2.6.10

Éan gaile



Tá an frása suimiúil seo (ach coigeartú áirithe nua-Ghaeilge déanta agam air) le fáil in Lorgaireacht an tSoidhigh Naofa:

Ro éirigh bruth agus borrfadh Sir Galafas á fheicsin, go raibhe a éan gaile ar foluamhain uasa innibh agus uasa anáil....

Ní cosúil gur choincheap neamhghnách é sa litríocht go mbeadh ‘éan gaile’ ag éirí amach as laoch agus ag foluain os a chionn; is é sin éan de shaghas éigin ar éan 'gaisce' é, nó b’fhéidir éan ceo nó éan deataigh a d’fheictí nuair a bhíodh gaiscíoch ar buile.


Is éard is ‘én gaile,’ ann dar le DIL, ‘bird of valour, a phenomenon supposed to accompany the martial fury of heroes (cf. O. Ir. lúan láith).’ Tugann siad samplaí eile. Tá an ceann seo le fáil in Imeachta Aeniasa, an t‑aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar Aeneid Virgilius am éigin sa cheathrú haois déag (aistriúchán cruinn ach ciorraithe é) agus atá le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta. Tá Tuirnd (Turnus) tar éis Paill (Pallas) a mharú. Nuair a chloiseann Aenias an scéal tá olc air.

In tan tra rochuala Aenias in sgel sin, doeirigh a bruth 7 a brig and, 7 a fherg 7 a gal curudh, 7 adraig a en gaile co mbai for luamain uasa cind. Ba ferg nathrach ferg Aenias in tan sin....

Ba mhaith liom a chur i gcás – is é sin is píosa fantaisíochta de chuidse é ‑ gur deilbh den éan gaile atá ar bharr an chlogaid sin thuas a fuarthas in Ciumesti sa Rómáin sa bhliain 1961; agus gur chuid é den trealamh scanraithe a chleachtadh na Gaeil agus iad i mbun cogaíochta, mar aon le buabhaill, screadach, béicíl, agus gleo coitinn. Tá hinsí ar na sciatháin sa chaoi is go mbidís ag bogadh suas síos agus an gaiscíoch ag treabhadh roimhe is ag déanamh creiche. Deirtear gur fiach dubh é an t‑éan.

4 comments:

  1. Tá dealramh leis an fantaisíocht. Dar ndóigh, éin creiche is ea an fiach dubh freisin. Gnáthóir blár catha.

    ReplyDelete
  2. Is féidir go bhfuil an ceart agat. Seo smaoineamh eile le dul leis sin: tá
    scoláirí ann a chreideann go bhfuil ceangal idir íomhánna de dhaoine a bhfuil éan ar a gceann agus “eitilt an spioraid”. Is léir ón sliocht seo in Fled Dúin na nGéd go raibh Congal as a mheabhair - go raibh sé ina bheirseircear - nuair a bhí a éan gaile os a chionn:

    Ro érig didiu ina sheasam & ro gab a gaiscead fair & ro érig a bruth míled & a én gaile for folúamain úasa & ní tharat aichne for charait ná for nemcharait in tan sin.

    ní tharat aichne for = níor thug sé aithne ar

    ReplyDelete
  3. N'fheadar an bhfuil nasc idir sin agus an nath Gearmánach "Du hast 'nen Vögel" a chuireann in iúl go bhfuil duine ar mire?

    ReplyDelete
  4. Tá sin uile an-spéisiúil, a chairde, go raibh maith agaibh. Duine ag dul ar mire, go háirithe le linn troda. An bhfuil aon bhunús leis an nath mar sin, go hoibiachtúil? An raibh feiniméan inbhraite ann, is é sin inbhraite nó infheicthe ag daoine nach mbeadh ar mire iad féin?

    ReplyDelete