18.3.10

Filíocht ón 5ú haois

Dún Ailinne

Ceann de na clocha oghaim is spéisiúla fuarthas í i reilig in Castell Dwyran, Dyfed, sa Bhreatain Bheag. Déanann sé comóradh ar Votecorigas nó sa Laidin, Voteporix, taoiseach a mhair sa séú haois. An rud atá suntasach faoi go bhfuil an Laidin agus an Ghaeilge, a bheag nó a mhór, ar comhchéim. Má ghlacaimid leis gur thosaigh an dá shruth, sruth an héigse dúchasaí agus sruth an léinn Laidine, ag teacht le chéile sa séú haois, caithfear glacadh leis dar liom gur an bhonn cothrom é. Ag caint dó ar an ogham, ar an ngaisce intleachtach a bhí i gceist leis, agus ar dhearcadh na nGael ina leith, deir Charles Edwards: It was a demonstration of the claim that their language matched that of Rome.

Ní haon ionadh mar sin, nuair a chuaigh an éigse, na filí, agus an aos eagna, i dtreo na scríbhneoireachta le peann, go scríobhfaidís nithe síos a bhain leis leis an traidisiún acu féin. Ar na samplaí is sine den litríocht sin tá na dánta a scríobhadh do ríthe Chúige Laighean. Deir Carney go dtéann cuid acu siar go dtí an cúigiú haois. Ceann de na dánta is faide is do rí nó do thaoiseach darbh ainm Nad Buidb mac Eirc a scríobhadh é, thart ar an mbliain 500, deir sé.

Tá cuid de na dánta sin le fáil i measc ginealach na Laighneach, mar shampla sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502, sa mBodleian in Oxford, arbh fhéidir gurb é Leabhar Ghlinne Dá Locha é.

Rud atá spéisiúil faoi chuid de na dánta seo, go luaitear iad le filí faoi leith: Find Rossa Ruaid, mar shampla, agus Ladcenn mac Barcida. Tugann P.L. Henry sampla de véarsa le Ladcenn agus luann an cúram atá air, mar a deir file Gododdin na Breatnaise, an rí a mholadh.

Nidu dír dermait
Dála cach ríg rómdae
Reimsi ríg Temra
Tuatha for slicht slógdae.

Ní cuí domsa
Cinniúint na ríthe móra a dhearmad.
Réim ríthe na Teamhrach
Is pobail ag cur chun catha.

Is léir mar sin, agus litríocht na Gaeilge i dtús a scríofa síos, go bhfuil na filí faoina n-ainmneacha féin, chun tosaigh, agus a stádas féin agus an obair a bhí ar siúl acu faoi ghradam.

8 comments:

  1. An-suimiúil!

    gur an bhonn cothrom é.

    Go raibh siad ar bhonn cothrom?

    deir Charles Edwards:

    recte: Charles-Edwards (.i. Thomas Charles-Edwards)

    An é Henry a chuir Nua-Ghaeilge ar an rann sin? Caithfidh mé a rá nach bhfuilim iontach sásta le “dála = cinniúint" agus le “Tuatha for slicht slógdae = Is pobail ag cur chun catha”.

    dála = cruinnithe, comhraic, cinnte (< cinneadh), gnóthaí

    tuatha for slicht slógdae = tuatha ar sliocht slógaidh / sluaíochta (on the warpath)

    An bhfuil an leabhar Die älteste Hofdichtung von Leinster agat?

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Gabh mo leithscéal ach táim beagáinín caillte! An bhfuil an Ghaeilge ar an gcloch oghaim seo sa Bhreatain Bheag?

    ReplyDelete
  4. Tá, in ogham. Féach an t-alt “Insular Celtic as a Language Area” le Ranko Matasović in The Celtic Languages in Contact.

    ReplyDelete
  5. Tá do chuid ceartúchán iomlán ceart: 'ar bhonn cothrom' ba cheart a bheith ann; agus cinnte 'Charles-Edwards'. Is é P.L. Henry a rinne an t-aistriúchán (an tagairt curtha agam sna Foinsí).

    Níl an leabhar úd le hEnrico Campanile agam agus ó luaigh tú é chuaigh mé ag scimeáil ar an idirlíon. Níl Johan Corthals céad faoin gcéad sásta leis, is cosúil, in aiste leis 'The rhymeless "Leinster poems": diplomatic texts' in Celtica 24. Treoir mhaith í an aiste sin feictear dom. Tá aiste eile aige faoi meadaracht na ndánta in Celtica 21, 'Some observations on the versification of the rhymeless "Leinster poems."' Tá an dá aiste le fáíl ar shuíomh foilseacháin na hInstitiúide Ard-Léinn: http://www.celt.dias.ie/publications/celtica/

    ReplyDelete
  6. an tagairt curtha agam sna Foinsí

    Eummm... cén áit? An bhfuil nasc ann nach bhfeicim?

    ReplyDelete
  7. Sa phainéal glas ar thaobh na láimhe deise. Tá súil agam go bhfuil sé ann.... Bhí sé ann an uair dheireanach a bhreathnaigh mé....

    ReplyDelete
  8. Ahá! Dá mba nathair é, bhainfeadh sé greim asam (mar a deireadh mo mháthair)! Níor thug mé aird ar an gcolún sin roimhe seo. Tá an leabhar sin le Henry ar an tseilf agam. Tabharfaidh súil air níos déanaí anocht.

    ReplyDelete