseachais ag baint le Fuíoll Fuine le Máirtín Ó Cadhain, An Uain Bheo le Diarmaid Ó Súilleabháin, agus An Coimhthíoch le Séamas Mac Conmara.


Ach tá an tíopa liteartha tar éis céim eile ar fad a thógáil le Gluaiseacht le hAlan Titley. Dá gcuirfí an cheist cé hé an duine is lú tábhacht sa tsochaí seo againne, an té atá chomh mór sin lasmuigh gur ar éigean atá sé ann, duine atá ar uireasa aon cheangal le haon duine – ceangal fola, ceangal cairdis, ceangal oibre – duine atá gan aird ar gach bealach, cé déarfá? Ag caint faoi shaol na hÉireann dúinn, déarfá go mb’fhéidir gur duine gorm a bheadh ann, gan Béarla aige nó Gaeilge, é óg, sna déaga b’fhéidir, gan aon ghaol aige, gan chairde agus gan a ainm ar eolas ag aon duine. Sin laoch Gluaiseacht.


Dar liom gur céim mhór chun tosaigh é seo ó thaobh traidisiún liteartha na hEorpa. Is é an fáth go ndeirim é sin mar go dtí seo bhí na strainséirí, na daoine corra, na eisigh, ar fad taobh istigh den chultúr acu féin – bhí teanga na tíre acu, bhí an dath craicinn céanna acu, bhí an cultúr céanna acu a bheag nó a mhór bíodh is gur dhiúltaigh siad dó, nó gur airigh siad míshásúil é ar bhealach éigin. Ach tá laoch Titley, nach n‑ainmnítear is nach bhfuil a fhios againn cárb as dó ach amháin gur dócha gur áit éigin san Afraic é, gan aon chultúr. D’fhéadfá a rá go dtagann sé ar an saol nuair a maraítear gach duine sa bhaile beag ina raibh cónaí air agus é ag fáil uisce ón tobar. (Agus mura bhfuil an scéal léite agat, b’fhéidir gur mhaith leat stopadh anseo nó b’fhéidir gur loitiméireacht scéil nó ‘spoiler’ a bheidh sa chuid eile anseo síos.)


An íomhá is fearr air sin an gaineamhlach a mbíonn air taisteal thríd – gaineamhlach nádúrtha é, murab ionann agus an díseart a mbíonn air dul thríd san Eoraip ar díseart daonna é. An t‑aon chaidreamh sásúil a éiríonn leis a dhéanamh scriostar é sa pharrthas Eorpach a raibh sé féin agus a chomthaistealaithe (tá an réimír ‘comh’ róláidir sa chomhthéacs seo – na taistealaithe a bhí ar an turas céanna leis) ag tnúth leis agus nár fíoraíodh.


Gné eile de chur chuige an 'stainséara' a n‑éiríonn le laoch óg Gluaiseacht a thabhairt leis go bhfuil sé beagnach go hiomlán éighníomhach. Dála N. i scéal an Chadhanaigh, ligeann sé do rudaí tarlú dó; is beag cinneadh dearfach a dhéanann sé féin faoi rud ar bith.


Ach téann Titley níos faide ná díreach coincheap an ‘outsider’ a bhrú go bun an angair. Baineann sé an bonn freisin den rud is scéal ann. Ní scéal é seo sa chiall seo: níl ann ach lár an scéil. Go deimhin is féidir linn scrios an bhaile bhig a fheiceáil mar ‘thús’. Ach níl ann ach tús an turais, tús na gluaiseachta. Ná ní thagann aon deireadh leis an ngluaiseacht. Agus mura bhfuil deireadh leis an scéal agus nach bhfuil tús ann ach ar éigean, cén chaoi a bhféadfadh lár a bheith ann? Cén chaoi a bhféadfadh scéal a bheith ann? Gluaiseacht is ea an leabhar uile.


Tá Alan Titley tar éis leagan nua ar fad den seanmhiotas Eorpach sin, an Giúdach Fáin, a chur ar fáil dúinn agus is scanrúil an fhís í. Tá an íomhán, an phearsa, an insint scúite anuas ar fad. Ná ní cruthúnas liteartha ar fad é, mar freagraíonn sin uile, agus buachaill óg Gluaiseacht ach go háirithe, do chruálachas agus do mhídhaonnacht an tsaoil atá cruthaithe ag an duine le ceithre scór éigin bliain anuas.

6 comments:

  1. Ar bhain tú taitneamh as? Tá an chosúlacht air, ón méid a scríobh tú thuas, gur úrscéal Francach é, scríofa i nGaeilge, .i. úrscéal gan phota. Tá mé féin chomh sáite sin sa seansaol go bhfuil scéal ag teastáil uaim. Maith dom é!

    i.s. focal nua dom "scúite". Fuair mé sampla eile amháin de ar an idirlíon:

    tobac scúite nó díloirgnithe a bhfuil 10% de fhliuchra ann de réir meáchain

    “Stripped”, mar sin. Cá bhfuair tú féin é?

    ReplyDelete
  2. Mhúscail tú mo spéis sa leabhar.
    An mbaineann an Titleach úsáid as stíl a ailt sa leabhar .i. stíl measartha deacair a thuiscint.

    ReplyDelete
  3. Fuair mé freagra mo cheiste ar bhlag Aonghuis:

    "Ní "Gaeilge simplí" (pé ní é sin) atá i gceist, ach Gaeilge soléite, cuí."

    ReplyDelete
  4. Tá Alan Titley tar éis leagan nua ar fad den seanmhiotas Eorpach sin, an Giúdach Fáin, a chur ar fáil dúinn

    Ritheann sé liom go bhfuil nóta nua anseo nach bhfuil sna finscéalta. Is de bharr peaca a tharraing mallacht orthu féin atá fánaithe eile na scéalaíochta ag fánaíocht. Ach laoch an scéil seo, is turscar ar taoide na cinniúna é - duine eile a níonn gach cinneadh a chuireann corr ina chinniúint.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh as na tuairimí sin ar fad.
    Ní fhéadfainn a rá gur bhain mé taitneamh as, Dennis, mar a bhaineann as na scéalta bleachtaireachta; ach cinnte thaitin sé liom mar shaothar liteartha. Agus ní hí gnáth-stíl Titley atá ann, a Dhubhaltaigh, ach stíl níos lomtha, scúite, mar a deirim (< scamhtha ? - focal a fuair mé na blianta ó shin ó chainteoirí maithe as Corca Dhuibhne is dócha). Cabhraíonn sin leis an léamh - tá an ceart ag Aonghus - cuí.

    Ach cinnte b'fhearr liom scéal. Gan scéalta ní féidir linn an saol seo a mhíniú dúinn féin, dar liom. Mura bhfuil scéal againn.... Ach is pointe spéisiúil é sin, a Aonghuis, go bhfuil laoch an scéil neamhchiontach ar fad sa mallacht atá tite anuas air. Sin cuid de thruamhéala an leabhair. 'Turscar ar taoide na cinniúna' - cuimhneoimid ar an gceann sin!

    ReplyDelete