14.3.10

Aos eagna agus aos léinn


Bhí aicme in Éirinn fadó a bhí oilte i gcúrsaí teanga - bhí siad in ann anailís a dhéanamh ar fhuaimeanna na teanga agus bhí córas acu leis na fuaimeanna sin a aistriú go cloch i bhfoirm eangacha greanta (litreacha, nó fleasca más fearr leat).

Bhí siad sin, nó aicme eile a bhí gar dóibh - glacaimis leis - sa struchtúr sóisialta céanna - freagrach as dánta a cheapadh agus as scéalta, miotais, dlíthe, agus ginealais a chaomhnú.

Tugtar 'draoithe' ar na daoine sin go minic, bíodh is gur dócha go raibh go leor den aicme nár dhraoithe ar chor ar bith iad. An téarma, 'draoi', féin tá sé míshásúil, go pointe, mar tá sé ceangailte leis an bhfocal 'draíocht' agus tá oiread sin idé-eolaíochtaí, réamhchlaonta, rómáns, masla, míthuisceana, agus míréasúin ag bhaint le húsáid an téarma sin gur éigean is féidir í a úsáid go ciallmhar ar chor ar bith. (Eolaíocht nó fealsúnacht dreama amháin, mar shampla, tugann dream eile draíocht nó piseogacht uirthi.)

Má táimid le cur síos a dhéanamh ar an 'aicme' seo, b'fhearr liom focal mar 'an t-aos eagna' nó 'an t-aos ealaíne' a thabhairt orthu (ag coinneáil i gcuimhne gur chuimsigh an seanfhocal 'ealadha' eolaíocht i dtuiscint an lae inniu!)

Ní féidir 'aos léinn' a thabhairt orthu mar is ón Laidin a thagann an focal 'léann' (legendum) agus is iad a bhí i gceist leis an aos léinn na scoláirí (scholaris) de chuid na heaglaise (ecclesia) a shaothraigh an leabhair (liber) agus a scríobh (scribo) iontu le peann (penna) is é sin i gcairt (charta) no ar mheamram (membranum).

Sa séú haois thosaigh an dá aicme seo ag druidim le chéile. Thosaigh an dá shruth, sruth an aosa léinn agus sruth an aosa eagna, ag sileadh isteach san aon abhainn amháin, an abhainn is ionann agus litríocht na Gaeilge ó shin i leith. Tá an abhainn sin fós ag rith.

6 comments:

  1. Céard faoi "file"? Tabhair súil ar an iontráil "fili" in DIL.

    For `fili' and `drui' as inter-changeable terms see Plummer VSH i clxi , clxii . Poet (historian, panegyrist, satirist), man of learning (the `fili' in early times was not always sharply distinguished from the `breithem' and `senchaid,' and seems originally to have united all three functions

    Dála an scéil, tá áthas orm go bhfuil tú ag blagáil arís! B'fhada uaim thú!

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, Dennis. Agus is maith liom gur luaigh tú na filí. Ba iad is dócha a bhí i mbun (agus i mbarr) na haicme. Ach níor theastaigh uaim an téarma, 'file,' a úsáid mar níl de bhrí leis an bhfocal sa lá atá inniu ann ach duine a bhíonn a scríobh aistí i línte míchothroma. ;)

    ReplyDelete
  3. Seo focal eile duit mar sin: éigse, agus éigeas san uimhir uatha.

    ReplyDelete
  4. Tá 'an éigse' go maith, sa chiall daoine a bhfuil éigse acu. Ach thaitin an chodarsnacht liom freisin idir 'eagna' (ciall, tuiscint, gaois) agus 'léann' na leabhar (a d'fhéadfadh a bheith ag duine agus gan mórán eagna aige).

    ReplyDelete