7.5.10

Lorgaireacht gan mhná


Má chuir sé as domsa an dearcach diúltach i leith na mban a léiríodh in Lorgaireacht an tSoithigh Naofa, níor dhada sin i gcomparáid leis an olc a chuir sé ar Alfred Nutt, duine de na scoláirí is mó a d’fhéach le bun Ceilteach na Lorgaireachta a chur. Ag labhairt dó faoi údar na Lorgaireachta, mar a thugann sé air, ‘The author of the Queste’, deir sé:

Had the mediaeval ascetic really felt [a deep reverence for woman] we could have forgiven the stupidity which ignores all that constitutes the special dignity and pathos of womanhood. But he felt nothing of the kind. Woman is for him the means whereby sin came into the world, the arch stumbling-block, the tool the devil finds readiest to his hands when he would overcome man.

Mar thacaíocht lena dhearcadh luann sé eachtra beag eile sa scéal. Tá gach duine i gCúirt Ching Artúir ag réiteach le dul sa Lorgaireacht. Seo é an mhír sa Ghaeilge a fhreagraíonn don mhír a luann Nutt (iarracht de Ghaeilge an lae inniu curtha agam air).


Ghabh an bhantracht ar ghubha agus ar thuirse mar an gcéanna, agus dúirt siad in éineacht, amhail ba ghuth aon mhná amháin é, go rachaidís ar aon séad leis na fearaibh cibé conair a rachaidís agus d’aontaigh dream díobh iad a ligean leo amhlaidh sin.

Bhí siad ar fad ann nuair a chonaic siad seanóir aosta le haghaidh ainglí agus le lasair ghrá Dé ina ghnúis chomha chorcra agus teacht isteach sa dún. Agus labhair sé de ghuth ard: ‘Síocháin libh, a theaghlaigh uasail an Bhoird Chruinn, an duine díobh a gheall dul i ndiaidh an tSoidhigh Naofa. Agus is é a chuir chugaibh mé an díthreabhach naofa Nasiens, chun cabhrú libh agus chun sibh a chomhdhíonadh agus chun a fhoilsiú daoibh conas is ceart daoibh an chonair a thriall, mar is ceart é a thosú, le faoistin iomlán, le troscadh agus le hurnaí, agus le innfheitheamh ar Dhia, mar ní neart slua agus sochraide a gheobhaidh é ach i muinín Dé, an tAthair Uilechumhachtach. Agus is é a dúirt sé leo fós, gan mná a ligean libh, óir ní gnáth dealú gan chiontú le compánaigh banscála....

Mar a deir Nutt, ní bhfuair sé aon áit sna foinsí Gaelacha agus Breatnacha a scrúdaigh sé aon rud ag freagairt don dearcadh diúltach sin a léirítear sa Lorgaireacht ‘Chistéirseach’. Rud a léiríonn domsa arís gur lámhleabhar teagaisc do na Teamplóirí a bhí sa chéad leagan Fraincise agus é – agus seo é an rud is spéisiúla uile – é bunaithe ar scéalta agus amhráin a bhí á ngabháil an t‑am sin ag amhránaithe ón mBriotáin, conteurs agus histriones mar a deir Roger Sherman Loomis, duine de na scoláirí is mó a rinne staidéar ar an gceist seo.

5 comments:

  1. Sciorradh méir agat thuas. (gan mhná)

    Tá rannta frith banda sa Ghaeilge níos déanaí, ach tagann amhras orm an fíor léargas iad, nó an iad claonta na bailitheoirí is cionsiocair leo bheith chomh fairsing. Sin agus manaigh a bheith seachantach faoi mhná...

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat: ceartaithe ó shin. Maidir le litríocht na Gaeilge agus na mná ní bhfaighfí leabhar níos fearr is dócha ná B'ait leo Bean le Máirín Nic Eoin.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Tá leabhar eile ar an tseilf agam anseo, Land of Women: Tales of Sex and Gender from Early Ireland le Lisa M. Bitel. Léigh mé é nuair a tháinig sé amach i 1996 ach is fada ó thug mé anuas é. Tá an seanfhocal seo ó Thoraigh aici ag tús an leabhair:

    An cheist - “Do chara, do namhaid, agus ceann urraí an tí?”
    An freagra - “Do mhadra, do bhean, 's do bheithíoch!”

    Pé scéal é, ní fheicim “grail” ná “quest” ná “Nutt” san innéacs.

    ReplyDelete
  5. An-ghreannmhar, Dennis - mar nach raibh mé ag súil leis. Is spéisiúil gur chosúil gurb iad na mná a bhí i mbun tí sa saol eile sna scéalta ba bhun leis an Lorgaireacht, mar a bhí i dTír na nÓg is cosúil.

    ReplyDelete