Bhí mé ag leanúint na mblaganna faoin bhFiannaíocht mar seo is mar siúd, agus san am céanna thosaigh mé ag léamh Early Christian Ireland le T.M. Charles-Edwards, agus an chaibidil faoi chéad easpag na nGael, Palladius, go háirithe. Cuireann Charles-Edwards teacht Phalladius go hÉirinn (‘Collait’ a ainm sa tSean-Ghaeilge) i gcomhthéacs an aighnis diagachta san Eaglais ag an am idir Pelagius (tig leis an dea-dhuine a bheith slánaithe bíodh nár chuala riamh faoi Íosa Críost – ní hann do ‘Pheaca an tSinsir’) agus Agaistín (is ann do ‘Pheaca an tSinsir’ de bhrí gur tríd an gcollaíocht a thagann an duine ar an saol mar sin ní hann don dea-dhuine gan creideamh in Íosa Críost agus gan ghrásta an bhaiste).
Aighneas mór bunúsach é. Tógaimis Job sa Sean-Tiomna mar shampla. Ar slánaíodh é toisc gur dea-dhuine é mar a mhaígh Pelagius? Nó, mar a mhaígh Agaistín, toisc gur réamhtheachtaí do Chríost é gan fhios dó féin, fáidh nó fáideoireacht neamh-chomhfhiosach. Is leis na Gaeil a chosaint ar Phelagius, cuid mhaith, a cuireadh Palladius go hÉirinn.
Ansin, léigh mé an méid seo Charles-Edwards ar lgh 209-10:
To judge by the opinions generally held in the late seventh century, these issues of the good pagan (or gentile) and prophecy of Christ came to be of direct concern to churchmen within Ireland. What seems to have happened is that the Irish adopted both the good pagan of Pelagius and the prophet of Augustine.... Augustine’s prophets, translated to Ireland, were crucial in rescuing the native pre-Christian past from a wholescale condemnation to the fires of Hell.
Tugann sin comhthéacs diagachta don díospóireacht idir Oisín agus Pádraig, sárú a fhaightear go minic san Fhiannaíocht, go háirithe in Agallamh na Seanórach. Blaiseadh beag den díospóireacht an cúpla rann seo a leanas as Laoithe na Féinne leis an Seabhac, lch 23 (sa chuid a dtugann sé ‘Agallamh Oisín agus Phádraig’ air).
Cionnus dob fhéidir le dia
ná a chliar bheith níos fearr
ná Fionn, flaith na bhFiann
duine fial do bhí gan cháim.
Gach a n-abair tusa ’sa an chliar
do réir riaghlach Ríogh na Reann
do bhí súd ag Fiannaibh Finn
is táid i bhFlaitheas Dé go teann. ...
Adeir tusa nach téid fial
go hIfreann na bpian go bráth,
ní raibh aon neach san bhFiann
nach raibh fial ameasc cách.
Cuireann an comhthéacs diagachta sin faobhar le fiú is an scéil ghrinn seo ón séú haois déag.
Tugann sé freisin toise eile do cheann de phríomhchodarsnachtaí an Agallaimh, agus san Fhiannaíocht, an difear idir ceol nádúrtha an dúlra agus ceol an chloig agus cantain an tsailm.
Scéal bháis Conchubhar Mhic Neasa is túisce a ritheann liom faoi fáidh agus dea phágánach.
ReplyDeleteConchubhar mac Neasa an céadfhear do ghabh creidheamh ar n-a chlos ó Bhacrach draoi go gcéasfaidhe Críost leis an gcine Iúdaidhe, Morann mac Maoin an dara fear, agus Cormac mac Airt an treas duine.
ReplyDeleteLéamh an Chéitinnigh: FF 55, lch 344
Is suimiúil an rud é go raibh Collait in Éirinn i lár an chúigiú haois (ó 431?) ach nach dtáinig an Fhiannaíocht i mbarr uisce (nó nár éirigh sí aníos as an talamh?) go dtí an mheánaois dhéanach, i Nua-Ghaeilge Mhoch. Is cosúil nár thaitin an traidisiún seo riamh leis na literati eaglasta. Dearcadh subversive ar an saol a bhí ann a mhair beo faoi radar an ardchultúir?
ReplyDeleteDála an scéil, a Ch, is féidir go mbeadh suim agat san aiste “The Baptism of the Gods” sa leabhar A Single Ray of the Sun: Religious Speculation in Early Ireland le John Carey. Leabhar beag atá ann, ach an-saibhir.
ReplyDeleteTá dealramh leis an tuairim sin. Dream Fián iad na Fianna ar imeall an phobail.
ReplyDeleteSílim go bhfuil na sean-Ghaeil le moladh gur shábháil siad a sinsear (diaga agus daonna) ó ifreann, fiú le cabhair na draíochta - is breá an nath é 'baiste na ndéithe.' Maidir leis an bhFiannaíocht is cosúil gur faoin radar a bhí, ceart go leor go ceann i bhfad, ach má bhí féin tá sí le fáil gach áit ó uachtar Chorca Dhuibhne go híochtar Alban.
ReplyDeleteThis is a great reading. Thanks for sharing this information. We have few readers who would like to read this stuff. We will pass it on to our readers for more feedback. We are dealing with seo firms and would like to get feedback from you too. This is a nice postings indeed. Thanking You. london seo agency ireland search engine optmization
ReplyDelete