7.9.10

Coillte na Gaeilge


Leabhar ar chuala mé iomrá riamh air ach nár bhreathnaigh mé i gceart air, gan trácht ar é a léamh, Silva Gadelica. 'Na Coillte Gaelacha' nó 'Foraois na Gaeilge' nó 'Coillte na Gaeilge' an t-aistriú a dhéanfainn ar an teideal Laidine. Thóg mé anuas den tseilf é an lá cheana. Is iontach an leabhar é. Staindis Mac Aodha Ó Gráda, Standish Hayes O’Grady mó mar a thug sé air féin sa réamhrá Gaeilge a chuir sé leis an leabhar: Stainndis mac an Aodhaig mheic Dhiarmada óig úi Ghráda, a chuir le chéile.


Is éard atá ann cnuasach de scéalta agus de phíosaí eile as seanlámhscríbhinní Gaeilge a thrascríobh Ó Gráda agus a d’fhoilsigh sa bhiain 1892. Bolg an tsoláthair a thugann Staindis féin air agus ní heol dom aon leabhar eile a thugann spléachadh chomh cuimsitheach agus chomh cruinn ar litríocht na Gaeilge agus sin mar atá sí le fáil sna lámhscríbhinní. Mar gheall ar gur trascríobh a rinne an t-eagarthóir ar na sleachta tá sé deacair iad a léamh. Ach tá a dhraíocht féin ag baint le cló a léamh atá chomh gar sin don bhunleagan lámhscríofa.


Bhí an-tionchar ag an leabhar seo ar fhoirmiu chanón litríochta na Gaeilge, dar liom. Bíodh is go bhfuil sé le fáil ar an idirlíon shíl mé nár mhiste a bhfuil ann a bhreacadh síos anseo go hachomair, le go mbeidh tuairim ag daoine faoina bhfuil ann. Cuirim síos anseo teideal gach píosa mar atá sé os cionn an phíosa féin ag Ó Gráda (litreacha móra agus beaga, sínte fáda etc. díreach mar atá aige féin ach focail mar ‘in so’ nó ‘in so síos’ fágtha ar lár), an lámhscríbhinn a bhfuil sé le fáil inti agus dáta scríofa na lámhscríbhinne, mar atá sin tugtha in Silva Gadelica. Aon áit go bhfuil an t‑eolas anseo difriúil óna bhfuil in Silva Gadelica tugaim sin le fios le cló corcra. Tá foinsí an eolais agam féin le fáil ar an mblag tacaíochta Foinsí.


Seasann ARÉ d’Acadamh Ríoga na hÉireann; Chatsworth do Chatsworth House, Chatsworth, Derbyshire, Sasana; CnT do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; LB do Leabharlann an Breataine, Londain.


Silva Gadelica


Naomhsheanchas

1. ‘Betha Chiaráin tSaighre’ LB, Egerton 112 (1780-2)

2. ‘Betha Mholaise Dhaimhinse’ LB, Additional 18,205 (16ú haois)

3. ‘Betha Mhaighnenn Chille Mhaighnenn’ LB, Egerton 91 (15ú haois)

4. ‘Betha Chellaigh chille Alaidh’ ARÉ, An Leabhar Breac .i. Leabhar Mór Dúna Daighre (roimh 1411)


Scéalta agus Seanchas

5. ‘Stair ar Aed baclámh’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

6. ‘Aided Diarmada meic Fergusa cerrbeoil’ LB, Egerton 1782 (1517)

7. ‘Genemain Aeda sláne’ ARÉ, Leabhar na hUidhre (roimh 1106)

8. ‘Tochmarc Becfhola’ LB, Egerton 1781 (1484-87)

9. ‘Imthecht Caenchomraic’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

10. ‘Teasmholadh Corbmaic úi Cuinn ocus Finn meic Cumhaill’ LB, Egerton 1782 (1517)


Fiannaíocht

11. ‘Airem muintiri Finn’ LB, Egerton 1782 (1517)

12. ‘Agallamh na Senórach’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)


Scéalta agus Seanchas

13. ‘Aided Echach maic Maireda’ ARÉ, Leabhar na hUidhre (roimh 1106)

