De bhrí gur le lámhscríbhinní a bhímid ag plé agus muid i mbun stair na litríochta, tá gá le soiléiriú: cad tá i gceist againn nuair a luaimid dáta le téacs, an é dáta a scríofa atá i gceist nó dáta a chumtha? Deirtear gur cumadh Leabhar Gabhála go déanach san aonú haois déag. Ach is i Leabhar na Nuachonghabhála (nó an Leabhar Laighneach) atá an leagan is luaithe ar fáil (c. 1150).

De réir nósmhaireacht na staire mar a chleachtar inniu í, féachtar le ócáid choincréiteach oibiachtúil, ócáid sa saol fisiceach, d’fhéadfá a rá, a lua le ham oibiachtúil. Ar an gcaoi sin samhlaítear gur shuigh duine nó daoine síos am éigin timpeall na bliana 750 agus gur chuir sé / siad téacs le chéile den chéad uair arbh é an téacs é, Bechbhretha. Tá cúiseanna faoi leith ag na scoláirí leis sin a áitiú (tagairtí comhaimseartha nó iaraimseartha, dul na teanga). Ainneoin gur féidir a áitiú gur saol ann féin saol na lámhscríbhinní, go mbaineann sé le cultúr a raibh tuiscint eile aige d’am seachas mar atá againne, feictear dom go bhfuil cur chuige na scoláirí réasúnta i gcomhthéacs chultúr an lae inniu.

Mar sin, táim ag glacadh leis anseo, gurb éard tá uainn a bheachtú i stair na litríochta, dáta cumtha an téacs; agus chomh maith leis sin, glacaimis leis go bhfuil an téacs scríofa cuibheasach neamhspleách ar an litríocht bhéil mura bhfuil cúis mhaith againn lena mhalairt a chur i gcás.