1.5.11

Cúpla prionsabal oibre

De bhrí gur le lámhscríbhinní a bhímid ag plé agus muid i mbun stair na litríochta, tá gá le soiléiriú: cad tá i gceist againn nuair a luaimid dáta le téacs, an é dáta a scríofa atá i gceist nó dáta a chumtha? Deirtear gur cumadh Leabhar Gabhála go déanach san aonú haois déag. Ach is i Leabhar na Nuachonghabhála (nó an Leabhar Laighneach) atá an leagan is luaithe ar fáil (c. 1150).

Níos suntasaí fós, deir Thomas Charles-Edwards agus Fergus Kelly faoi na Bechbretha a chuir siad in eagar 1983 gur dócha gur i lár na 7ú aoise a cumadh iad: ‘we suggest that it was composed about the middle of the 7th century.’ Is é sin abair, timpeall na bliana 650. An chóip is sine den téacs atá ar fáil (Ls. H.2.15A i gColáiste na Tríonóide, uimh. 1316 i gcatalóg Abbott agus Gwynn) is timpeall na bliana 1350 a scríobhadh é. Is é sin seacht gcéad bliain níos déanaí.

De réir nósmhaireacht na staire mar a chleachtar inniu í, féachtar le ócáid choincréiteach oibiachtúil, ócáid sa saol fisiceach, d’fhéadfá a rá, a lua le ham oibiachtúil. Ar an gcaoi sin samhlaítear gur shuigh duine nó daoine síos am éigin timpeall na bliana 750 agus gur chuir sé / siad téacs le chéile den chéad uair arbh é an téacs é, Bechbhretha. Tá cúiseanna faoi leith ag na scoláirí leis sin a áitiú (tagairtí comhaimseartha nó iaraimseartha, dul na teanga). Ainneoin gur féidir a áitiú gur saol ann féin saol na lámhscríbhinní, go mbaineann sé le cultúr a raibh tuiscint eile aige d’am seachas mar atá againne, feictear dom go bhfuil cur chuige na scoláirí réasúnta i gcomhthéacs chultúr an lae inniu.

Prionsabal eile nár mhiste a shoiléiriú dar liom, nach féidir talamh slán a dhéanamh den siar is aniar idir an traidisiún scríofa agus an traidisiún béil a luaigh mé i mblag eile anseo. Mar a léiríonn Mark Williams go soiléir agus go héifeachtach sa leabhar breá leis, Fiery Shapes: Celestial portents and astrology in Ireland and Wales 700-1700, toisc go bhfuil cur síos ar dhraíocht, nó ar néaladóireacht, nó na réaltaí is na pláinéid, i dtéacs liteartha lámhscríofa, ní féidir glacadh leis gur léiriú sin ar an teagasc a bhí beo sa traidisiún béil ag an am nó gur iarsma é de theagasc na ndraoithe, abair, nó gur athinsint é ar a gcuid saíochta, bíodh is go mb’fhéidir gur le draoithe a luafaí an nós nó an teagasc sin sa téacs.

Mar sin, táim ag glacadh leis anseo, gurb éard tá uainn a bheachtú i stair na litríochta, dáta cumtha an téacs; agus chomh maith leis sin, glacaimis leis go bhfuil an téacs scríofa cuibheasach neamhspleách ar an litríocht bhéil mura bhfuil cúis mhaith againn lena mhalairt a chur i gcás.

8 comments:

  1. Ar bhain tú sult as _Fiery Shapes_? Tá an leabhar ró-chostasach domsa, faraor. Bhí mé in ann cuid de a léamh ar líne a bhuí le Google Books. Beidh áthas ar Mark gur luaigh tú a leabhar anseo. (Cuirfidh mé tcht chuige anois díreach!)

    ReplyDelete
  2. Bhaineas an-sult as, a Dennis. Shíl mé gur thug sé aghaidh ar cheist bhunúsach ar bhealach an-slachtmhar. Sárleabhar é. Níl ach aon locht amháin agam air: gur i mBéarla atá.

    ReplyDelete
  3. Suimiúil - go raibh maith agat, a chara, as an eolas sin a roinnt linn.

    Mo chuimhne, an bhfaca tú é seo?

