16.3.10

Draoi de chineál eile


Cén fáth ar éirigh le Pádraig? Cén chaoi ar éirigh leis an tír uile a thabhairt chun na Críostaíochta? Míniú deas ag James Carney air.

The poet's person was generally sacred, an outrage committed against him was likely to be followed by a fiurt filed, 'a poet's miracle', avenging the deed. Indeed the sanctity of the person of the poet, inherited, as we assume, from that of the druid, probably explains why there were no martyrs for the faith in early Ireland: the Christian missionaries were regarded as foreign druids, and accorded the conventional courtesies.

Ach bhí nithe eile i gceist freisin, is dócha. Dul leis an Eaglais chiallaigh sé do dhaoine óga agus do na mná, imeacht ó smacht an taoisigh. Thug an Chríostaíocht léi, freisin, gradamúlachas, údarás, taibhseacht agus faisean na hImpireachta Rómhánaí mar aon le teicneolaíochtaí nua, mar leabhair, an scríbhneoireacht, agus córas éifeachtach riaracháin. Ach an phríomhchúis, má ghlacaimid le Carney, gur breathnaíodh ar chléirigh na hEaglaise Críostaí mar dhraoithe de chineál eile. Is deas an rud teacht na Críostaíochta a fheiceáil ó pheirspictíocht na nGael.

2 comments:

  1. Is deas an míniú é sin. Tá a lán scéalta againn sa tsean-litríocht faoi dhraoithe / filí ag dul i gcomórtas le chéile (Immacallam in Da Thuarad, cuirim i gcás), féachaint cé acu a raibh “an chumhacht” aige. Is cosúil gur tugadh ómós don bhuaiteoir agus chaill an file eile cuid dá chlú... agus dá lucht leanúna.

    ReplyDelete
  2. Bhíodh comórtais mar sin idir na filí agus na sagairt sa seachtú haois déag, freisin, sílim. Cá bhfuil na filí anois nuair a theastaíonn siad! Nó b'fhéidir nach dteastaíonn siad, mar tá na sagairt cloíte go maith na laethanta seo.

    ReplyDelete