14. ‘Aided Ferghusa’ (‘Echtra ríg thuaithe luchra is lupracán go hEmhain agus fochonn báis Fherghusa mhic Léide ríg Ulad’) LB, Egerton 1782 (1517)

15. ‘Geinemain Cormaic ua Chuinn’ ARÉ, Leabhar Bhaile an MhótaLeabhar Breac Mhic Aodhgáin (c. 1400)

16. ‘Echtra Laegaire meic Chrimthainn go magh mell’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)


Finscéalta / Fiannaíocht

17. ‘Tóraighecht in ghilla dhecair ocus a chapaill’ LB, Additional 34,119 (1765)

18. ‘Echtra in chetharnaig chaoilriabaig nó chetharnaig úi Dhomnaill do réir dhruinge’ LB, Additional 18,747 (1800)

19. ‘Bodach an chóta lachtna’ (‘Ag so turus Caoil an iarainn meic ríg na Tesáille go hEirinn agus chom mífhortúnach is d’éirig a shiubal leis’) LB, Egerton 154 (19ú haois)

20. ‘Leighes coise Chéin mheic Mhaeilmuaid mheic Bhriain’ LB, Egerton 1781 (1484-87)


Fiannaíocht

21. ‘Bruidhen chéise Chorainn’ LB, Additional 18,747 (1800)


Scéalta agus Seanchas

22. ‘Fotha chatha Mucramha ocus fochonn oidheda Lugaid meic chon’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)

23. ‘Cath Chrionna’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

24. ‘Echtra mac Echach muigmedoin’ ARÉ, Leabhar Bhaile an Mhóta Leabhar Breac Mhic Aodhgáin (c. 1400)

25. ‘Aided Crimthainn meic Fidaig ocus trí mac Echach muigmedóin .i. Brian. Ailill. Fiachra’ ARÉ, Leabhar Bhaile an Mhóta (c. 1400)


Fiannaíocht

26. ‘Bruiden bheg na hAlmaine’ LB, Additional 18,747 (1800)


Scéalta agus Seanchas

27. ‘Echtra Thaidg mheic Chéin’ Chatsworth, Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó ‘The Book of Lismore’ (15ú haois)

28. ‘Bórama’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)

29. ‘Mionanala’ LB Egerton 1782

30. ‘Iartaighe na hingine colaighe do Ghrécaib’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)

31.’Ní d’iongantaib aenaig Taillten’ CnT, Leabhar na NuachongbhálaLeabhar Laighneach (roimhe agus b’fhéidir i ndiaidh 1160)

4 comments:

  1. Maith agat as an nod.

    Anois, ach an deis a bheith agam....

    Meas tú an gcuirfidh aon duine leagan i nGaeilge na linne seo ar fáil? Tá na clasaicí seo deacair a léamh ag mo leithéidí.

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam cé dhéanfadh, a Aonghuis. B'fhiú go mór é ach obair an-íogair a bheadh ann - Gaeilge nádúrtha an lae inniu ach gan aon éigean ar stíl álainn ghonta an tsean-ama. B'fhéidir gur leor litriú an lae inniu agus an chuid eile a fhágáil faoin léitheoir. Ocus > agus, dorónadh > do rinneadh, fírbhrethach > fíorbhreitheach etc.

    ReplyDelete
  3. Faigheann scoláirí an lae inniu locht ar Silva Gadelica as na botúin a rinne O'Grady in áiteanna sa trascríobh agus san aistriúchán. Ní raibh sé thar a bheith cúramach i gcónaí. Ach is luachmhar an cnuasach é mar sin féin agus tá cóip de sa leabhragán anseo.

    Fáilte ar ais ó do shos samhraidh!

    Seans go bhfaca tú Treasure from the Bog ar RTÉ aréir?

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Dennis. Beidh cnáimhseáil na scoláirí i gcónaí linn agus is maith ann í. Ach rinne Ó Gráda gaisce. Chonac an clár. Thaitin sé go mór liom. Casadh álainn eile i scéal Chríostaíocht na nGael.

    ReplyDelete