8.7.10

"Early Christian Ireland"



Ceann de na leabhair is cuimsithí dá bhfuil feicthe agam faoi luath-stair na hÉireann is ea Early Christian Ireland le T.M. Charles- Edwards, foilsithe ag Cambridge University Press sa bhliain 2000. Tá tagairt déanta agam don leabhar seo cúpla uair cheana. Clúdaíonn sé an tréimhse go hiomlán agus go heolgaiseach ó thús na cúigiú haoise agus teacht Phádraig, go dtí teacht na Lochlannach sa naoú haois. Pléann an leabhar an córas sóisialta Gaelach a bhí suas ag an am, an Féinneachas, teacht na Críostaíochta, an eaglais luath, Colm Cille, Columbán, teacht chun cinn Ard Mhacha agus Uí Néill, agus cúrsaí ríthe agus ríochta. Is breá an leabhar é go cinnte.

Ach níor mhiste cúpla rud a shonrú faoi. Sa chéad áit, níl aon leisce ar an údar aghaidh a thabhairt ar staid an eolais agus na scoláireachta faoi na hábhair atá á bplé aige ag am scríofa an leabhair. Bua é sin aige. Ach ciallaíonn sé gur mó spáis a thugann sé do réiteach cruacheisteanna an léinn, i gcásanna áirithe, ná don chur síos leathan.

Ceangailte leis sin tá an dara pointe ba mhaith liom a dhéanamh, is é sin go mbíonn an dearcadh aige lonnaithe i Sasana go minic. Is breá an soiléiriú a thugann sé ar theacht chun cinn Ard Mhacha in ionad Chill Dara mar phríomheaspagóideacht na hÉireann ag deireadh na seachtú aoise agus an chaoi a lonnaíonn sé sin i gcomhthéacs theacht chun cinn Chanterbury i Sasana ag an am céanna. Is breá freisin an cur síos atá aige ar an bhfanaiceach Sasanach, Wilfred, a bhí gníomhach i rith na tréimhse sin. Ní ceart cúrsaí na hÉireann ag an am sin - ná ag aon am - a scaradh ó chúrsaí comhaimseartha sa Bhreatain ná sa chuid eile den Eoraip. Mar sin féin ní mór don léitheoir spéiseanna agus tosaíochtaí an scríbhneora agus an staraí a chur san áireamh: go leor leor plé ar Wilfrid, mar shampla, agus gan ach tagairt amháin do Johannes Scotus Eriugena. Ní gá gurb ionann spéiseanna an léitheora Ghaelaigh agus an staraí Béarla i Sasana.

An tríú pointe, dar liom, tá sé níos tromchúisí ach fásann sé go díreach as dearcadh agus spéiseanna an staraí agus as an díospóireacht chomhaimseartha idir staraithe na luath-thréimhse. Is é seo é. Tá fíorbheagán sa leabhar seo faoin litríocht. An té a bheadh ag súil le léargas ar luath-stair litríocht na Gaeilge, ní anseo a gheobhadh sé é. Tá an leabhar seo go maith ag soláthar cúlra don litríocht. Ach tá stair chuimsitheach na litríochta - rud is díol spéise dúinne - gan a bheith ann.

2 comments:

  1. Is maith liom an ealaín ar chlúdach an leabhair. Maidir le Wilfred, bhí orm dul go Wikipedia le fáil amach cé hé. An raibh sé mórán níos fanaicicí ná aon “phrionsa” eile de chuid na hEaglaise? Cumhacht shaolta an chloch ba mhó ar a phaidrín agus is cosúil gur imir sé cluiche na cumhachta níos fearr ná a lán daoine eile ag an am sin.

    ReplyDelete
  2. Ceist mhaith. Is dócha go ndéarfadh muid inniu go raibh sé ciníoch. Sin agus go ndeachaigh sé níos faide ar thóir na cumhachta ná cuid eile de na prionsaí eaglasta lena linn. Ná ní i gcónaí a d'éirigh leis. Bhí neart trioblóidí aige agus chaill sé York sa deireadh. Dearcadh Saxanach ar fad atá san aiste ar Wikipedia - ní luaite Adamhnán mar shampla ná Oileán Í (ach amháin i gcomhthéacs conspóid na Cásca).

    ReplyDelete