    ReplyDelete
  4. Aiféala orm, ach níor oibrigh an nasc sin thuas, feictear dom. Seo thíos an seoladh ina iomláine duit, a Chailliomachais:

    http://www.change.org/petitions/tell-harpercollins-limited-checkouts-on-ebooks-is-wrong-for-libraries?utm_source=action_alert&utm_medium=email&alert_id=TTXQNOfuGs_MFWUAqRTnC

    ReplyDelete
  5. Very glad you liked it! Thanks for the mention. I've read your blog (and Dennis's) for a long time.

    Best wishes
    Mark

    ReplyDelete
  6. Dia duit, ba mhaith liom mo theastas iontach a roinnt Tar éis dom a bheith i gcaidreamh le Fear céile ar feadh na mblianta, bhris sé liomsa, rinne mé gach rud ab fhéidir chun é a thabhairt ar ais ach bhí gach rud neamhbhalbh, theastaigh uaim é ar ais go mór mar gheall ar an ngrá atá agam dó, ghuigh mé air gach rud, rinne mé gealltanais ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara agus mhol sí gur chóir dom teagmháil a dhéanamh le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais ach is mise an cineál nár chreid riamh i seal, ní raibh aon rogha agam ná é a thriail, I chuir sé ríomhphost chuig an caster litreach, agus dúirt sé liom nach raibh aon fhadhb ann go mbeidh gach rud ceart go leor roimh trí lá, go bhfillfidh mo shean-fhostóir orm roimh thrí lá, chaith sé an seal agus go hionadh ar an dara lá, bhí sé thart ar 4 pm. D'iarr mo sheanóir orm, chuir mé ionadh orm, d'fhreagair mé an glao agus dúirt sé go raibh sé chomh brón orm as gach rud a tharla gur theastaigh uaim filleadh air, go bhfuil grá agam dom go mór. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé chuige a bhí mar a thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Ó shin i leith, thug mé gealltanas go mbeadh aon duine a bhfuil fadhb ghaoil ​​agam leis, ba mhaith liom cabhrú leis an duine sin trí é a atreorú chuig an aon caster litreach fíor agus cumhachtach a chabhraigh liom le mo fhadhb féin. ríomhphost: babaidadawiseman01@gmail.com
     is féidir leat ríomhphost a chur air má theastaíonn a chúnamh uait i do ghaol nó i gCás ar bith eile.

    Spells Grá
    Airgead maith a thuilleamh nó crannchur a bhuachan.
    Rath a bhaint amach i gcúrsaí gnó.
    Fadhbanna spioradálta.
    Buail cás cúirte.
    Cuardaigh do pháirtí saoil.
    Faigh post atá íoctha go maith.
    Faigh smacht ar do phósadh.
    Faigh fabhar agus mealladh daoine ó dhaoine.
    Faigh airgead ar ais caillte.
    Cneasaigh tú gach galar. curable agus incurable araon.
    Réitigh fadhbanna toirchis agus beannaigh tú le leanaí srl.

    Déan teagmháil leis an bhfear iontach seo má tá fadhb ar bith agat le réiteach buan
    trí babaidadawiseman01@gmail.com
    WhatsApp: +2348136951551
    Viber: +2348136951551

    Go raibh maith agat níos déanaí

    ReplyDelete
  7. Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost:{shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa ..

    ReplyDelete
  8. Lá Maith a dhaoine uaisle, fáilte roimh Chreidmheas Iasachta Uathúil áit a bhfuil do mhianta iasachta á gcomhlíonadh, cuirimid gach cineál iasachtaí, iasacht Cuideachta, iasachtaí Infheisteoirí, Iasachtaí Tráchtála, iasachtaí príobháideacha agus go leor eile etc.

    Níl le déanamh agat ach dul i dteagmháil linn tríd an bhfoirm iasachta seo a líonadh agus an fhoirm iasachta dea-líonta a sheoladh tríd an ríomhphost oifigiúil cuideachta go díreach le haghaidh aon chineál iasachta is mian leat Ríomhphost: Unicreditbranchitaly@accountant.com nó WhatsApp ; +393509811524.

    DO AINM:

    TÍR:

    STÁIT:

    AN MÉID RIACHTANACH:

    FAD:

    Gnéas:

    IONCAM:

    AIDHM NA HIASACHTA:

    TEILEAFÁN/WATSAPP:

    Líon an fhoirm seo thuas agus seol d'iarratas ar iasacht chugainn trí ríomhphost oifigiúil na cuideachta; Unicreditbranchitaly@accountant.com
    WhatsApp; +393509811524.

    Maidir,

    An tUasal Éilias

    ReplyDelete